Skip to main content

Stádas Oifigiúil don Ghaeilge curtha i bhfeidhm go hoifigiúil sa dlí inniu in Westminster agus cumhachtaí an Choimisinéara Gaeilge tosaithe faoi dheireadh

Chuir Rúnaí Stáit na Breataine ordú um thosach feidhme os comhair Theach na dTeachtaí in Westminster inniu mar a bhain le forálacha Gaeilge san Acht Féiniúlachta agus Teanga 2022

 

Ón lá inniu ar aghaidh beidh feidhm dhlíthiúil le forálacha don Ghaeilge san Acht Féiniúlacha agus Teanga. Chuir Rúnaí Stáit na Breataine Hilary Benn ordú um thosach feidhme os comhair Theach na dTeachtaí inniu mar ráiteas scríofa. Cuireann an t-ordú um thosach feidhme sin tús le príomh-fhorálacha an Achta Teanga 2022 mar a bhaineann le Stádas dlíthiúil na Gaeilge ó thuaidh agus mar a bhaineann le cumhachtaí agus le feidhmeanna an Choimisinéara Gaeilge, a ceapadh roimh an Nollaig. Dhearbhaigh an Rúnaí Stáit seo i litir chuig Conradh na Gaeilge tráthnóna inniu agus tá cóip den ráiteas scríofa ar fáil anois i dtaifead Theach na dTeachtaí. (Naisc ag bun an ráitis seo).

 

I measc na bhforálacha ar cuireadh tús feidhme leo inniu, luaitear 78J, a bhaineann le stádas oifigiúil na Gaeilge; 78L a bhaineann le feidhmeanna an Choimisinéara agus dearadh na gcaighdeán dea-chleachtas; 78M / 78N maidir le hullmhú agus forbairt na gcaighdeán dea-chleachtas; 78Q maidir leis na húdaráis phoiblí a thiteann faoi scóp an Choimisinéara. Bhí Alt 78K tosaithe roimhe seo, rud a chinntigh ceapachán an Choimisinéara. 

 

Beidh sé de dhualgas ar an Choimisinéir Gaeilge caighdeáin teanga ‘dea-chleachtais’ a ullmhú a threoraíonn cur chun cinn na Gaeilge in achan údarás poiblí ó thuaidh, de réir Sceideal 3 d’Acht an Ombudsman um Sheirbhísí Poiblí TÉ (2016). Mar chuid de na caighdeáin teanga seo, beidh sraith polasaithe dea-chleachtais maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, oiliúint foirne agus eile. Beidh sé faoin Choimisinéir nua na caighdeáin teanga sin a dhréachtú, ach beidh sé faoin Chéad-Aire agus faoin Leas-Chéad Aire iad a cheadú. Sa chás nach mbíonn na hAirí sin ar aon ghuth maidir leis na caighdeáin teanga, nó sa chás nach bhfuil an Feidhmeannas ann, bronann an tAcht úr cumhachtaí ar Rúnaí Stáit na Breataine na caighdeáin sin a cheadú díreach.

 

Sa bhreis ar na feidhmeanna sin, leagtar amach sa reachtaíocht go bhfuil feidhmeanna ag an Choimisinéir Gaeilge ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhair d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’ (Féach Alt 78L(3)). De réir na reachtaíochta, is faoin Choimisinéir amháin a bheas sé an fheidhm sin a chur i gcrích, ach níl ‘comhthoil ón Chéad agus ón Leas-Chéad Aire’ de dhíth don fheidhm sin, faoi mar atá do chomhaontú na gcaighdeán teanga.

 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge:

 

Níl aon amhras ach gur clochmhíle stairiúil eile í seo agus forálacha tosaithe inniu a aithníonn stádas na Gaeilge ó thuaidh go foirmiúil sa dlí. Don chéad uair riamh, tá aitheantas oifigiúil agus dlíthiúil don Ghaeilge i bhfeidhm sa dlí. Is toradh é sin uilig ar ghníomh agus ar fheachtasaíocht phobal na Gaeilge a d’éiligh cearta, cothromas agus cóir riamh anall. Níl anseo ach an tús.”

 

“Cuireann muid fáilte ar leith fosta roimh na forálacha a cuireadh i bhfeidhm inniu mar a bhaineann le cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisinéara Gaeilge. Tugann na forálacha seo cumhacht don Choimisinéir na caighdeáin dea-chleachtais don Ghaeilge a fhorbairt agus a fhoilsiú. Beidh na caighdeáin sin le cur i bhfeidhm ag achan uile cheann de bhreis agus 100 údarás poiblí ó thuaidh san am atá romhainn. Mar chuid de na feidhmeanna sin tá Alt 78L(3) curtha i bhfeidhm inniu a thugann cumhacht mhór don Choimisinéir ‘comhairle, tacaíocht agus treoir’ a thabhairt d’údaráis phoiblí sa bhreis ar na caighdeáin teanga, feidhm nach bhfuil comhthoil ón Chéad agus an Leas-Chéad Aire ceangailte leis.”

 

“Is dul chun cinn ollmhór é seo uilig maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh agus tágann sé ag am iontach tráthúil agus an Ghaeilge luaite le sraith chásanna cúirte ó thuaidh faoi láthair. Tá muid ag súil anois go mbeidh an Coimisinéir nua, lena chumhachtaí agus feidhmeanna anois i bhfeidhm sa dlí, in áit láidir chun treoir agus comhairle a chur ar fáil d’Airí a bhaineann leis na cásanna cúirte sin, agus an treoir agus an chomhairle sin a chur i láthair na cúirte. Cuirfidh treoir reachtúil an Choimisinéara anois eolas suntasach os comhair na cúirte, go háirithe mar a bhaineann siad le ceist na comharthaíochta dátheangaí agus leis an Straitéis 20 Bliain den Ghaeilge atá á forbairt faoi láthair ag an Aire Pobal Gordon Lyons.”

 

X: @CnaG 

Instagram: @cnagaeilge

 

TEAGMHÁIL

 

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Uachtarán, Conradh na Gaeilge

+44 7545 293841 

 

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.   

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is féiir teacht ar ráiteas scríofa Rúnaí Stáit na Breataine a cuireadh síos in Westminster inniu anseo:

 https://commonsbusiness.parliament.uk/Document/101915/Pdf?subType=Standard 

 

Is féidir teacht ar an bhun-reachtaíocht de chuid an Achta Féiniúlachta agus Teanga (2022) anseo: https://www.legislation.gov.uk/ukpga/2022/45#p00544 

 

“78J: Recognition of the status of the Irish language

(1)The purpose of this Part is to provide official recognition of the status of the Irish language in Northern Ireland…

 

“78L(3): The Commissioner may provide advice, support and guidance to public authorities in relation to the use of the Irish language…”

 

Is féidir teacht ar liosta iomlán na n-údáras poiblí a thágann faoi choimirce an Achta agus faoi thionchar chaighdeáin teanga an Choimisinéara Gaeilge anseo, de réir sceideal 3 d’Acht an Ombudsman um Sheirbhísí Poiblí TÉ (2016):

https://www.legislation.gov.uk/nia/2016/4/schedule/3  

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.