Skip to main content

Feidhmeanna soiléire a thugann cumhacht don Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’, feidhmeanna nach mbaineann ‘comhthoil Airí’ leo

Feidhmeanna soiléire a thugann cumhacht don Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’, feidhmeanna nach mbaineann ‘comhthoil Airí’ leo

Pobal na Gaeilge ag súil le comhairle agus treoir láidir ón Choimisinéir Gaeilge úr ar mhór-éilimh Ghaeilge agus an Dr Pól Deeds ag toiseacht i mbun a chuid oibre inniu.

 

Tá an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh ag toiseacht ar a chuid oibre go hoifigiúil inniu, Déardaoin 20 Samhain 2025. Fógraíodh an mhí seo caite, Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair 2025 go bhfuil an Dr Pól Deeds ceaptha sa ról nua. 

 

Tá oifig an Choimisinéara Gaeilge mar bhun-éilimint den Acht Féiniúlachta agus Teanga a ritheadh in Westminster in Nollaig 2022. Tágann an tAcht sin mar thoradh ar an chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua a ghlac an Feidhmeannas ar ais le chéile in Eanáir 2020. 

 

Beidh sé de dhualgas ar an Choimisinéir Gaeilge caighdeáin teanga ‘dea-chleachtais’ a ullmhú a threoraíonn cur chun cinn na Gaeilge in achan údarás poiblí ó thuaidh, de réir Sceideal 3 d’Acht an Ombudsman um Sheirbhísí Poiblí TÉ (2016). Mar chuid de na caighdeáin teanga seo, beidh sraith polasaithe dea-chleachtais maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, oiliúint foirne agus eile. Beidh sé faoin Choimisinéir nua na caighdeáin teanga sin a dhréachtú, ach beidh sé faoin Chéad-Aire agus faoin Leas-Chéad Aire iad a cheadú. Sa chás nach mbíonn na hAirí sin ar aon ghuth maidir leis na caighdeáin teanga, nó sa chás nach bhfuil an Feidhmeannas ann, bronann an tAcht úr cumhachtaí ar Rúnaí Stáit na Breataine na caighdeáin sin a cheadú díreach.

 

Ach sa bhreis ar na feidhmeanna sin, leagtar amach sa reachtaíocht go bhfuil feidhmeanna ag an Choimisinéir Gaeilge ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhair d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’ (Féach Alt 78L(3)). De réir na reachtaíochta, is faoin Choimisinéir amháin a bheas sé an fheidhm sin a chur i gcrích, ach níl ‘comhthoil ón Chéad agus ón Leas-Chéad Aire’ de dhíth don fheidhm sin, faoi mar atá do chomhaontú na gcaighdeán teanga. 

 

Mar aon leis sin uilig, beidh dualgais ar an Choimisinéir Gaeilge aon ghearán ón phobal a fhiosrú maidir le teip aon cheann de na húdaráis phoiblí chun na caighdeáin teanga sin a chur i bhfeidhm. 

 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá breis agus leathchéad bliain d’fheachtasaíocht, d’eagrú pobail agus d’athghábháil teanga curtha i gcrích chun muid a thabhairt chomh fada leis an phointe seo go bhfuil Acht Gaeilge againn a thugann, d‘aineoinn na láigí soiléire, seasamh oifigiúil don Ghaeilge sa dlí ó thuaidh. Ní ceann scríbe í an reachtaíocht seo, agus cé nach gcomhlíonann sé an méid a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn, is clochmhíle shuntasach í. Níl aon amhras ann ach go bhfuil muid mar phobal ag tús aistir nua agus an Coimisinéir nua Gaeilge ag toiseacht ar a chuid oibre inniu. Tá cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisinéara Gaeilge leagtha amach go poiblí sa reachtaíocht ar a mbunaítear an oifig sin. Tá muid ag súil go mór le bheith ag plé láithreach leis an Choimisinéir úr agus lena cuid feidhmeanna sa reachtaíocht agus ionchais mhór againn mar phobal go mbainfear amach fríd an Oifig seo an comhionannas a gealladh dúinn thar na blianta. Tá neart cainte agus neart cáinte déanta maidir le ‘veto’ ag an Chéad / Leas-Chéad Aire ar na caighdeáin teanga, go mbeidh  ‘comhthoil’ de dhíth ón bheirt acu chun na caighdeáin sin a fhaomhadh. Tiocfaidh an scrúdú mór sin go luath agus moltaí an Choimisinéara i leith na gcaighdeán ullmhaithe aige.” 

 

“Idir an dá linn, tá feidhmeanna soiléire luaite i gcroí na reachtaíochta a thugann cumhacht don Choimisinéir Gaeilge ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’. Is feidhmeanna iad seo a luíonn leis an Choimisinéir Gaeilge amháin, gan aon ‘veto’ nó ‘comhthoil’ ó na hAirí luaite leo. Tríd na feidhmeanna sin, tá muid ag súil leis go mbeidh an Coimisinéir ábalta comhairle agus treoir a thabhairt d’aon údarás poiblí a bhfuil sé a leithéid de dhíth orthu, bíodh sin ar an Roinn Bonneagair ar cheist na comharthaíochta dátheangaí, ar Ollscoil na Banríona atá ag fanacht leis an chomhairle sin le fada an lá, nó le haon údarás poiblí atá ag plé le soláthar Gaeilge ach a bhfuil tacaíocht agus cuidiú de dhíth orthu. Dhéanfadh na feidhmeanna sin difear claochlaitheach don bhealach éighníomhach, leatromach go rímhinic, a mbíonn an stát ag caitheamh le soláthar Gaeilge.”

 

 

X: @CnaG 

Instagram: @cnagaeilge

 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is féidir teacht ar an bhun-reachtaíocht de chuid an Achta Féiniúlachta agus Teanga (2022) anseo: https://www.legislation.gov.uk/ukpga/2022/45#p00544 

 

“78L(3): The Commissioner may provide advice, support and guidance to public authorities in relation to the use of the Irish language…”

 

Schedule 9b (3): “General powers: The Commissioner may do whatever the Commissioner considers appropriate for facilitating, or incidental or conducive to, the exercise of the Commissioner’s functions…”

 

Is féidir teacht ar liosta iomlán na n-údáras poiblí a thágann faoi choimirce an Achta agus faoi thionchar chaighdeáin teanga an Choimisinéara Gaeilge anseo, de réir sceideal 3 d’Acht an Ombudsman um Sheirbhísí Poiblí TÉ (2016):

https://www.legislation.gov.uk/nia/2016/4/schedule/3  

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.