Skip to main content

An chéad chruinniú oifigiúil ag Conradh na Gaeilge leis an Choimisinéir Gaeilge nua-cheaptha ó thuaidh

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

 

“Tá pobal na Gaeilge ag troid agus ag feachtasaíocht le haghaidh chearta teanga ó thuaidh le blianta fada. Dúirt muid go minic ar na mallaibh gur céim shuntasach eile ar an aistear sin i dtreo chearta do phobal na Gaeilge is ea ceapadh an Coimisinéara. Bhí deis againn inniu, don chéad uair, bualadh leis an Choimisinéir nua, fáilte a chur roimhe ina ról úr agus na mór-cheisteanna atá romhainn mar phobal teanga a phlé leis.”

 

“Níl aon amhras, áfach, go bhfuil deacracht mhór le sárú láithreach, agus feidhmeanna an Choimisinéara fós ar lár. Titeann sé anois ar Stát-Rúnaí na Breataine na horduithe um thosach feidhme a chur os comhair na Parlaiminte in Westminster chun gur féidir leis an Choimisinéir dul i mbun a chuid dualgas mar is ceart. Scríobh an Conradh chuig an NIO an tseachain seo caite le hiarratas go ndéanfaidh Hilary Benn seo go práinneach.”

 

“Fágann sin go bhfuil ceist ann, in éagmais na bhfeidhmeanna sin, maidir le ról an Choimisinéara sa chás cúirte maidir leis an chomharthaíocht ag an Stáisiún Traenach ag Cros na bhFíodóirí i mBéal Feirste. Cibé bealach a thiteann sé amach, tá comhairle láidir, thábhachtach ag an Choimisinéir Gaeilge nua ar an cheist áirithe sin, agus cuideoidh sé go mór leis an Bhreitheamh an chomhairle sin a léamh. Mar idirghábhalaí oifigiúil sa chás anois, beidh Conradh na Gaeilge ag iarraidh theacht ar bhealach chun an tuairim sin a chur i láthair na hard-chúirte.”

 

“Idir an dá linn, tá neart ceisteanna atá le socrú againn, ceisteanna a cuireadh ar leataobh idir 2020 agus 2025, sa tréimhse sin nuair a chéad foilsíodh an reachtaíocht úr agus nuair a bhí ceapachán an Choimisinéara fós idir dhá cheann na meá. Dúirt neart, neart Airí, Rannaí Stáit, údaráis phoiblí, ollscoileanna agus eile linn nach raibh siad chun aon bheartas a thabhairt isteach don Ghaeilge sular ceapadh an Coimisinéir úr. Anois tá an Coimisinéir ann, agus tugann an reachtaíocht feidhm don Choimisinéir comhairle, treoir agus tacaíocht a thabhairt do na heagrais sin uilig maidir le húsáid na Gaeilge, idir seirbhísí, polasaithe, comharthaíocht agus eile.”

 

“Thar aon rud eile, is é bun-sprioc na reachtaíochta an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Caithfidh an pobal difear suntasach a fheiceáil sa dóigh a mbíonn an stát ó thuaidh, stát a bhí naimhdeach agus leatromach don teanga riamh anall, ag plé leis an teanga agus leis an phobal. Sin an scrúdú mór an Achta úir, agus sin dúshlán mór an Choimisinéara nua. Le toil agus tiomántas, níl aon amhras orainn ach gur féidir linn an t-athrú sin a bhaint amach.”



Screenshot_2025-12-08_at_21.56.50.png

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.