Glac páirt sa chómhrá domhanda ar líne ó 1-5 Nollaig!
Tá Conradh na Gaeilge agus Fondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada (ICUF) ag teacht le chéile arís le haghaidh #TrasnaNadTonnta, feachtas idirnáisiúnta ar líne a cheiliúrann agus a nascann cainteoirí Gaeilge ar fud an domhain. Beidh imeacht na bliana seo ar siúl ón 1–5 Nollaig agus geallann sé ceiliúradh bríomhar, Nollaigiúil, domhanda ar an nGaeilge agus ar phobal na Gaeilge.
Spreagann an feachtas daoine ar fud an domhain chun a gcuid Gaeilge a roinnt ar na meáin shóisialta, páirt a ghlacadh in imeachtaí idirghníomhacha, agus nascadh le daoine eile a bhfuil paisean acu don teanga. Tá fás ollmhór tagtha ar an bhfeachtas le blianta beaga anuas, le breis agus 275 duine thar 4 mhór-roinn páirteach anuraidh. Arís i mbliana glacfar pobail le chéile ar gach mór-roinn agus cuirfear spás fáilteach ar fáil do chainteoirí de gach leibhéal.
Táimid ag tabhairt cuireadh do dhaoine i ngach áit páirt a ghlacadh in sna himeachtaí ar líne i rith na seachtaine, agus fosta trínar gcomórtas Instagram! Táimid ag iarr ar dhaoine físeán nó graingraf a phostáil ag taisepáint an áit ar an domhan ina bhfuil siad, leis na focail “Nollaig Shona ó (áit/ tír)” a rá (i bhfíseán) nó a scríobh (faoi ghriangraf), agus clibeáil a dhéanamh ar chuntas @Snagaeilge, cuntas @trasnanadtonnta agus haisclib #TrasnaNadTonnta a úsáid. Beidh dearbhán ar luach €300 ar fáil don fhíseán is fearr, agus dearbhán ar luach €250 don ghrianghraf is fearr! Coinnigh súil ar leathanach Instagram @Snagaeilge le haghaidh tuilleadh eolais. Léiríonn an feachtas an méadú atá tagtha ar phobal domhanda na Gaeilge agus an tábhacht a bhaineann leis an teanga a cheiliúradh le chéile.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Léiríonn Trasna na dTonnta cumhacht phobal domhanda na Gaeilge. Gach bliain feicimid na mílte duine, ó thosaitheoirí go cainteoirí líofa, ag teacht le chéile chun ár dteanga a cheiliúradh ar bhealach lúcháireach, fáilteach. Molaim go mór na grúpaí fud fad an oileáin agus an domhain a bhíonn ag plé le cur chun cinn na Gaeilge gach aon lá.”
Dúirt James Kelly Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, ICUF:
“Tá lúcháir ar an ICUF a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge do Thrasna na dTonnta arís i mbliana. Tá tacú leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach ar fud an domhain i gcroílár ár misean, agus léiríonn an feachtas seo cad is féidir a bhaint amach nuair a thagann pobail le chéile ar líne. Táimid ag tnúth go mór le ceiliúradh iontach eile i mbliana.”
Ag labhairt faoin bhfeachtas, dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, Conradh na Gaeilge:
“Táimid ar bís nasc a dhéanamh le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge ar fud an domhain um Nollaig i mbliana. Tugann Trasna na dTonnta deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid cibé áit ar domhan a bhfuil siad. Tá clár iontach imeachtaí ar líne againn le bheith ag súil leo arís i mbliana, le ceardlanna, comhráite, agus neart eile do dhaoine de gach leibhéal agus gach aois. Tá áthas orainn a bheith ag obair leis an ICUF arís - neartaíonn an chomhpháirtíocht seo na naisc dhomhanda laistigh de phobal na Gaeilge.”
Beidh an seoladh oifigiúil ar siúl inniu agus déanfar é a shruthú ar fud an domhain trí YouTube ar chuntas Sheachtain na Gaeilge ag 16.30. Beidh Mollie Guidera nó @IrishwithMollie mar bhean an tí ar an imeacht agus beidh sí ag tabhairt leideanna agus stór focal chun cabhrú le rannpháirtithe ullmhú don tseachtain. Beidh caint ó Dara Calleary, Aire na Gaeltachta agus ó Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
I rith na seachtaine, is féidir le rannpháirtithe taitneamh a bhaint as sceideal iontach imeachtaí, ina measc:
- Scéalaíocht speisialta do pháistí le Mamaí na Nollaig
- Ceardlann Logainmneacha leis an Dr. Lauren Ní Néill
- Ceardlann Liricí Kneecap le Cuisle Nic Liam
- Ceardlann Aireachais le Nuala Ní Scolláin
- Léacht Staire le Briain Ó Conchubhair
- Rang Gaeilge do Thosaitheoirí le Mollie Guidera
Fillfidh an Comhrá Leanúnach Dé Céadaoin, 3 Nollaig, agus beidh lá iomlán de chiorcail chomhrá ar Zoom ar siúl ó mhaidin go hoíche.
Is féidir leat clárú do na himeachtaí ar fad ag snag.ie/trasna
Maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
AR LÍNE: X @Snagaeilge / Instagram @Snagaeilge / #TrasnanadTonnta
TEAGMHÁIL:
Connlaith Ní Raifeartaigh, Bainisteoir Seachtain na Gaeilge
+447703601273 |
202 Bóthar na bhFál, BT12 6AH
Kate Ní Dhúbhlaoich, Feidhmeannach Cumarsáide
+353 87 389 8255 |
66 Sráid Camden, BÁC2
