Skip to main content

Comhshaothar idir Spicebag agus Conradh na Gaeilge seolta le tacú le CEARTA - Agóid Náisiúnta na nGael

Díoladh amach an geansaí 'CEARTA' thar oíche nuair a éisíodh Dé Céadaoin é.

Tá geansaí speisialta, nach bhfuil ach líon teoranta díobh ar fáil, seolta ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirtíocht leis an ealaíontóir agus dearthóir Éireannach Spicebag do CEARTA - Agóid Náisiúnta na nGael, a bheidh ar siúl Dé Sathairn seo, 20 Meán Fómhair.

 

Is siombail dhlúthpháirtíochta í an geansaí "CEARTA" a eisíodh inné atá deartha chun guthanna na bpobal atá ag troid ar son chearta agus aitheantas na Gaeilge a neartú. Caithfear 70% den teacht isteach ar ghluaiseacht na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun cabhrú le costais an agóide náisiúnta. 

 

Aithnítear Spicebag lena dhearthaí atá fréamhaithe go polaitiúil agus go cultúrtha, agus as a chuid ealaíne a úsáid chun feasacht a ardú ar chúiseanna cearta sóisialta. Anuraidh, bhailigh a scairf ‘An Phalaistín' na mílte do Cros Dhearg na Palaistíne, agus díoladh amach a gheansaí peile le déanaí do dignity4palestine laistigh de chúpla uair an chloig.

 

Ag labhairt faoin gcomhoibriú, dúirt Spicebag: 

 

Bhí an Gaeilge i gcónaí tábhachtach i mo chuid oibre, bíodh sí fite fuaite i mo dhearthaí nó i dteidil mo chuid ealaíne, mar aon le bheith ag tabhairt aghaidh ar an éagothroime idir pobail, ar neamhinniúlacht an rialtais, agus ar mhargadh tithíochta briste. Nuair a tháinig Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge i dteagmháil liom le rud éigin a chruthú do CEARTA, thapaigh mé an deis na gnéithe sin de mo chleachtas a nascadh agus rud éigin fíorthábhachtach a chruthú.

 

In intinn líon mór Éireannach, maireann pobal labhartha na Gaeilge i ndomhan iomlán eile, agus saol draíochtúil acu amuigh ar an gcósta thiar nó thuas ar Bhóthar na bhFál - áiteanna a dtugtar cuairt orthu uair amháin sa bhunscoil, atá saor ó na géirchéimeanna éagsúla atá ag réabadh na tíre, thuaidh agus theas.

 

An fhírinne ná go bhfuil na pobail atá ag troid ar son na Gaeilge ag fulaingt chomh maith céanna - le costais chíosa agus tithe ag dul in airde, le ciorruithe ar mhaoiniú rialtais. Níl buansheasmheacht rúndiamhair ag an teanga; níl aon chinnteacht go mairfidh sí. Tá an fuinneamh agus tacaíocht chéanna uaithi agus a thugtar don tithíocht agus do cheisteanna sóisialta eile.”

 

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Róisín Ní Chinnéide a bhí ag obair le Spicebag ar an togra seo: 

 

“Beartaíodh an agóid seo a eagrú chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge dul chun sráide le chéile agus teachtaireacht dhoshéanta a thabhairt don rialtas nach nglacfar a thuilleadh leis an gcóras reatha ná leis an gcur i gcéill. Dheineas teagmháil le Spicebag le fáil amach an mbeadh spéis aige léine a dhearadh dúinn chun airgead a thiomsú i dtreo na gluaiseachta, agus táimid ana bhuíoch go deo go raibh sé sásta tabhairt faoin dtogra seo linn.

 

Tá dlúth-bhaint ag an bpolaitíocht agus ag an gceartas sóisialta le saothar ealaíne Spicebag, mar atá acu lenár gcuid oibre féin. Tá na Gaeil go síoraí ag seasamh i gcoinne na héagoithroime agus ag tabhairt dúshlán na n-údarás, thuaidh agus theas. Tá rímead orainn a bheith ag comhoibriú le healaíontóir a bhfuil an tréith chéanna go smior ann.”

 

Díoladh amach na geansaithe thar oíche, ach le freastal ar an éileamh is féidir anois réamhordú a dhéanamh ó shuíomh Spicebag -  spicebagmerch.bigcartel.com/product/cearta-jersey-spicebag-x-conradh-na-gaeilge


Le haghaidh tuilleadh eolais faoi CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael, a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 20 Meán Fómhair 2025, téigh go cnag.ie/cearta

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.