Géarghá le treoir láidir láithreach ón Choimisinéir Gaeilge úr ar mhór-éilimh Ghaeilge atá faoi ionsaí le fada an lá. Beidh cur i bhfeidhm na dtreoracha sin mar scrúdú ollmhór ar Oifig an Chéad & an Leas-Chéad Aire ón chéad lá
Tá fáilte mhór curtha ag Conradh na Gaeilge agus An Dream Dearg roimh an fhógra go bhfuil an chéad Choimisinéir Gaeilge ceaptha ó thuaidh. Fógraíodh inniu, Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair 2025, go bhfuil an Dr Pól Deeds ceaptha sa ról nua.
Tá ceapadh an Choimisinéara Gaeilge mar bhun-éilimint den Acht Féiniúlachta agus Teanga a ritheadh in Westminster in Nollaig 2022. Tágann an tAcht sin mar thoradh ar an chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua a ghlac an Feidhmeannas ar ais le chéile in Eanáir 2020.
Beidh sé de dhualgas ar an Choimisinéir Gaeilge caighdeáin teanga ‘dea-chleachtais’ a ullmhú a threoraíonn cur chun cinn na Gaeilge in achan údarás poiblí ó thuaidh, de réir Sceideal 3 d’Acht an Ombudsman um Sheirbhísí Poiblí TÉ (2016). Mar chuid de na caighdeáin teanga seo, beidh sraith polasaithe dea-chleachtais maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, oiliúint foirne agus eile.
Beidh sé faoin Choimisinéir nua na caighdeáin teanga sin a dhréachtú, ach beidh sé faoin Chéad-Aire agus faoin Leas-Chéad Aire iad a cheadú. Sa chás nach mbíonn na hAirí sin ar aon ghuth maidir leis na caighdeáin teanga, nó sa chás nach bhfuil an Feidhmeannas ann, bronann an tAcht úr cumhachtaí ar Rúnaí Stáit na Breataine na caighdeáin sin a cheadú díreach.
Mar aon leis sin, beidh dualgais ar an Choimisinéir Gaeilge aon ghearán ón phobal a fhiosrú maidir le teip aon cheann de na húdaráis phoiblí chun na caighdeáin teanga sin a chur i bhfeidhm.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge:
“Tá muid beagnach 20 bliain ó tugadh an bun-choimitmint Acht Gaeilge a thabhairt isteach mar chuid de Chomhaontú Chill Rimhinn. Tá ceapadh an Choimisinéara Gaeilge mar bhunchloch de chuid na reachtaíochta teanga nua atá againn agus is céim stairiúil chun cinn an méid sin. Don chéad uair beidh guth láidir don Ghaeilge neadaithe i gcroílár an státchórais. Beidh géarghá anois treoir a chur ar fáil láithreach ar roinnt de na mór-éilimh chearta teanga sin atá faoi ionsaí le fada an lá, agus fáiltíonn muid roimh an tacaíocht atá léirithe ag Pól Deeds le déanaí ar son na comharthaíochta dátheangaí ag Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste agus polasaí nua Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, mar aon leis an tacaíocht a thug sé roimhe seo do chur chun cinn na Gaeilge in Ollscoil na Banríona, mar shampla. Is cinnte go mbeidh a ghlór ríthábhachtach san am atá romhainn agus gach údarás poiblí ó thuaidh ag amharc ar a bpolasaí Gaeilge féin a thabhairt isteach. Tagann a cheapachán ag am tábhachtach fosta agus an Feidhmeannas ar tí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a aontú.”
“Dúirt muid go soiléir ag an am nach bhfuil an tAcht nua seo foirfe, nach bhfuil sé ar bhealach ar bith láidir go leor, nach gcomhlíonann sé an tAcht a gealladh in 2006 de réir múnla na Breataine Bige agus go mbeidh troid le déanamh againn gach lá lenár gcearta teanga a chinntiú fríd an mhéicníocht reatha. Seasann an teachtaireacht sin inniu, go háirithe agus an Ghaeilge faoi ionsaí leanúnach le míonna anuas. Níl san Acht úr ach tús aistir. Níl i gceapadh an Choimisinéara ach an chéad choiscéim ar an aistear sin cé gur cinnte gur coiscéim shuntasach sa treo ceart é.”
Dúirt Caoimhe Nic Cú Uladh, gníomhaí teanga leis An Dream Dearg:
“Tá fógra an lae inniu mar thoradh ar na scórtha mílte Gael a thóg raic, a chuaigh chun sráide agus sheas an fód le blianta fada anuas chun cearta teanga agus comhionannas a éileamh. Nuair a tháinig 20,000 Gael chun sráide i mBéal Feirste in 2022, thuig muid go raibh muid ar tí caibidil nua i scéal na teanga a chrúthú. Murach obair cheannródaíocht na nglúnta a tháinig romhainn, fís phobal Bhóthar Seoighe, fathaigh ár nGaelscoileanna agus an ghlúin úr de ghníomhaithe óga teanga a bhrúigh an cheist seo go croílár an aonaigh anseo, is cinnte nach mbeadh muid san áit a bhfuil muid inniu. Níor ghéill an cumhacht aon rud ón bharr gan bhrú ón bhun. Is teistiméireacht an dul chun cinn seo inniu ar an fhealsúnacht sin.”
“Tuigeann muid go maith nach réiteoidh an Coimisinéir Gaeilge gach fadhb ach tá muid cinnte go bhfeicfidh muid dul chun cinn claochlaitheach má ghlacfar lena chuid moltaí. Beidh toil agus ábaltacht an Chéad agus an Leas-Chéad Aire i leith mholtaí an Choimisinéara mar tháscaire maidir le glacadh agus todhchaí na teanga sa stát ó thuaidh. Seo scrúdú ollmhór don Oifig roinnte sin. Seo scrúdú ollmhór don DUP. Beidh toradh an scrúduithe sin le sonrú go fíor-luath sa chur i bhfeidhm.”
X: @CnaG
Instagram: @cnagaeilge
TEAGMHÁIL
Ciarán Mac Giolla Bhéin
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+44 7545 293841
Conchúr Ó Muadaigh
Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge
+447596520262 |
Pádraig Ó Tiarnaigh
Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
+447716690237 |
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is féidir teacht ar an bhun-reachtaíocht de chuid an Achta Féiniúlachta agus Teanga (2022) anseo: https://www.legislation.gov.uk/ukpga/2022/45#p00544
Is féidir teacht ar liosta iomlán na n-údáras poiblí a thágann faoi choimirce an Achta agus faoi thionchar chaighdeáin teanga an Choimisinéara Gaeilge anseo, de réir sceideal 3 d’Acht an Ombudsman um Sheirbhísí Poiblí TÉ (2016):
https://www.legislation.gov.uk/nia/2016/4/schedule/3
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie
