Tá an Ghaeltacht buailte níos measa ag fás Airbnb ná mar atá an chuid eile den tír, agus ardú 40.2% níos mó ann sa Ghaeltacht ná mar a bhí in Éirinn go náisiúnta
Tá sonraí nua curtha ar fáil ag Inside Airbnb do Chonradh na Gaeilge agus CATU a léiríonn fás tromchúiseach Airbnb de réir Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta. Tugtar le fios sna sonraí gur tháinig méadú 88.1% ar líon na dtithe iomlána atá ar Airbnb sna ceantair Ghaeltachta idir 12 Bealtaine 2019, an chéad dáta a scríobadh na sonraí, agus 26 Meán Fómhair, an dáta is déanaí a scríobadh iad.
Cuireadh cuid de na sonraí ó Inside Airbnb i gcomparáid leis na sonraí a bhailítear sa Daonáireamh maidir le stádas agus saghas áitíochta na n-áitreabh in Éirinn, chun pictiúr níos iomláine a fháil ar fhorleithneacht na cóiríochta ar cíos gearrthéarmach sa Ghaeltacht. Is iad seo a leanas cuid de na torthaí is suntasaí:
- Go náisiúnta, tháinig méadú 47.9% ar líon na dtithe iomlána ar Airbnb in Éirinn idir 2019 agus 2025. Bhí méadú 88.1% ann sa Ghaeltacht, a léiríonn go bhfuil tionchar díréireach ar an nGaeltacht.
- Tháinig méadú ar líon na dtithe iomlána ar Airbnb in 25 as 26 de na Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.
- Tá 217 teach iomlán ar Airbnb idir an gcúigear óstach is mó sa Ghaeltacht.
- Tá níos mó tithe iomlána ar Airbnb ná mar atá áitribh ar cíos fadtéarmach ó thiarna talúin príobháideach (de réir Daonáirimh 2022) in 5 as 26 (19.2%) de na Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.
- I Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas, is tithe iomlána ar Airbnb iad níos mó ná 16% de na háitribh phríobháideacha ar fad sa dhá Limistéar.
Ag labhairt faoi na sonraí, dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:
“Tugann na sonraí seo bunús don méid a bhí á fheiscint againne ar an talamh; go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh ag greim docht Airbnb. Tá tráchtearrú go smior i bpolasaithe tithíochta an rialtais le blianta fada, agus tá inmharthanacht na Gaelainne mar theanga labhartha phobail sa Ghaeltacht ag fulaingt dá bharr. Ní mór dúinn a bheith ionraic fén dtodhchaí atá romhainn: an bhfuil tithe sa Ghaeltacht le bheith ann ar mhaithe le brabús amháin, nó ar mhaithe le daoine a choimeád slán, lenár bpobail agus lenár dteanga a chaomhnú? Caithfear rialú ceart a dhéanamh ar an gcóiríocht gearr-téarmach ar bhonn práinne, agus cás ar leith a dhéanamh den nGaeltacht.
Táimid fíor-bhuíoch de Inside Airbnb as an obair thábhachtach atá déanta acu air seo, agus tá súil againn go gcuirfidh an fhianaise seo an lasair sa bharrach ar chomhrá maidir le hiarmhairtí Airbnb. Ní hamháin sa Ghaeltacht, ach i measc teangacha mionlaithe agus réigiúnda eile ar fud na hEorpa - sa Chatalóin, in Valencia, sna hOileáin Bhailéaracha, sa Bhreatain Bheag - tá tithíocht agus teanga fite fuaite lena chéile.”
Dúirt Paul D’Eath, ball choiste CATU na Gaillimhe:
“Tá na figiúirí seo ag teacht go hiomlán leis an méid atá á chlos ag CATU Gaillimh ónár mbaill i gcónaí. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na mball atá á ndíshealbhú ar mhaithe le cóiríocht gearr-téarmach a dhéanamh den lóistín. Mar thoradh air seo, tá teaghlaigh gan dídean, tá creimeadh á dhéanamh ar phobail, agus cailltear teanga agus cultúr - ar fad ar mhaithe le brabús. Tá an chóiríocht ar cíos gearr-téarmach ag cur leis an ngéarchéim tithíochta ar fud na tíre, ach is léir go bhfuil tionchar díréireach ar na ceantair Ghaeltachta, ag cur a dtodhchaí i mbaol.
