Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an Pholasaí Gaeilge a bheas ‘claochlaitheach’ do stádas na teanga sa chathair
Tá fáilte mhór curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhaomhadh Pholasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, a ritheadh anocht, Céadaoin 1 Deireadh Fómhair 2025. Cinnteoidh an polasaí soláthar nua Gaeilge mar a bhaineann le seirbhísí, cumarsáid agus comharthaíocht de chuid na Comhairle, mar aon le féiniúlacht nua chorparáideach agus lógó úr dátheangach.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail:
“Tá an Ghaeilge go mór faoi bhláth fud fad Bhéal Feirste. Tá líon na ndaltaí atá ag freastail ar Ghaelscoileanna, líon na dteaghlach ag tógail clainne trí Ghaeilge, líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga uilig ag ardú. Le blianta beaga anuas tá pobal na Gaeilge ag troid lá i ndiaidh lae chun cearta teanga a bhrú chun cinn inár n-institiúidí agus spásanna poiblí.”
“Tá muid ag obair ar an pholasaí Gaeilge seo, i gcomhar le grúpaí agus pobal na Gaeilge ar fud na cathrach, le foireann na Comhairle agus le Comhairleoirí tofa, le beagnach deich mbliana anuas. Chuidigh muid le dearadh an pholasaí de réir bhunphrionsabail an chomhionannais atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta a threoraíonn ár n-údaráis chun ‘gníomh diongbháilte’ a dhéanamh ar son na Gaeilge. Chuir muid san áireamh treoir ó na Náisiúin Aontaithe, ó Chomhairle na hEorpa, ón Choimisiún Comhionannais, ó Choimisiún um Chearta an Duine agus ó Fhoras na Gaeilge. Is é an polasaí seo, polasaí forasach a chuireann cearta mionlaigh chun cinn, toradh an phróisis sin.”
“Molann muid go mór gach páirtí sa Chomhairle a thacaíonn leis an pholasaí ionchuimsitheach, dea-chleachtais seo, mar aon le foireann dhíograiseach na Comhairle féin aguis na mílte gníomhaithe teanga a d’éiligh na hathruithe seo le fada an lá. Beidh cuimhne ag leor ar na laethanta nuair a díbríodh cainteoirí Gaeilge ó Halla na Cathrach as siocair gur labhair siad ina dteanga dhúcháis féin. Anois, beidh Béal Feirste mar lóchrann comhionannais ar fud na hÉireann anois ó thaobh chearta teanga de agus cuirfidh an polasaí úr le stádas na hathbheochana pobal-bhunaithe iontaí atá faoi lánseoil ar fud na cathrach. Is clochmhíle ollmhór eile é an polasaí seo ar ár n-aistear fada i dtreo comhionannais agus i dtreo chearta teanga cuimsitheacha.”
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge, agus Cathaoirleach ar Chraobh Uí Thuama, Bóthar Seoighe:
“Tá muid beo i ré iontach don Ghaeilge, ní amháin anseo i mBéal Feirste, ach ar fud na sé chontae, tráth a bhfuil muid ag dúil le ceapadh an chéad Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh riamh. Beidh sé de dhualgas ar an Choimisinéir Ghaeilge nuacheaptha sin caighdeáin teanga ‘dea-chleachtais’ a mholadh d’údaráis phoiblí. Tá céim mhór sa treo sin tógtha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste anocht. Cinnteoidh an polasaí stairiúil seo go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus le húsáid níos minice agus níos normálta sa chathair. Deir na saineolaithe idirnáisiúnta ar fad linn go gcuireann infheictheacht agus inrochtaineacht na Gaeilge go mór le normálú na teanga, rud a chuidíonn go mór le caoinfhulaingt a mhéadú. Baineann na bunphrionsabail sin ní amháin leis an Ghaeilge, ach le gach ceist mhionlaigh agus cearta mionlaigh trí chéile. Is ionchas é an comhionannas, ní deonaíocht é. Cuireann muid fáilte ar leith roimh an mhír sa pholasaí a athraíonn teorainneacha na Ceathrún Gaeltachta agus a chuireann Bóthar Seoighe, baile dúchas na hathbheochana reatha, san áireamh sa limistéar sin faoi dheireadh thiar thall.”
X: @CnaG
Instagram: @cnagaeilge
