Skip to main content

Ard-Fheis 2011: Ról an Dá Rialtas Nua

Labhróidh an t-iriseoir clúiteach Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times, agus Niall Comer, Uachtarán ar Chomhaltas Uladh de chuid Chonradh na Gaeilge, ar an ról atá ag an dá rialtas ó thuaidh agus ó dheas maidir le cur chun cinn na Gaeilge ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 san Óstán Killashee, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara ag 9.00in oíche Aoine, 01 Aibreán 2011.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus eagraíocht uile-oileánda é Conradh na Gaeilge; creideann muid go bhfuil sé riachtanach go mbeadh béim láidir ar an teanga i gclár an dá rialtas - thuaidh agus theas - ionas go bhfuil ról gníomhach, comhordaithe ag na rialtais sa phleanáil fadtéarmach don Ghaeilge ar fud na tíre ina hiomláine."

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ní hamháin gur ghlac an Rialtas ó dheas leis an moladh go mba chóir go mbeadh pleanáil don Ghaeilge á dhéanamh sa phobal de réir contae ins An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030, ach oiriúnach go maith, tá Conradh na Gaeilge tar éis tús a chur leis an obair seo i gCo. Chill Dara i bpáirt le Glór na nGael agus Comhluadar cheana féin, agus tá súil againn go gcuirfidh an Rialtas nua agus Feidhmeannas Stormont na hacmhainní cuí ar fáil leis seo a leathnú do chontaetha eile ar fud na tíre."

Déanfar plé ar a bhfuil sa chlár rialtas nua-aontaithe ag Fine Gael le Páirtí an Lucht Oibre sna 26 Chontae mar chuid d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, mar aon leis an méid a gheall siad sna forógraí s'acu roimh an olltoghchán ar an 25 Feabhra 2011, le béim ar leith ar chúrsaí oideachais agus an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste. Pléifear freisin an géarghá atá ann le straitéis Gaeilge sna 6 Chontae atá ar a laghad chomh cuimsitheach leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, chomh maith le hacht Gaeilge don Tuaisceart le cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge ó thuaidh a chumhdaigh agus a chosaint.

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 san Óstán Killashee, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara ón 1 - 3 Aibreán 2011 agus tá gach eolas faoi Ard-Fheis na bliana seo le fáil ar-líne ag https://cnag.ie/index.php?page=feachtais&campaign_id=24 nó ag https://cnag.ie/index.php?page=calendar&action=view&calendar_id=162. Seamie Moore, Méara Baile Nás na Ríogh, a osclóidh an Ard-Fheis go hoifigiúil ar an Aoine ag 9.00in agus tá fáilte roimh chách freastal ar Chaint na hArd-Fheise ón iriseoir Harry McGee agus Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de chuid Chonradh na Gaeilge mar chuid d'imeachtaí na hoíche dá éis.

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2011 AR-LÍNE:
Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 á chraoladh beo ar-líne ag http://www.ustream.tv/channel/ard-fheis-chonradh-na-gaeilge-2011 d'éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar Twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 san Óstán Killashee, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara ón 01 - 03 Aibreán 2011 agus tá buíochas mór ag dul do Chraobh Ghlór na Ríogh as clár na hArd-Fheise 2011 seo a eagrú linn. www.cnag.ie

CLÁR ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2011:
Dé hAoine, 1 Aibreán 2011
20:00 Amhráin ó Chór Ghaelscoil Nás na Ríogh
20:30 Caint fháiltithe an Uachtaráin
- Gnó na hArd-Fheise
21:00 Oscailt Oifigiúil na hArd-Fheise
- ag Seamie Moore, Méara Baile Nás na Ríogh
21:10 Caint na hArd-Fheise: Na Rialtais Nua agus An Ghaeilge
- Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Times
- Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh
22:15 Fáiltiú
- le grúpaí ceoil ó Ghaelcholáiste Chill Dara

Dé Sathairn, 2 Aibreán 2011
10:00 Na Cuntais Airgid
10:15 Na Rúin: An Eagraíocht
11:00 Ceardlann damhsa le Ríonach Ní Néill i nGaelscoil Nás na Ríogh
- eagraithe ag Ógras do pháistí 8+ mbliana d'aois
11.15 Na Rúin: Reachtaíocht agus Straitéisí
12.15 Aitheasc an Uachtaráin
12.45 Toghchán don Uachtaránacht
13:00 Lón
14:00 An tEolaí Craiceáilte i nGaelscoil Nás na Ríogh
- eagraithe ag Comhluadar do thuismitheoirí agus leanaí
14:00 Ionad Buail Isteach Teicneolaíochta agus Cumarsáide
15.00 Na Rúin: Timireacht
15.45 Tuairisc ó na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha
16.15 Toghchán an Choiste Gnó agus Sheachtain na Gaeilge
- le tae agus caife
16.45 Cur i láthair ar Ard-Fheis 2012
- le Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse
16.50 Na Rúin: Eile
17:30 Clár gnó críochnaithe
19.30 Fáiltiú roimh dhinnéar
- urraithe ag Dáil na Mumhan
20:00 Dinnéar na hArd-Fheise
22:00 Club na hArd-Fheise
- le Sult, grúpa ceoil traidisiúnta áitiúil

Dé Domhnaigh, 3 Aibreán 2011
11:00r.n. Aifreann na hArd-Fheise, Séipéal an Pharóiste, Bóthar na Sollán
12:30i.n. Turas bus
- le Liam Kenny ó Ghrúpa Staire Áitiúil Nás na Ríogh

Tá buíochas mór ag dul do Chraobh Ghlór na Ríogh as an gclár seo a eagrú linn.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.