Sheolamar ár bhfeachtas ‘Tithe do Dhaoine, Ní Chun Saoire’ ag tús 2025 chun aird a tharraingt ar an gceist seo agus chun brú a chur ar na húdáráis áitiúla gníomh fónta a thógaint. Táimid ag éileamh go gcuirtear an reachtaíocht reatha i bhfeidhm mar is ceart, go gcuirtear srian ar líon na gcóiríochtaí ar cíos-gearrtéarmach, agus go dtógtar isteach Clár na gCóiríochtaí ar Cíos Gearr-Téarmach a bhfuiltear ag fanacht le fada air. Is cosúil gur beag toil pholaitiúil atá ann, áfach, le dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá athrú iomlán ag teastáil ar an tslí a pléitear leis na ceisteanna seo, nó leanfar le fulaingt ár bpobal.”
Tá na sonraí ar fad ar fáil ach iad a iarraidh.
Méadú ar líon na dtithe iomlána ar Airbnb i ngach LPT sa Ghaeltacht idir 2019 - 2025
Is ionann # agus líon na entire homes cláraithe ar na dátaí a scríobadh na sonraí ó Airbnb.
|
Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta |
# 12/05/2019 |
# 26/09/2025 |
# athrú idir 2019 - 2025 |
% athrú idir 2019 - 2025 |
|
An Cheathrú Rua |
21 |
31 |
10 |
47.6% |
|
An Ghaeltacht Láir |
20 |
24 |
4 |
20.0% |
|
An tEachréidh |
17 |
33 |
16 |
94.1% |
|
Árainn Mhór |
11 |
10 |
-1 |
-9.1% |
|
Bearna agus Cnoc na Cathrach |
29 |
56 |
27 |
93.1% |
|
Ceantar na nOileán |
9 |
27 |
18 |
200.0% |
|
Ciarraí Theas |
82 |
117 |
35 |
42.7% |
|
Ciarraí Thiar |
303 |
448 |
145 |
47.9% |
|
Cléire |
- |
3 |
3 |
- |
|
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh |
43 |
85 |
42 |
97.7% |
|
Cois Fharraige |
50 |
103 |
53 |
106.0% |
|
Conamara Láir |
46 |
82 |
36 |
78.3% |
|
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh |
70 |
116 |
46 |
65.7% |
|
Dún na nGall Theas |
43 |
98 |
55 |
127.9% |
|
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir |
66 |
139 |
73 |
110.6% |
|
Maigh Cuilinn |
5 |
20 |
15 |
300.0% |
|
Maigh Eo Thiar |
27 |
46 |
19 |
70.4% |
|
Maigh Eo Thuaidh |
39 |
108 |
69 |
176.9% |
|
Múscraí |
3 |
10 |
7 |
233.3% |
|
Na Déise |
6 |
11 |
5 |
83.3% |
|
Na Rosa |
70 |
182 |
112 |
160.0% |
|
Oileáin Árann |
19 |
29 |
10 |
52.6% |
|
Oirthear Chathair na Gaillimhe |
28 |
79 |
51 |
182.1% |
|
Ráth Chairn agus Baile Ghib |
- |
3 |
3 |
- |
|
Toraigh |
- |
2 |
2 |
- |
|
Tuaisceart Dhún na nGall |
36 |
100 |
64 |
177.8% |
|
Iomlán |
1043 |
1962 |
919 |
88.1% |
NA MEÁIN:
Instagram : @cnagaeilge @catugalway @catuireland
X: @CnaG
TEAGMHÁIL:
Róisín Ní Chinnéide
Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge
+353 (0)83 4062131 |
Paul D’Eath
Ball Choiste, CATU Gaillimh
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is tionscnamh é Inside Airbnb a sholáthraíonn sonraí agus seirbhís abhcóideachta maidir le tionchar Airbnb ar phobail chónaithe. Tuilleadh eolais ag https://insideairbnb.com/about/
Is aontacht uile-oileánda phobail agus tionóntaí í CATU. Tuilleadh eolais ag https://catuireland.org/
