Skip to main content

Na móréilimh déanta don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus don Phlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla fágtha ar lár

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh na hacmhainní agus na tacaíochtaí geallta sa Pholasaí Gaelscolaíochta agus sa Phlean Gnímh foilsithe inniu ag an Roinn Oideachais agus Óige ach ní leor iad in aon chor chun dul i ngleic leis an gcruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais faoi láthair

 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

 

Cuireann muid fáilte roimh aon ghníomh a chabhróidh leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus tá moladh ag dul, mar sin, do na tionscadail agus na hacmhainní nua atá fógartha inniu ag an Aire Oideachais agus Óige mar chuid den Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus don Phlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.

 

Sin ráite, ní dóigh linn go bhfuil an Plean Gnímh chun an cruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais faoi láthair a réiteach. Tá an curaclam Gaeilge sa chóras oideachais reatha dolúbtha, míthaitneamhach agus tá sé ag teip ar breis is 60,000 dalta ar an dara leibhéal a bhfuil díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge acu. Le linn an chomhairliúcháin ar an bPlean Gnímh, éilíodh córas nua solúbtha, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a bheadh in ann freastal ar dhaltaí le riachtanais bhreise, ar dhaltaí ag teacht isteach déanach sa chóras agus a chuirfeadh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ar fáil do gach dalta. Éilíodh go mbunófar coiste saineolach láithreach bonn leis an gcóras nua seo a fhorbairt.  Faraor, níl na spriocanna seo san áireamh sa Phlean Gnímh nua. 

 

Chomh maith leis sin, níl ach 6% de dhaltaí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge, breis agus 100 bliain ó bunaíodh an Stát. Cé go raibh sprioc ag an Rialtas deiridh go n-oibreoidís i dtreo líon na ndaltaí i scoileanna Gaeilge a dhúbailt, thit na figiúirí 3% le linn a dtéarma, gan aon iarracht mhacánta déanta acu gníomhú ar a sprioc féin. In ainneoin go luaitear sa Pholasaí nua don Ghaeloideachas gur ‘fís’ í go mbeadh ‘oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách’, níl aon sprioc intomhaiste ná uaillmhianach leagtha amach acu chun líon na ndaltaí i scoileanna Gaeilge a mhéadú go suntasach. Is mór an difear idir é seo agus cás na Breataine Bige, áit a bhfuil plean ag Rialtas na Breataine Bige céatadán na ndaltaí i scoileanna Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050, mar gheall go bhfuil fís uaillmhianach acu agus acmhainní lena bhaint amach. In ionad cuspóir mar sin a chur san áireamh sa Pholasaí don Ghaeloideachas, tá tascfhórsa le bunú le breathnú ar na múnlaí éagsúla a d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, coiste saineolach a bhunú chun polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a fhorbairt gan a thuilleadh moille. Is í seo an chéad chéim atá de dhíth i bhforbairt an pholasaí..

 

Chomh maith leis sin táimid ag éileamh ar an Aire a chinntiú go mbeidh sé mar phríomhaidhm ag an tascfhórsa nua teacht ar ais laistigh den bhliain atá leagtha amach dóibh le sprioc shoiléir, uaillmhianach agus intomhaiste d’fhás na Gaelscolaíochta. Creideann muid gur chóir go mbeadh fás 20% laistigh de 20 bliain leagtha síos mar sprioc.

 

Críoch

 

Na Meáin: 

X: @CnaG #Gaeilge4All

IG: @cnagaeilge 

 

Teagmháil

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí 

+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401

66 Sráid Camden, BÁC 2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.    

 

Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta

+353 83 4062131

Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe  | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Kate Ní Dhúbhlaioch, Feidhmeannach Cumarsáide

+353 87 389 8255

66 Sráid Camden, BÁC2 |Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.