Skip to main content

Tionscadal nua Dochtúireachta ceadaithe idir Ollscoil na Banríona agus Conradh na Gaeilge a dhéanfas grinnscrúdú ar ról na mBan i bhfeachtais chearta teanga sa dara leath den fhichiú aois

Eibhlín Nic Cormaic, iníon léinn de bhunadh na Gaillimhe, ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, a thabharfaidh faoin tionscadal taighde

 

Tá tionscadal nua Dochtúireachta (PhD) ceadaithe idir Ollscoil na Banríona agus Conradh na Gaeilge. Titfidh an tionscadal taighde amach idir Deireadh Fómhair 2025 agus mairfidh sé go dtí an tEarrach, 2029. 

 

Díreoidh an taighde seo ar Ghníomhachas na mBan agus ceist na Gaeilge sa dara leath den fhichiú haois. Ag tarraingt go príomha ar ábhair nua-chatalógaithe i gCartlann an Chonartha, déanfaidh an taighde scrúdú ar réimsí éagsúla de ghníomhachas na mBan; banchimí poblachtánacha, gníomhaithe teanga, baill Chonradh na Gaeilge agus Mná tí. Trí mionscrúdú a dhéanamh ar na rannóga éagsúla seo, tá sé mar aidhm ag an taighde tuiscint níos doimhne a fháil ar an nasc idir cúrsaí inscne agus cúrsaí teanga. 

 

Tá cur chuige Ollscoil na Banríona maidir leis an taighde dochtúireachta ag athrú, agus béim níos mó ná riamh ar thaighde a dhéantar i gcomhpháirt le heagraíochtaí áitiúla agus a théann chun leas an phobail. Léiriu ar nuálaíocht an tionscadail is ea go bhfuair an taighde seo maoiniú trí scéim iomaíoch Chuibhreannas Dhroichead an Tuaiscirt (Northern Bridge), ar scéim de chuid an AHRC (Arts and Humanities Research Council) é.

 

Dúirt Eibhlín Nic Cormaic, iníon léinn in Ollscoil na Banríona, a thabharfas faoin chéim Dhochtúireachta seo:

 

“Tá mé ag súil go mó leis an taighde seo a thosnú, agus a bheith i mBéal Feirste ag obair i gcomhpháirtíocht leis an gConradh. I mo thuairim tá an-tábhacht ag baint leis an taighde ceannródach seo, a amharcfar le tuiscint níos leithne a fháil ar an nasc a shamhlaítear idir cúrsaí teanga agus cúrsaí inscne. Tá mé cinnte go gcuideoidh saineolas agus tacaíocht Shíobhra, Phádraig agus Mharcais go mór liom leis an aistear seo atá amach romham.”

 

Dúirt an Dr Síobhra Aiken, Léachtoir Sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na Banríona, a bheas mar Chomh-Stiúrthóir ar an tionscadal:

 

“Is orainne atá an t-ádh go bhfuil páipéirí Chonradh na Gaeilge catalógaithe agus ar fáil anois don phobal. Tá seoda go leor sa chartlann sin agus tá mé cinnte go n-éiríonn le hEibhlín teacht ar ábhar a chuideos léi ceisteanna nua a chur faoi ról na mban i ngluaiseacht na Gaeilge le breis agus caoga bliain anuas. Tá taighde fíorthábhachtach déanta le tamall de bhlianta anuas ar ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta agus ar fheachtais teanga eile, ach tá tuilleadh le déanamh go fóill ó thaobh na mban de, agus tá pobal na Gaeilge trí chéile faoi chomaoin ag Eibhlín as tabhairt faoin obair thábhachtach seo.”

 

Dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, a bheas mar Chomh-Stiúrthóir seachtrach ar son Chonradh na Gaeilge ar an tionscadal:

 

“Tá lúcháir mhór orainn bheith aitheanta mar pháirtnéir oifigiúil mar chuid den tionscadal Dochtúireachta seo. Beidh deis iontach ag Eibhlín a saineolas ar chartlann Chonradh na Gaeilge a fhorbairt agus na caipéisí luachmhara atá i dtaisce inti a scrúdú agus a chur i láthair an domhain mhóir. Tá muid cinnte go bhfaighidh muid ar fad léargas nua ar ról na mban sna feachtais chearta teanga agus go spreagfaidh an taighde sin, agus na ceannródaithe a bheas faoi chaibidil, an chéad ghlúin eile i mbun gnímh. Tá mé ag súil go mór le bheith ag tacú le taighde Eibhlín mar chomh-Stiúrthóir ar an Docthúireacht agus toradh a cuid oibre a fheiceáil sna blianta beaga atá amach romhainn. Guíonn Conradh na Gaeilge gach rath ar an obair seo.”

 

 

TEAGMHÁIL:

 

Eibhlín Nic Cormaic

+353831366683 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Pádraig Ó Tiarnaigh 

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

07716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Eibhlín Nic Cormaic tar éis taighde bunchéime agus máistreachta a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i measc banchimí poblachtánacha le linn na Coimhlinte, a amharcann ar fhoghlaim na Gaeilge sna príosúin agus an nasc féideartha idir an Ghaeilge agus an feimineachas. Tá sí tar éis an páipéar a bhaineann lena taighde a thabhairt ag comhdháileacha sa Bhrúiséil, i Méiriceá, sa Bhreatain Bheag agus go deimhin, in Éirinn. Leanfaidh an taighde PhD ar aghaidh ar amharc ar an nasc idir cúrsaí inscne agus cúrsaí teanga. Chaith sí bliain ag teagasc na Gaeilge in Davidson Davie Community College, North Carolina ar scoláireacht Fulbright. Tá sí ina ball den Choiste Gnó le cúig bliana anuas. 

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.