Gan ach 2.9% d’iomlán na gcónaitheoirí thar 536 a chuir i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí ó tháinig polasaí nua sráidainmneacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i bhfeidhm
Léiríonn taighde nua le Conradh na Gaeilge gur thacaigh 9 as gach 10 freagróir leis an chomharthaíocht sráide dhátheangach ar shráideanna lasmuigh de scéim na Ceathrún Ghaeltachta
Tá taighde nua foilsithe ag Conradh na Gaeilge inniu (Luan 13 Deireadh Fómhair) a thugann briseadh síos ar an dóigh a mbíonn cónaitheoirí ag cur a dtuairimí maidir leis an comharthaíocht shráide in iúl thar an 536 sráid a ceadaíodh go dáta faoi pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste atá i bhfeidhm ó Dheireadh Fómhair 2022. Is iad seo na figiúir is úire dá bhfuil ar fáil.
Tágann an taighde seo roimh rún Tionóil a ndéanfar plé air inniu, Luan 12 Deireadh Fómhair. Is rún é atá á thabhairt chun tosaigh ag Comhaltaí de chuid an DUP le cur i gcoinne pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste (2022).
I measc an 536 sráid sin, glacadh le 244 díreach fríd an Choiste Daoine agus Pobal, agus glacadh leis an 292 sráid eile fríd Scéim na Ceathrún Gaeltachta a thit amach in 2024. Cuimsíonn miontuairiscí an Choiste Daoine agus Pobal gach iarratas a bhain an tairseach 15% amach ó tháinig an chéad-iarratas faoin pholasaí úr chun tosaigh, idir Eanáir 2023 suas go Deireadh Fómhair 2025.
Nuair a chuirtear iomlán na sráideanna agus na suirbhéanna sin le chéile, tá an torthaí don 536 sráid mar seo a leanas:
- San iomlán, ní raibh ach 2.9% de gach cónaitheoir thar an 536 sráid a ceadaíodh a chuir i gcoinne comhartha.
- Ar 76% den 536 sráid, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin i gcoinne (409 as 536 sráid).
- Thar gach ceann den 536 sráid, ní raibh mórámh de chónaitheoirí i gcoinne ar oiread is sráid amháin (0/536)
- Ar mheán, bhí meán-fhreasúra sráide de 1.7% thar 536 sráid.
Má bhaintear sráideanna sa Cheathrú Gaeltachta, a rinneadh trí scéim ar leith, amach as an áireamh, seo mar a sheasann na torthaí don 244 sráid eile:
- San iomlán, chuir 9 as gach 10 a d’fhreagair an suirbhé in iúl gur thacaigh siad leis an chomharthaíocht dhátheangach.
- Ar bhreis agus 96% de shráideanna (235/244), thacaigh níos mó daoine ná mar a chuir i gcoinne sna freagraí a fuarthas.
- Ar níos mó na leath de na sráideanna sin, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin i gcoinne (133/244; 54%).
- San iomlán, ní raibh ach 3.9% de gach cónaitheoir thar an 244 sráid sin i gcoinne na comharthaíocht dátheangaí.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste:
“Dearbhaíonn na figiúir atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge inniu nach raibh ach mionlach beag bídeach, 2.9%, de na cónaitheoirí uilig thar 536 sráid a chuir i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí fríd na suirbhéanna a rinneadh leo ó tháinig an polasaí úr i bhfeidhm. I gcodarsnacht leis sin, thacaigh naonúr as gach deichniúr cónaitheoirí a d’fhreagair an suirbhé thar na sráideanna sin uilig leis an chomharthaíocht dhátheangach. Bréagnaíonn an méid sin na gearáin fhad-bhunaithe atá déanta ag an DUP agus eile, atá ag maíomh le fada an lá go bhfuil freasúra ollmhór i gcoinne na Gaeilge mar chuid dá n-iarrachtaí an polasaí seo a chur ó mhaith. Níl aon bhunús leis an éileamh sin de réir na bhfigiúr úr seo. Léiríonn na staitisticí úra go bhfuil an líon daoine atá ag cur i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí beag bídeach ar fad, agus ar 76% den 536 sráid a ceadaíodh, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin i gcoinne. In áit a bheith ag cothú teannais agus easaontais, b’fhearr don DUP agus eile a gcuid ama agus fuinnimh a chaitheamh ag cur i bhfeidhm na gcoimitmintí atá ar a gcuid Airí i leith na Gaeilge, lena n-áirítear ceapadh an Choimisinéara Gaeilge agus cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, atá geallta sa dlí ó bh 2006 ann.”
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga, le Conradh na Gaeilge, said:
“In 2022 thacaigh móramh maith de chomhairleoirí tofa i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste le ceann de na polasaí sráidainmneacha is forasaí ar an oileán seo, polasaí a thug aitheantas do chearta mionlaigh phobal na Gaeilge de réir na Náisiún Aontaithe. Aithnítear an chomharthaíocht dhátheangach go hidirnáisiúnta mar bhealach chun normalú a dhéanamh ar an teanga agus chuige sin chun an chaoinfhulaingt don dátheangachas a mhéadú trí chéile. Aithníonn muid go dtagann tromlach ollmhór dár logainmneacha díreach ón Ghaeilge. Mar sin is polasaí athghabhála é seo dár dteanga dhúchais chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais chuig áiteanna inar raibh cosc uirthi roimhe seo. Nuair a chuirtear polasaí sráidainmneacha na Comhairle taobh leis an polasaí nuan Gaeilge a cheadaigh an Chomhairle an tseachtain seo caite, níl aon amhras ann ach go bhfuil Béal Feirste ag teacht chun cinn mar ambasadóir idirnáisiúnta do chearta teanga.”
RESEARCH NOTE:
Is féidir teacht ar na bunfhigiúir a chuirtear san áireamh sa taighde seo i miontuairiscí an Choiste Daoine agus Pobal, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, anseo:
https://minutes.belfastcity.gov.uk/ieListMeetings.aspx?Act=earlier&CId=166&D=202401091715&MD=ielistmeetings
Is féidir achoimhre ar na sonraí a foilsíodh do Scéim na Ceathrún Gaeltachta, a cuireadh i gcrích idir 2023-24, anseo:
https://minutes.belfastcity.gov.uk/%28S%28xhe05jzjdwiv1tvargp0uh45%29%29/mgAi.aspx?ID=77853
Tá an t-eolas sin curtha le chéile in aon áit amháin ag Conradh na Gaeilge ar mhaithe leis an taighde seo a chur i láthair:
https://docs.google.com/spreadsheets/d/1vsfg6Gb6O_9ngBcY32OZmKejg_cG6azY/edit?usp=sharing&ouid=107762742898368536630&rtpof=true&sd=true
Baineann an taighde seo le gach ceann den 536 a ceadaíodh go dáta ó tháinig an polasaí nua i bhfeidhm. Bhí 20 sráid eile a rinneadh suirbhé orthu ach mar gheall nár bhain siad an tairseach de 15% amach, níor cuireadh iad os comhair an Choiste agus níl aon bhriseadh síos ar na freagraí. Glactar leis, as siocair gur líon beag sráideanna iad seo i gcomhthéacs 536 sráid eile, nach gcuirfear an t-eolas sin isteach mórán ar na príomh-thorthaí.
CONTACT:
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste:
+44 7545 293841 |
Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga, le Conradh na Gaeilge:
+44 7851 024581 |
Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
+447716690237 |
