Léiríonn an Tuarascáil easpa tola ó Roinn na Gaeltachta chun an Gaeilge a chosaint mar theanga phobail
Léirítear i bhfoilsiú an athbhreithnithe neamhspleách ó Bharr Feabhas go bhfuil easpa ceannaireachta, práinne agus toil pholaitiúil le sonrú ag an Rialtas maidir le feidhmniú an Phróisis Pleanála Teanga. Tar éis beagnach dhá bhliain do mhoill, deimhníonn an t-athbhreithniú go fágtar pobail agus eagraíochtaí áitiúla freagrach as pleananna teanga uaillmhianacha a chur i gcrích gan an t-údarás, na hacmhainní ná an tacaíocht a theastaíonn chun go n-éireoidh leo. Cáineann Conradh na Gaeilge na heasnaimh san athbhreithniú seo nach ndéileálann go sonrach le dul chun cinn na ngníomhaíochtaí pleanála teanga sna Limisitéir Pleanála Teanga féin – bearta a bhí aontaithe leis na pobail agus na Pleananna á scríobh.
Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, tá freagracht ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmniú na bPleananna Teanga, agus tuigeadh go mbeadh sin ag tarlú tar éis Bliain a 3 agus Bliain a 6 don gcur i feidhm. Tá moltaí ardleibhéil praiticiúla curtha chun cinn ag Barr Feabhais maidir leis an gcóras pleanála teanga trí chéile sa Tuarascáil, ach bhí formhór acu diúltaithe ag Roinn na Gaeltachta sara bhfoilsíodh an t-athbhreithniú go poiblí. Ardaíonn an t-athbhreithniú seo agus an cur chuige seo níos mó ceisteanna ná mar a fhreagraíonn sé maidir le cur i bhfeidhm, monatóireacht agus todhchaí an Phróisis Pleanála Teanga trí chéile.
Fáiltíonn an Conradh roimh mholtaí ar nós go mbeadh tuarastal ar scála na Státseirbhíseach ag leibhéal an Ardoifigigh úsáidte don Oifigeach Pleanála Teanga, breis foirne earcaithe agus gur chóir go mbeidh gníomhú déanta ar cheisteanna tithíochta sa Ghaeltacht. Faraor, ó “fhreagraí na Roinne” a seoladh ag an am céanna leis an athbhreithniú mall seo, tá neamhchinnteacht ann maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Stát ina thaobh. Mar a scríobhadh seo sa Tuarascáil: “ní fiú don Roinn an t-athbhreithniú seo a choimisiúnú gan gníomhú ar na moltaí”.
Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast:
“Nílimid pioc níos gaire do chóras monatóireachta a bheith i bhfearas don bPróiseas Pleanála Teanga, rud a chuireann díoma agus lagmhisneach ar go leor Oifigigh Phleanála Teanga agus pobail Ghaeltachta. Is ag brath ar an Státchóras, ar Roinn na Gaeltachta, agus ar an “mbarr anuas” a bhíonn na hiarrachtaí pleanála teanga seo ar fad, agus muna dtabharfar aghaidh ionraic ar na dúshláin atá roimis fheidhmniú éifeachtach na pleanála teanga, ní bheidh i ndán di ach teip. Caithfear gníomhú ar son na Gaeltachta, agus fís straistéiseach a chur le chéile don bPróiseas seo, an t-athbhreithniú san áireamh.
Táimid ag éileamh ar an Rialtas chomh maith dul siar agus glacadh le cuid de na moltaí a bhí san áireamh san athbhreithniú neamhspleách ó Bharr Feabhais, ar nós na moltaí a bhaineann le tuarastail na nOifigeach Pleanála Teanga, an fhoireann a cheart go mbeadh ag gach Limistéir Pleanála Teanga, na tacaíochtaí gur chóir a bheith curtha ar fáil do thithíocht sa Ghaeltacht, agus eile.”
Ag labhairt faoin athbhreithniú, dúirt Oifigeach Pleanála Teanga d'Iarthuaisceart Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, Dónall Ó Cnáimhsí:
“Ní athbhreithniú ar ár gcuid oibre a bhí san Athbhreithniú seo. Pléadh go leor rudaí nár bhain le hábhar, agus anois tá go leor ceisteanna le freagairt ag Roinn na Gaeltachta. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh athbhreithniú neamhspleách ann, mar a d’éiligh muid, ach ní hé seo é. Tá géarghá anois níos mó ná riamh an próiseas athbhreithnithe a dhéanamh amach i gceart.”
Impíonn Conradh na Gaeilge ar Roinn na Gaeltachta gníomhaíochtaí céimniúla córasacha a chur i bhfeidhm anois chun córas athbhreithnithe sásúil a chruthú don bPróiseas Pleanála Teanga, agus ceannaireacht a léiriú don obair. Caithfear féachaint chun tosaigh agus beart de réir briathair a dhéanamh, chun comhordú éifeachtach, cuimsitheach agus comhtháite a dhéanamh le cinntiú nach dteipfidh ar an múnla pleanála teanga atá á bhainistiú acu.
Meáin Shóisialta: X - @CnaG / Instagram - @cnagaeilge
