Skip to main content

‘Cor ciniúna’ don Ghaeilge má chuirtear Moltaí an Athbhreithnithe Curaclaim nua i bhfeidhm go héifeachtach

Tagann an tuairisc tráth ar fhoilsigh Comhairle na Breataine treochtaí débhliantúla teanga a léiríonn dul chun cinn an-dearfach don Ghaeilge ag leibhéal bunscoile agus meánscoile.

 

Foilsíodh an tAthbhreithniú Straitéiseach ar Churaclam an Tuaiscirt inné, Dé Máirt 3ú Meitheamh 2025. Tá roinnt moltaí suntasacha sa tuairisc a bhaineann le hearnáil na Gaelscolaíochta; 

 

Moladh 4 - Sraitheanna Curaclaim 

Ba chóir snáitheanna saincheaptha a chruthú d’earnáil na Riachtanas Speisialta Oideachais (RSO) agus na Gaelscolaíochta chun dul in éineacht le príomhchreat an churaclaim, ag cur san áireamh a riachtanais uathúla mar aon le comhthéacs an tumoideachais. [lch. 157]. [Féach freisin, míreanna 9.118 - 9.120, lch. 114]. 

 

Moladh 18 – Forbairt acmhainní / áiseanna

Ba cheart scéim forbartha acmhainní/áiseanna a bhunú chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim... Ba cheart go gcuirfeadh an scéim agus an t-ardán seo acmhainní sonracha atá deartha leis agus don earnáil RSO agus na Gaelscolaíochta. [lch. 159]. [Féach freisin, ‘Ualach Oibre do Mhúinteoirí’, mír 6.34, lch. 59]. 

 

Soláthar múinteoirí

2.20 Tá comhthéacsi na Gaelscolaíochta níos déine fós. Tá sainmhúinteoirí a bhfuil na scileanna teanga agus tumoideachais a théann leo go mór de dhíth ar an earnáil agus iad seo ina mbacanna suntasacha. [lch. 19]. 

 

Buanna agus laigí an Churaclaim

Míoiriúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta: 

6.40 Chuir ionadaithe ón earnáil lán-Ghaeilge imní mhór in iúl nach léiríonn an curaclam reatha réaltachtaí an tumoideachais go leor. Cé gur aistríodh an curaclam reachtúil atá ann cheana go Gaeilge, le treoir curtha ar fáil, tugadh faoi deara go forleathan nach dtugann an cur chuige seo cuntas ar na cuir chuige oideolaíocha ar leith, ar na riachtanais maidir le sealbhú teanga agus ar chonairí foghlama na ndaltaí a fuair oideachas trí Ghaeilge... [pg. 60-1] [Féach, ‘Míoiriúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta’, míreanna 6.40 - 6.44, pgs 60-1].

 

Déanann an tuairisc moladh maidir le soláthar reachtúil theangacha seachas an Béarla ag leibhéal Bunscoile (Eocharchéim 2, aois 8-11), rud a bheadh ag teacht le Clár na dTeangacha Bunscoile (PLP) a bhí ar bun idir 2007-2015, agus scéim reatha Gael Linn dar teideal Scoil Spreagtha

 

Moladh 13 – Teangacha Bunscoile

Tar éis tréimhse thosaigh cúig bliana, chun am ullmhúcháin a thabhairt don earnáil, ba cheart ‘Teangacha seachas an Béarla’ a chur isteach mar shnáithe reachtúil laistigh de Réimse Foghlama Teanga agus Litearthachta ag Eocharchéim 2, atá dírithe ar dhearcthaí dearfacha a fhorbairt maidir le teangacha agus scileanna foghlama teanga inaistrithe a fhoghlaim. [lch. 158].  [Féach freisin, ‘Teangacha’, míreanna 11.23 - 11.31]. 

 

Ag teacht sna sála ar an Athbhreithniú sin, d’fhoilsigh Comhairle na Breataine, inniu, Dé Céadaoin, an 4 Meitheamh, a dtuarascáil dhébhliantúil ‘Treochtaí Teanga’. Tá na huasdátuithe seo a leanas ar Threochtaí Teanga san earnáil oideachais maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge le sonrú sa tuarascáil:

 

Fás agus suim athnuaite sa Ghaeilge:

Tá an Ghaeilge á teagasc ag Eocharchéim 3 in 41.9% d’iar-bhunscoileanna a thug freagra (suas ó 35% in 2023); 

 

Tá méadú de 14.9% tagtha ar iontrálacha GCSE in 2024 i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin;

 

Ag leibhéal bunscoile, tá tascairí dearfacha fáis. Tá teanga á teagasc i mbeagnach dhá thréan (64.7%) de bhunscoileanna a thug freagra, suas ó 51% in 2023. Is í an Ghaeilge an teanga is coitianta atá á teagasc, le Fraincis agus Spáinnis ina dhiaidh sin. 

