Skip to main content

Uaillmhian le feiceáil i gcuid den Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil ón earnaíl phoiblí ach ceisteanna mhóra faoi mhaoiniú gníomhartha an phlean, amlíne an phlean, an ról an-bheag atá luaite sa phlean

Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge inniu faoin bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, ag tabhairt le fios go bhfuil baol ann go gcuirfidh easnaimh thábhachtacha – go háirithe sa chóras oideachais – isteach ar sprioc reachtúil an Rialtais go mbeidh 20% de Státseirbhísigh inniúil sa Ghaeilge faoi 2030,  chun fórálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a bhaint amach.

 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: 

 

“Cuirimid fáilte roimh fhoilsiú an Phlean Gníomhaíochta faoi dheireadh, agus is rud dearfach é go bhfuil uaillmhian luaite i gcuid de na spriocanna a bhaineann leis an státchóras le seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Mar sin féin, ní bhainfidh uaillmhian amháin na spriocanna atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 amach. Gan cur chuige soiléir, comhtháite agus an maoiniú cuí beidh sé deacair ar an Stát na spriocanna céanna a bhaint amach.”

 

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn: 

 

“Is maith é go bhfuil go leor tacaíochtaí, deiseanna oiliúna agus struchtúir nua san áireamh sa phlean leis an bhfoireann reatha san earnáil phoiblí a chumasú le seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge don phobal. Tá, áfach, go leor gníomhaíochtaí sa phlean ag brath ar Staidéir Fhéidearthachta agus tá ceist ann cén amlíne a bheidh ann sula chuirfear iad seo i gcríoch agus go bhfeidhmeofar ar na moltaí a bheidh iontu. Chomh maith leis sin, tá cuma ar an scéal nach bhfuil gníomhartha uaillmhianacha intomhaise leagtha amach don Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Ardoideachas go háirithe leis an gcóras oideachais a alíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach le cinntiú go mbeidh a dhóthain daoine ann amach anseo leis an inniúlacht cuí chun seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge.“

 

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinnithe leis an gCoiste Comhairleach, a bhí i mbun an phlean gníomhartha a chur le chéile, le soiléiriú a lorg ar roinnt de na gníomhartha, an amlíne den chur i bhfeidhm agus le moltaí a dhéanamh ar na heasnaimh atá sa phlean. 

 

Meáin Shóisialta: X - @CnaG / Instagram - @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.