Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh mholadh na Cúirte chun treoir agus saineolas a iarr ó Choimisinéir na Gaeilge i gcás na comharthaíochta dátheangaí i Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste

Ceadaíodh fosta rochtain do Chonradh na Gaeilge ar na paipéir tráth a gcuireann an Breitheamh McAlinden an t-iarratas idirghábhála ar athló go ndéanann Airí tuilleadh machnaimh.

 

Bhí iarratas idirghábhála istigh ag Conradh na Gaeilge inniu, Déardaoin 11 Meán Fómhair, chun tacú le cinneadh an Aire Bonneagair Liz Kimmins CTR comharthaíocht dhátheangach a cheadú do Mhórstáisiún Láir Bhéal Feirste. Jamie Bryson a thóg an t-athbhreithniú i gcoinne an Aire Bonneagair an chéad uair. Chuir Conradh na Gaeilge tús lena iarratas idirghabhála ar 26 Lúnasa, i ndiaidh don Aire a beannacht a thabhairt don ghníomh sin. 

 

Níor ghlac an Breitheamh McAlinden cinneadh inniu ar idirghábháil Chonradh na Gaeilge. Ina áit, d’iarr sé ar na hAirí a bhfuil baint acu leis an chás cheana féin tuilleadh machnaimh a dhéanamh, agus mhol sé ionchur ón Choimisinéir Gaeilge nua-cheaptha maidir leis an chinneadh chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste.

 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh treoir na hArd-Chúirte inniu chun cead a thabhairt don Chonradh na paipéir uilig a bhaineann leis an chás seo a fheiceáil, rudaí a diúltaíodh dúinn roimhe seo. Níos tábhachtaí arís, molann muid treoir an Bhreithimh a d’iarr comhairle agus treoir ón Choimisinéir Gaeilge ar an cheist seo. Bheadh muid ag súil go mbeadh comhairle an Choimisinéara, a mbeidh dualgas air caighdeáin teanga dea-chleachtais a ullmhú, ag moladh na comharthaíochta dátheangaí mar ghníomh dea-chleachtais atá ag teacht le tíortha eile atá ag tabhairt faoi na ceisteanna céanna seo. Ar an bhunús sin, ba cheart go dtacódh aon treoir ón Choimisineir le bun-chinneadh an Aire.”

 

“Aontaíonn an Conradh go raibh cinneadh an Aire iomlán ceart agus go raibh an chumhacht aici an cinneadh sin a dhéanamh í féin mar Aire atá freagrach as an réimse seo. Tá cinneadh an Aire ag teacht le dualgais a Roinne faoin Cháirt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Tá sé ag teacht fosta le coimitmintí don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta “go ndéanfaí gníomh diongbháilte chun an Ghaeilge a chur chun cinn” agus “go ndéanfar labhairt agus scríobh na Gaeilge sa tsaol poiblí a éascú agus a spreagadh”. Thacaigh rún a ghlac Comhairle Chathair Bhéal Feirste ar son na comharthaíochta áirithe seo go mór le cinneadh an Aire fosta, agus chuir Foras na Gaeilge, a bhfuil dualgas reachtúil orthu comhairle a chur ar Rannaí Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge, comhairle ar an Aire gur fiú agus gur fearr an chomharthaíocht seo a dhéanamh ar bhonn dátheangach.”

 

“Is léiriú fisiceach í an chomharthaíocht dhátheangach ar an chomhionannas, áit a gcuirtear an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh ar aon dul, ar aon mhéid. Níl aon rud conspóideach faoin chomhionannas. Insíonn an dea-chleachtas idirnáisiúnta sa ghort seo dúinn go gcuireann infheictheacht na Gaeilge in áiteanna poiblí go mór le normálú na teanga, agus leis sin, spreagann sé ardú caoinfhulaingthe agus cóimheasa.”

 

Dúirt Niall Murphy, ó Dhlíodóirí KRW, atá mar aturnae Chonradh na Gaeilge sa chás seo:

 

“Bhí sé mar sprioc ag an iarratas idirghábhála seo, atá á ghlacadh againn thar cheann Chonradh na Gaeilge, tacú leis an chinneadh chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste, agus chun tacú le tuiscint na cúirte ar dhualgais dhearfacha na Roinne faoi chonarthaí idirnáisiúnta éagsúla. Tá an cinneadh seo ag teacht go hiomlán le litir agus le spiorad Chomhaontú Aoine an Chéasta,  a mholann “gníomh diongbháilte chun an teanga a chur chun cinn” agus “éascú agus gríosú na Gaeilge sa saol poiblí.” Fáiltímid roimh chinneadh na cúirte chun barúil fheasach an Choimisinéara Gaeilge a lorg, rud, thar am, a bhainfidh feidhm an chás seo.”

Gabhann Conradh na Gaeilge buíochas fosta leis an CAJ as ucht a gcuid tacaíochta leis an chás seo. 

______

NB. I gcás iomlán eile, beidh athbhreithniú breithiúnach ag Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh agus i gcoinne an Aire Pobal os comhair na hArd-Chúirte i mBéal Feirste maidin Luain, 15 Meán Fómhair, mar a bhaineann le teip leanúnach Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thabhairt isteach. Beidh seo ar an tríú athbhreithniú breithiúnach atá glactha ag an Chonradh ar an cheist seo ó 2017.

 

WhatsApp_Image_2025-09-11_at_12.40.18.jpeg

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.