Skip to main content

Cáinaisnéis 2026: Túsphointe suntasach, soiléiriú de dhíth agus ceisteanna práinneacha fós faoin socrú thuaidh theas

Fógraíodh i gCáinaisnéis 2026 inniu, 7 Deireadh Fómhair 2025, go mbeidh €23 milliún sa bhreis ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta le caitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, mar aon le €5.4 milliún breise do TG4 tríd an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Is ionann €28.4 milliún agus 51% den mhéid a lorg pobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Is pointe tosaigh suntasach agus dearfach é seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus léiríonn sé dea-thoradh don fheachtasaíocht leanúnach agus aontaithe atá ar bun ag pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas. Chomh maith leis sin, léiríonn sé an difir gur féidir le hAire sinsearach déanamh le cothromas a lorg don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

 

In ainneoin seo, tá easnaimh mhóra fós i gCáinaisnéis 2026. Ní leor an €2 mhilliún atá luaite d’Fhoras na Gaeilge chun na fadhbanna maoinithe ag eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre atá maoinithe tríd an bhForas a réiteach. Chomh maith leis sin, mura réitítear an struchtúr maoinithe thuaidh-theas, ní féidir an t-airgead seo a úsáid tríd Foras na Gaeilge fhéin, rud a fhágann go mbeidh Foras na Gaeilge i mbaol ciorruithe a dhéanamh ar eagraíochtaí teanga arís.  

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

Léiríonn an méadú €28.4 milliúin ar mhaoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana an tábhacht a bhaineann le hAire Sinsearach a bheith ann, le héilimh an phobail a chur san áireamh in obair an Rialtais. Tá moladh ag dul don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, as an méadú sin agus as éisteacht leis an bpobal. 

 

Cé go gcuirimid fáilte roimh aon airgead breise a théann i dtreo na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid aghaidh ar chuid de na bearnaí móra atá ann fós, go háirithe an easpa maoinithe d’Fhoras na Gaeilge. Ní réiteoidh an €2 mhilliún breise seo na fadhbanna lárnacha, agus ar an drochuair, beimid ar ais san áit céanna arís an bhliain seo chugainn mura ndéanfar beart. Anuas ar seo, táimid ag éileamh go n-usáidfear cuid den mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun roinn tithíochta a bhunú san Údarás, agus táimid ag éileamh go mbeidh pleanáil teanga i measc an aosa óig i measc na mbarr-thosaíochtaí leis an airgead luaite don phleanáil teanga. “

 

Ag labhairt faoi Cháinaisnéis 2026, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Is toradh díreach ar dhíograis agus ar obair thiomanta na ngrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre atá an dul chun cinn seo le feiceáil i mbliana. D’oibrigh eagraíochtaí pobail agus gníomhaithe teanga le chéile i rith na bliana chun troid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus léirigh siad an chumhacht atá sa phobal nuair a sheasaimid le chéile ar aon ghuth. 

 

Mar sin féin, tá fadhbanna móra fós ann, go háirithe maidir leis an socrú maoinithe thuaidh theas d’Fhoras na Gaeilge. Mura ndéantar an struchtúr mhaoinithe seo a leasú, beidh Foras na Gaeilge iomlán srianta ó thaobh na tacaíochta atá de dhíth air, agus beidh na grúpaí teanga thíos leis sin i gcónaí. Chomh maith leis sin, is gá tosaíocht ollmhór a dhéanamh den ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Leanfar leis an fheachtas le cothrom na Féinne a bhaint amach do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta sa todhchaí agus chuige sin beimid ag teacht le chéile ag an Oireachtas leis an cháinaisnéis seo agus eile a phlé agus gníomhartha a aontú.”

 

 

Tá cóip den Phlean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.