Beidh os cionn 20,000 dalta ó níos mó ná 200 scoil ag labhairt Gaeilge amháin ar feadh 24 uair an chloig mar chuid de dhúshlán bliantúil Conradh na Gaeilge - Gaeilge24
Amárach, Dé Máirt 11 Samhain 2025, glacfaidh breis is 20,000 dalta ó bhreis is 200 scoil ar fud na hÉireann páirt i #Gaeilge24, dúshlán náisiúnta a spreagann daoine óga chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig - sa bhaile, ar scoil, i siopaí, i gclubanna spóirt agus le cairde.
Anois ina thríú bliain déag, tá Gaeilge24 ag fás i gcónaí mar cheann de na himeachtaí scoile is bríomhaire sa tír, ag spreagadh daltaí chun an Gaeilge a thabhairt níos faide ná an seomra ranga agus isteach ina saol laethúil. Is é téama na bliana seo ná ‘Todhchaí na Gaeilge’, ag spreagadh daoine óga chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaidís an Ghaeilge a choinneáil beo ina bpobail agus ina dtodhchaí féin.
Beidh idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte i ndúshlán na bliana seo, agus beidh teastas ar fáil do gach dalta a ghlacann páirt ann.
Ag labhairt faoin bhfeachtas, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Cruthaíonn Gaeilge24 go bhfuil fonn ar dhaoine óga an Gaeilge a úsáid - ní hamháin mar ábhar scoile, ach mar theanga bheo, shóisialta. Más mian linn todhchaí na Gaeilge a chinntiú, ní mór dúinn leanúint le deiseanna mar seo a chruthú a spreagann daoine óga í a úsáid go muiníneach agus go bródúil sa saol laethúil.”
I rith an lae, beidh daltaí ag foghlaim na Gaeilge le clár lán imeachtaí spreagúla - ó phlé painéil bheo le haíonna speisialta, go dúshlán TikTok, Tráth na gCeist, Bingo Craiceáilte, agus sraith cheardlann spreagúil.
Ag tagairt dá thaithí le Gaeilge24 thar na blianta, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Tá an áthas orainn i gConradh na Gaeilge go bhfuil breis is 20,000 dalta ó scoileanna sna 32 contae ag glacadh páirte i ndúshlán Gaeilge24 i mbliana. Is iontach an díograis sin don teanga a fheiceáil agus daltaí ag úsáid na Gaeilge go muiníneach i rith an lae. Cruthaíonn Gaeilge24 go bhfuil fonn mór i measc daoine óga ár dteanga náisiúnta a úsáid agus a cheiliúradh.”
Dúirt Máire Eibhlín Ní Chlochartaigh, múinteoir i gColáiste Fhlannáin Naofa, Co. an Chláir.
“Tá Gaeilge24 ar cheann de bhuaicphointí na bliana scoile anseo i gColáiste Fhlannáin Naofa. Bíonn an t-atmaisféar leictreach i gcónaí agus bíonn daltaí de gach leibhéal páirteach, ó thosaitheoirí go cainteoirí líofa. Is iontach an rud é a fheiceáil an méid muiníne a thugann sé dóibh, agus an chaoi a dtuigeann siad gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar chuid den saol laethúil. ”
Spreag an clár teilifíse “No Béarla” a bhí ag Manchán Magan an fheachtas ar dtús siar sa bhliain 2008. Bheartaigh grúpa mic léinn i UCD iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt don lá ar fad. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, d’fhorbair Conradh na Gaeilge an smaoineamh ina fheachtas bliantúil ar fud na tíre faoin ainm Gaeilge24. I mbliana, cuimhníonn Conradh na Gaeilge ar Mhanchán Magan, a cailleadh le déanaí, agus déanfaidh muid céiliúradh ar a thionchar buan ar ghluaiseacht na Gaeilge.
Bíonn deis ag pobal na Gaeilge ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar na meáin shóisialta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Gaeilge24 ag cnag.ie/gaeilge24
TEAGMHÁIL:
Aodhán Ó Deá, Bainisteoir Gaeilge24
Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge
+353 86 3102691 |
Kate Ní Dhúbhlaoich, Feidhmeannach Cumarsáide
+353 87 389 8255 |
