Skip to main content

CEARTA: Mórshiúl Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an 20 Meán Fómhair fógartha inniu

Mar thoradh díreach ar theip ón dá Stát réitigh shásúla a aimsiú ar mhór-cheisteanna teanga, Gaeltachta, oideachais agus maoinithe a aontaíodh na Gaeil a thabhairt chun sráide san Fhómhar

 

Tá ‘CEARTA: Mórshiúl Náisiúnta na nGael’ fógartha inniu. Titfidh an Mórshiúl amach Dé Sathairn 20 Meán Fómhair 2025. Baileoidh an slua le chéile ag Cearnóg Pharnell agus siúlfar fríd croílár Bhaile Átha Cliath comh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid. 

 

Tháinig fógra an lae inniu mar thoradh ar chruinnithe éigeandála, ar Thionóil Ghéarchéime, agus ar chomhráití móra idir neart de na mór-fheachtais thuaidh theas. Aontaíodh mionsonraí an mhórshiúil ag an Tionól Géarchéime Náisiúnta a eagraíodh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag deireadh mhí na Bealtaine agus is ag an chruinniú chéanna a pléadh na mór-éilimh seo a leanas a bheadh le cur chun tosaigh ar an lá mór féin:

 

Éileamh 1: Maoiniú
Go n-aithneofar an bonnleibhéal maoinithe éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an séanadh cearta teanga éirithe as sin thar na blianta don phobal agus go gcuirfear maoiniú sásúil ar fáil tríd na háisíneachtaí stáit cuí le freastal go cothrom ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

 

Éileamh 2: Tithíocht sa Ghaeltacht

Go gcinnteofar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais agus an teanga a shlánú mar theanga phobail sna ceantair chéanna

 

Éileamh 3: Oideachas

Go mbeidh an ceart agus an soláthar sásúil cuí curtha ar fáil ag an dá Rialtas thuaidh agus theas chun go mbeidh gach dalta scoile in ann freastail ar an nGaelscolaíocht agus go mbeidh an ceart agus an soláthar sásúil cuí curtha ar fáil do gach dalta scoile le Gaeilge a fhoghlaim i gcóras comhthaite i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla

 

Éileamh 4: Cearta

Go gcomhlíonfar agus go gcuirfear gach cearta teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanais Rialtais bainte amach le tamall de bhlianta anuas i bhfeidhm gan a thuilleadh moille

 

Ní raibh Mórshiúl ‘agóide’ den chineál seo sa Phríomhchathair ó bhí 2014 ann. Idir an dá linn bhí dhá ‘Lá Dearg’ i mBéal Feirste, in 2017, agus arís in 2022, nuair a mheas lucht a eagraithe go raibh suas le 20,000 i láthair chun Acht Gaeilge a éileamh. 

 

Dúirt Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge i mBoirche Íochtar, Contae an Dúin, atá ag plé le grúpa oibre náisiúnta ata ag obair i dtreo an mhórshiúil:

 

“Agus na grúpaí feachtais ar fud na tíre ag teacht le chéile go mion-minic le cupla bliain anuas, d’éirigh sé níos soiléire le himeacht ama go bhfuil muid beo i dtréimhse géarchéimeanna, tréimhse chorraitheach a leagfaidh amach an treo taistil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don chéad ghlúin eile. Tá eigeandáil mhaoinithe againn. Tá géarchéim tithíochta againn sa Ghaeltacht. Tá mór-fhadhbanna oideachais ann ar fud an oileáin agus tá pobail thuaidh theas ag éileamh chearta teanga agus cur i bhfeidhm coimitmintí, gan mhórán de thoradh, le fada an lá. Is faoin dá Rialtas atá sé na fadhbanna criticiúla seo a réiteach, ach is fúinne atá sé iad a chur os a gcomhair. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh le teipeanna, le neamhshuim agus le naimhdeas arís agus arís eile. Siúlaimís ar son ar gcearta. Siúlaimís ar son thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta.”

 

Ag caint ar cheist na tithíochta Gaeltachta, a bheas mar cheann de mhór-éilimh an lae, dúirt Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga do Dhaingean Uí Chúis:

 

“Le blianta móra fada tá muintir na Gaeltachta ag maíomh go bhfuil géarchéim tithíochta ag réabadh na gceantar seo, agus ag réabadh na Gaelainne mar theanga labhartha phobail dá réir. Ar lámh amháin deir an stát go bhfuil siad ag tacú le próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, ach ar an lámh eile tá beag is fiú á dhéanamh den bpróiseas céanna agus an cur chuige pobalbhunaithe le polasaithe tithíochta an rialtais atá ag éascú an léirscriosta seo ar bhonn córasach. Is iad na ceantair Ghaeltachta a thug an teanga slán ós na céadta bliain den gcóilíniú, ón nGorta Mór, agus ón eisimirce - ach tá siad anois i mbaol ag córas tithíochta go bhféadfaí a athrú dá mbeadh an toil pholaitiúil ann. Táimidne ag dul chun sráide le léiriú nach nglacfaimid a thuilleadh leis an gcóras reatha agus go bhfuilimid ag súil le torthaí suntasacha a fheiscint ón Rialtas le go mbeidh pobal óg na Gaeltachta go háirithe in ann fanacht agus maireachtaint ina gceantair dhúchais fhéin.”

 

Mar chuid den ghairm chun sráide, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus ina Chathaoirleach ar an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga:

 

“Níl aon ghníomh níos cumhachtaí ná na mílte Gael ag dul chun sráide. Chonaic muid é seo síos fríd stair na Gaeilge agus na Gaeltachta riamh anall, gur féidir linn, mar phobal, éachtaí a bhaint amach nuair a sheasann muid agus nuair a shiúlann muid le chéile, nuair a thugann muid dúshlán an Stáit, bíodh sin thuaidh nó theas, agus nuair a labhraíonn muid ar aon ghuth amháin. Bíodh sé fríd ceannródaithe Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, tríd buanna mórshiúlta BÁC roimhe seo agus fríd buanna stairiúla an Dream Dearg ar na mallaibh, tuigeann muid go bhfuil an chumhacht againn an domhan ina maireann muid a athrú. Tosaíonn an chéad chaibidil eile ar aistear seo an ghíomhachais ar an 20 Meán Fómhair. Más mian linn an dá Stát a thabhairt chuig an phointe go mothaíonn siad gur gá dóibh bogadh ar na ceisteanna práinneacha seo, is fúinne atá sé léiriú daofa nach stopfaidh muid go dtí go dtabharfar aghaidh ar an fhaillí éagothrom déanta sna blianta roimhe seo agus go dtugann siad cothrom na Féinne, comhionannas agus meas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.”

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.