Skip to main content

An Rialtas ag aithint don chéad uair go bhfuil sé riachtanach go mbeidh rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach do inbhuanaitheacht na Gaeltachta 

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an t-aitheantas sin agus an fhéidearthacht go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag obair le hUisce Éireann faoi mar atá luaite i bplean tithíochta nua an Rialtais ach creideann an eagraíocht go bhfuil go leor leor in easnamh sa phlean le dul i ngleic leis ngéarchéim tithíochta Gaeltachta

 

Cé go bhfuil roinnt céimeanna dearfacha i bplean nua tithíochta an Rialtais - lena n-áirítear go bhfiosrófar an fhéidearthacht d’Údarás na Gaeltachta a bheith ag obair le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúil le tacaíochta a chur ar fáil chun tithe a thógáil do phobal na Gaeilge, tá an cur chuige san iomlán fós mall, teoranta agus gan a dhóthain uaillmhian ann.

 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: 

 

Don chéad uair riamh, feicimid an Stát ag admháil go foirmiúil gur bunriachtanas é rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach chun go mbeidh an Ghaeltacht inbhuanaithe. Is céim shuntasach í sin. Mar sin féin, ní leor aitheantas amháin chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach. Mura féidir le teaghlaigh tithe a thógáil nó a cheannach ina gceantair féin, ní bheidh ann don Ghaeltacht. Agus muna mbeidh ann don Ghaeltacht ní bheidh ann don Ghaeilge mar theanga pobail.”  

 

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn: 

 

Is maith an rud é go bhfuil an Rialtas i ndiaidh na Gaeltachta a chur san áireamh ina phlean náisiúnta tithíocha, ach is cúis dhíomá é an laghad bearta praiticiúla atá ann agus an easpa práinne atá le feiceáil ann le gníomhú orthu. Cé go bhfuil sé luaite go bhfoilseofar ‘Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht’, mar shampla, tuigtear dúinn gurbh ionann an ráiteas sin agus na treoirlínte pleanála Gaeltachta atá geallta ó 2021 agus luaitear sa phlean go mbeidh moill breise leis an Ráiteas Náisiúnta Pleanála seo a fhoilsiú go dtí an chéad leath de 2027.

 

Níl aon sprioc intomhaiste ann maidir leis an líon tithe a chuirfear ar fáil sa Ghaeltacht, níl aon tacaíochtaí sonracha Gaeltachta luaite do phobal na Gaeltachta atá ag iarraidh tithe a thógáil, agus níl cumhacht nua molta d’Údarás na Gaeltachta le talamh a cheannach chun tithe nó seirbhísí do thithíocht a chur ar fáil. Leanfaidh Conradh na Gaeilge, i bpáirt leis na brúghrúpaí Tinteán agus Bánú, ag éileamh le haghaidh cothrom na féinne agus réiteach don éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht. ” 




MEÁIN

X: @CnaG

IG: @cnagaeilge / @tinteandonghaeltacht

 

Eolas breise: 

Is é seo a leanas éilimh an fheachtais TINTEÁN a thacaíonn Conradh na Gaeilge leo:

 

  • Go bhfoilseofar agus go gcinnteofar treoirlínte pleanála láidir don Ghaeltacht 
  • Go reáchtáilfear scéim deontas tithíochta Ghaeltachta arís don phobal Gaeltachta 
  • Go gcuirfear an maoiniú breise cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a bhunú a éascóidh, i measc cúraimí eile, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta
  • Go dtabharfar an chumacht d’Údarás na Gaeltachta talamh agus réadmhaoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht, áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil




TEAGMHÁIL

Julian de Spáinn

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

66 Sráid Camden, BÁC 2

 

Kate Ní Dhúbhlaoich,

Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+353 87 389 8255 |Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

66 Sráid Camden, BÁC 2

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.