Skip to main content

Diúltaíonn tromlach an Tionóil rún DUP i gcoinne na comharthaíochta sráide dátheangaí, ag dearbhú in athuair a dtacaíocht don pholasaí reatha agus do chearta mionlaigh trí chéile

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán le Conradh na Gaeilge: 

 

“I nDeireadh Fómhair 2022, glacadh leis an pholasaí reatha le tromlach mór i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste (41 vs 19). Anocht, dhiúltaigh an Tionól d'iarrachtaí an DUP an bonn a bhaint den pholasaí sin  agus vótáil 41 go 28 i gcoinne rúin ón DUP, ag dearbhú a dtiomantais do bheartas a chomhlíonann cearta mionlaigh bunaithe ar threoir ó na Náisiúin Aontaithe agus ó shaineolaithe idirnáisiúnta eile. Cé go bhfuil iarracht déanta ag an DUP an freasúra ollmhór, forleathan a chruthú i measc cónaitheoirí ar fud na cathrach, léiríonn taighde nua a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge, a rinne anailís ar shonraí shuirbhéanna Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste nach raibh ach 2.9% de chónaitheoirí i gcoinne comharthaí ar fud 536 sráid. Mar a chuir go leor rannpháirtithe leis le linn dhíospóireacht na hoíche anocht, baineann an chomharthaíocht leis an Ghaeilge agus leis an Bhéarla araon, taobh le taobh, agus is léiriú fisiciúil ann féin í ar an chomhionannas in áiteanna atá comhroinnte idir pobail theanga éagsúla. Níor cheart go mbeadh eagla ar aon duine roimh an chomhionannas, ach déanaimis céiliúradh ar an éagsúlacht agus cuimsiú pobail. Éilíonn muid anois ar chomhaltaí an Fheidhmeannais a n-áird a dhíriú láithreach ar a gcuid dualgas féin maidir leis an Ghaeilge agus ceapachán an Choimisinéara Gaeilge a thabhairt chun críche gan a thuilleadh moille agus glacadh ar deireadh le Straitéis Ghaeilge atá ina dualgas dlíthiúil ó 2006.”

 

CONTACT:

 

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste:

+44 7545 293841 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Cuisle Nic Liam,  Comhordaitheoir Chearta Teanga, le Conradh na Gaeilge:

+44 7851 024581 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

AR LÍNE:

X: @cnag

Instagram @cnagaeilge 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.