 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá earnáil na Gaelscolaíochta ag éileamh le fada an lá go ndéanfaí leasú agus forbairt chuimsitheach ar an tacaíocht a chuireann an stát ar fáil do Ghaelscoileanna, do dhaltaí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí. Leagadh amach san athbhreithniú curaclaim go leor de na saincheisteanna práinneacha atá os comhair ár scoileanna, lena n-áirítear an gá atá le curaclam saincheaptha don earnáil, mar aon le cur chuige earnáilsonrach mar a bhaineann le forbairt acmhainní agus soláthar múinteoirí. Ar ndóigh, tá béim leagtha ag earnáil na Gaelscolaíochta agus ag saineolaithe monatóireachta idirnáisiúnta ar na saincheisteanna sin go léir, mar aon le ceisteanna barrthábhachtacha eile, soláthar Riachtanais Speisialta Oideachais agus cóiríocht oiriúnach, mar shampla.”

 

“Cuireann muid fáilte roimh an fhógra gur cheadaigh an tAire Oideachais ar na mallaibh go bhforbróidh a Roinn Straitéis agus Plean Gníomhaíochta don Oideachas lán-Ghaeilge. Ní mór an obair a thabhairt chun cinn gan mhoill, agus an Straitéis sin a bhunú ar an dea-chleachtais don tumoideachas agus ar riachtanais na hearnála. Tá muid ag dúil le bheith ag obair leis an Roinn chun an Straitéis sin a fhorbairt. Tá Conradh na Gaeilge tiomanta i gcónaí an reachtaíocht a thacaíonn le forbairt na Gaelscolaíochta a neartú agus tá obair ar bun chun dréacht-Bhille Gaeloideachais a thabhairt chun tosaigh a thógfadh ar an dualgas reachtúil atá ann cheana féin, cosúil leis an Acht um Oideachas Imeasctha (2022).

 

Dúirt Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge:

 

“Is ábhar mór misnigh iad torthaí thuarascáil Treochta Teanga Chomhairle na Breataine dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le cur chun cinn agus teagasc na Gaeilge. Tá a fhios againn le blianta beaga anuas go bhfuil an tsuim sa teanga faoi bhláth ag leibhéil éagsúla, agus go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí atá ag freastal ar ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, mar shampla, ag dul ó neart go neart. Léirítear sna Treochtaí Teanga 2025 treochtaí fáis suntasacha maidir le foghlaimeoirí GCSE, soláthar Eochairchéim 3 agus ag leibhéal na bunscoile, áit a bhfuil an Ghaeilge ar thús cadhnaíochta ag Eochairchéim 2, mar thoradh ar rath iontach na scéime Scoil Spreagtha atá á riar ag Gael Linn.”

 

“Tá sé an-tráthúil, mar sin, gur mhol an tAthbhreithniú ar an Churaclam go mbeadh teanga bhreise ina riachtanas reachtúil ag Eochairchéim 2 laistigh de 5 bliana. D'fhéadfadh an moladh sin a bheith ina fhorbairt chlaochlaitheach maidir le leabú na Gaeilge in earnáil an oideachais Bhéarla. Is léiriú é ar thionchar dochreidte ‘Scoil Spreagtha’ blianta fada i ndiaidh do dheireadh bheith curtha le Clár na dTeangacha Bunscoile.”

 

“Tugann muid faoi deara, áfach, cé gur thagair an tAthbhreithniú do na deacrachtaí atá roimh theangacha ag GCSE, nár mhol sé riachtanas a chur ar gach dalta teanga eile, seachas an Béarla, a ghlacadh ar aghaidh mar chroí-ábhar chuig GCSE. Leanfaidh muid orainn bheith ag obair leis an Roinn ar an ábhar sin, agus, go háirithe, le Comhaltaí an Tionóil, agus muid ag iarraidh polasaí den chinéal sin a thabhairt chun cinn go luath.” 

 

TEAGMHÁIL:

 

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

202 Bóthar na bhFál, BT12 6AH 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is féidir teacht ar an Athbhreitniú ar an Churaclam anseo: 

https://www.education-ni.gov.uk/sites/default/files/2025-06/NI%20Curriculum%20Review_0.pdf 

 

Is féidir teacht ar Threochtaí Teanga Chomhairle na Breataine 2025 anseo:

https://nireland.britishcouncil.org/programmes/education/language-trends-northern-ireland 

 

Screenshot_2025-06-04_at_08.44.37.png

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.