Nochtann Scéal.ie féiniúlacht athnuaite, dearadh nua-aimseartha, agus gnéithe leathnaithe chun eolas faoin nGaeilge a dhéanamh níos inrochtana do chách.
Tar éis níos mó ná deich mbliana mar phríomh-mhol digiteach don Ghaeilge, tá PEIG.ie á athsheoladh le hainm nua, dearadh úr, agus fócas níos láidre chun pobal na Gaeilge a nascadh agus a chumhachtú. Seolfar Scéal.ie - mol digiteach athcheaptha, athbhrandáilte agus athbheoite - go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna ar an Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair, ag 2.00 i.n.
Tá PEIG.ie tar éis a bheith ina cheann scríbe lárnach ar líne do nuacht, imeachtaí, folúntais, agus acmhainní na Gaeilge. Le blianta beaga anuas, tá sé tar éis fás ina spás luachmhar do chainteoirí, d’fhoghlaimeoirí agus d’eagraíochtaí araon.
Tógann Scéal.ie ar an mbunchloch láidir sin le dearadh nua-aimseartha, inrochtana, a chuireann eispéireas úsáideora feabhsaithe ar fáil ar fud gach gléas. Gheobhaidh cuairteoirí nascleanúint shoiléir agus leagan amach slachtmhar a fhágann go bhfuil sé níos simplí ná riamh eolas a aimsiú. A bhuí le léarscáil nua idirghníomhach, is féidir le húsáideoirí clárú nó breathnú ar imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus thar lear go héasca, agus cinntíonn comhéadan Béarla simplithe go ndéantar freastal ar gach leibhéal líofachta.
Tá sé deartha le bheith mar lárphointe eolais na Gaeilge. Ón nuacht is déanaí agus eolas faoi chearta teanga agus seirbhisí, go sonraí faoi imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus thar lear, cuireann Scéal.ie léargas cuimsitheach ar fáil ar dheiseanna agus achmhainní.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is caibidil nua thábhachtach í Scéal.ie do phobal na Gaeilge. Tugann sé áit iontaofa amháin do dhaoine chun eolas, imeachtaí agus deiseanna a bhaineann leis an teanga a fháil. Anois, tá sé níos fusa ná riamh do dhaoine eolas a fháil, páirt a ghlacadh, agus deiseanna a aimsiú chun an Gaeilge a úsáid ina saol laethúil.”
Ag labhairt faoi ‘Scéal.ie’ dúirt Fionnuala Ní Uallacháin, Feidhmeannach Ilmheán agus Lárphointe Feasachta:
“D’fhiafraíomar d’úsáideoirí cad a theastaigh uathu ón suíomh - cad a d’oibrigh, cad nár oibrigh, agus cad a dhéanfadh rudaí níos éasca agus d’éisteamar leo. Theastaigh áit amháin ó dhaoine inar féidir leo gach eolas faoin nGaeilge a fháil go héasca – ó nuacht agus imeachtaí go poist agus deiseanna foghlama. Ní athdhearadh amháin atá i gceist anseo, baineann sé le heolas a dhéanamh níos inrochtana, níos tarraingtí agus níos ábhartha do phobal an lae inniu. Tugann Scéal.ie dearadh comhaimseartha, nascleanúint níos cliste agus taithí úsáideora feabhsaithe ar fáil, ag cruthú lárphointe eolais amháin don Ghaeilge. ”
Seolfar Scéal.ie go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna ar an Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair ag a 2.00 i.n. ag Aonach an Oireachtais. Beidh Síomha Ní Ruairc mar bhean an tí don ócáid agus beidh an suíomh nua á sheoladh ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht ó Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt.
Fáilte mhór roimh chách!
Is tionscnamh de chuid Chonradh na Gaeilge é Scéal.ie agus tá sé maoinithe ag Foras na Gaeilge.
