Skip to main content

‘A Ghaeilge - mo cheol thú ’- An Ghaeilge agus an Ceol ag teacht le chéile le hAmbasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2026

Conor Curley agus Róisín Seoighe ainmnithe mar ambasadóirí #SnaG26

Grianghraif

Tá ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2026 fógartha go hoifigiúil: Conor Curley, príomhghiotáraí le Fontaines D.C., agus Róisín Seoighe, amhránaí sean-nóis agus príomhamhránaí IMLÉ. Rinneadh an fógra níos luaithe inniu ag seoladh meán a reáchtáladh in Ionad Ché an Adhmaid. 

 

Tá an ceol i lár an aonaigh ag Seachtain na Gaeilge 2026 agus déanann téama na bliana seo, “A Ghaeilge, mo cheol thú”, céiliúradh ar an nasc domhain agus buan idir an teanga agus an ceol.

 

Ag ócáid an lae inniu, ghlac na hambasadóirí páirt i bpainéal beo le hEmma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá. Labhair Conor Curley agus Róisín Seoighe go hoscailte faoina gcuid ceangail phearsanta leis an nGaeilge, an tionchar a bhíonn aici ar a guid ceoil, agus an dóigh a bhfuil sé ar intinn acu an Ghaeilge a úsáid le linn na féile agus ina dhiaidh.  Le chéile, léiríonn siad guthanna iomadúla na Gaeilge - ag cruthú go bhfuil áit ag an teanga do chách, bíodh tú líofa, ag foghlaim nó ag tosú amach. 

 

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: 

“ Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh bheirt cheoltóirí den scoth mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2026. Tugann Conor agus Róisín dearcadh uathúil ar an Ghaeilge tríd an cheol. Le linn na féile, spreagfaidh siad daoine ar fud na tíre agus níos faide i gcéin chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí nua agus cruthaitheacha. Is deis í Seachtain na Gaeilge do gach duine an teanga a úsáid - ó chainteoirí dúchais go dtí iad siúd atá díreach ag tosú amach.” 

 

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh inniu:

“ Agus Seachtain na Gaeilge 2026 ag druidim linn, tá lúcháir orainn Conor Curley agus Róisín Seoighe a fhógairt mar ambasadóirí na féile i mbliana. Léiríonn téama na bliana seo, A Ghaeilge, mo cheol thú, an gaol cumhachtach idir an Ghaeilge agus an ceol. Le Róisín mar chainteoir dúchais agus Conor mar fhoghlaimeoir - cuimsíonn siad dhá thuras ar leith leis an nGaeilge, ag cruthú go bhfuil an Gaeilge beo, ag forbairt, agus ann do chách. ”

 

Reáchtálfar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie .

 

Tá Seachtain na Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. Tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Ciste Spreagthga le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. 

 

Ar Líne

 X: @SnaGaeilge

Instagram: @snagaeilge

#SnaG25 

TEAGMHÁLAITHE

Connlaith Ní Raifeartaigh

Bainisteoir Feachtais Feasachta & Seachtain na Gaeilge 

+44 7703 601 273 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

66 Sráid Camden, BÁC2 

 

Kate Ní Dhúbhlaoich,

Feidhmeannach Cumarsáide 

+353 87 389 8255 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

66 Sráid Camden, BÁC2

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.