Skip to main content

Tá sé in am gealltanas a chomhlíonadh agus cinnteacht a chur ar fáil do thuismitheoirí agus daltaí i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8

Agóid lasmuigh de Theach Laighean ag daltaí ó chúig Ghaelscoil le héileamh ar an Aire Oideachais mórphlean agus amlíne d'fhorbairt an foirgnimh do Ghaelcholáiste Synge a chur ar fáil gan a thuilleadh moille

Grianghraif

Bhí breis is 100 dalta ó chúig Ghaelscoil, atá lonnaithe sa cheantar scoile Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8, ag léirsiú inniu, Dé Céadaoin, 4 Feabhra, ag Teach Laighean le héileamh ar an Aire Oideachais Hildegarde Naughton an gealltanas ón Iar-Aire Helen McEntee i mí Iúil le hamlíne agus le híomhánna a chur ar fail d’fhorbairt fisiciúil Gaelcholáiste Synge gan a thuilleadh moille.

Dúirt Cristín Ní Chairealláin, Príomhoide Gaelscoil Eoin:

“Cé go bhfuil muid an-sásta le ceapacháin an Príomhoide Tánaisteach agus dul chun cinn forbairt foirne Gaelcholáiste Synge, táimid an-bhuartha go bhfuil an Roinn Oideachais ag cur an Ghaelcholáiste i mbaol toisc nach bhfuil mórphlean, amlíne agus íomhánna fíorúla ann d'fhorbairt foirgneamh an Ghaelcholáiste fós. Tuigeann muid go mbeidh céimeanna i gceist leis an bhfoirgneamh a fhorbairt ach níl aon eolas nó amlíne curtha ar fáil ar na céimeanna sin. Conas gur féidir linn muinín tuismitheoirí a spreagadh sa Ghaelcholáiste nua seo mura bhfuil sé soiléir conas a fhorbrófar an Ghaelcholáiste ina mbeidh a bpáistí ag dul ann. Ná déan dearmad go bhfuil forbairt an Ghaelcholáiste seo mar chuid d’aistriú idir CBS Synge Street agus Gaelcholáiste Synge ar an suíomh céanna. Is iomaí ceist agus buairt atá ag ár dtuismitheoirí agus ár ndaltaí ar conas a oibreoidh seo nuair atá an dá cohort dalta le coinneáil scartha óna chéile le bheith cothrom do na daltaí ar fad agus le cinntiú go mbeidh an tumoideachas iomlán ar fáil do dhaltaí an Ghaelcholáiste.“

Dúirt Louisa Ní Éideáin, tuismitheoir le páiste i mBunscoil Synge:

Bhí áthas agus faoiseamh ar go leor tuismitheoirí nuair a chuir an Roinn Oideachais in iúl dár bhfeachtas le Gaelcholáiste a bhunú inár gceantar go raibh Bainisteoir Tionscadail ceaptha ag an Roinn Oideachais le gníomhú ar an nGaelcholáiste a fhorbairt. Shíl muid go mbeadh an méid geallta ag an iar-Aire Oideachais comhlíonta agus go mbeadh amlíne curtha le chéile leis an scoil a fhorbairt. Bhí, áfach, idir díomá agus fearg ar na tuismitheoirí nuair a fuair muid amach nach bhfuil an Bainisteoir Tionscadail ceaptha ach le tabhairt faoi obair obair bheag díreach le héascú don Ghaelcholáiste tosú i mí Meán Fómhair 2026. Ón méid a thuigeann muid níl an Roinn Oideachais ag cur mórphlean, amlíne nó íomhánna fíorúla le chéile faoi láthair d'fhorbairt foirgneamh an Ghaelcholáiste.

 

Tá forbairt an Ghaelcholáiste seo luaite ag an Roinn Oideachais mar eiseamláir nua d’fhás na Gaelscolaíochta amach anseo. Tá sé luaite ag an Roinn agus ag an Aire i dtuairiscí agus ráitis go minic le bliain anuas mar chur chuige nua don earnáil. Ach is é fírinne an scéal go bhfuil gach cuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh iarrachta seo a dhéanamh gan a bheith cothrom dár bpáistí, agus do pháistí ó scoileanna eile a fhreastalóidh ar an nGaelcholáiste, agus infheistíocht ceart a dhéanamh san fhoirgneamh. Ní gá ach breathnú ar an infheistíocht iontach a rinne an Roinn Oideachais san fhoirgneamh Educate Together ag Ardán Fhearchair leis an t-idirdhealú atá ar siúl ag an Roinn Oideachais a fheiceáil.

 

Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton an méad a gealladh dúinn a chur i gcríoch le muinín a spreagadh i dtuismitheoirí agus daltaí chun clárú i nGaelcholáiste Synge. Chuige sin tá gá go gcuirfidh an Roinn Oideachais mórphlean, amlíne agus íomhánna fíorúla d’fhorbairt foirgneamh Ghaelcholáiste Synge ar fáil do thuismitheoirí go práinneach.”

TEAGMHÁIL le hagallamh a shocrú nó le breis eolais a lorg:

Julian de Spáinn

Cathaoirleach Coiste Tuismitheoirí an Fheachtais Gaelcholáiste 2,4,6,8 i mBÁC

086 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.