Cáineann Conradh na Gaeilge go géar cur chuige na Comhairle agus teip an Rialtais treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú agus a fheidhmiú
Is í Comhairle Contae Chorcaí an t-aon Chomhairle sa tír nach bhfuil oiread is beartas teanga amháin acu mar a bhaineann sé le forbairtí tithíochta i gceantar Ghaeltachta faoina cúram, agus tá tugtha le fios acu i ráiteas a cuireadh ar fáil do Raidió na Gaeltachta a pléadh ar an gclár Adhmhaidin inniu nach bhfuil ‘aon phlean acu athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige reatha.’ Tá tagairt sa ráiteas don easpa treoirlínte náisiúnta, don deacracht a bhaineann le cur i bhfeidhm coinníollacha teanga, agus don ‘easpa modh deimhnithe náisiúnta’ chun cumas Gaeilge a mheas.
Rinneadh comparáid ar an gclár Adhmhaidin le Comhairle Contae Chiarraí agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, an dá Chomhairle eile i gCúige Mumhan a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram acu. Mar shampla, tá sé de pholasaí ag Comhairle Contae Chiarraí 66% de na haonaid i bhforbairtí sa Ghaeltacht a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge, agus is é 80% an figiúr i nGaeltacht Phort Láirge. Tá an córas measúnaithe TEG in úsáid sa dá chontae chomh maith.
Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Cathaoirleach ar Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge agus Oifigeach Pleanála Teanga le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt:
“Is léiriú géar é cur chuige Chomhairle Contae Chorcaí den dochar atá á dhéanamh in éagmais treoirlínte pleanála Gaeltachta náisiúnta, a thabharfadh soiléiriú ar na ceisteanna atá tarraingthe aníos ag an gComhairle agus a leagfadh dualgas orthu coinníollacha teanga a fheidhmiú mar is ceart. In ainneoin teip fhollasach an Rialtais treoirlínte atá geallta le 4 bliana anuas a fhoilsiú, áfach, tá cur chuige réamhghníomhach glactha ag Comhairlí eile fud fad na tíre coinníollacha teanga a dhaingniú ina bPleananna Forbartha. Cé nach bhfuil siad gan locht, tá iarracht iontu dul i ngleic le ceist na gcoinníollacha teanga. Déanann cur chuige Chomhairle Contae Chorcaí - sé sin, fanacht glan amach ón gceist - beag is fiú den phróiseas pleanála teanga agus den phobal áitiúil.”
Dúirt Donnchadh Ó hAodha, ball de Chraobh Chúil Aodha:
“Tá muintir Ghaeltacht Mhúscraí ag saothrú go dian chun an Ghaelainn a chothú agus a neartú inár bpobal. Is údar mór náire é go bhfuil an bonn á bhaint ón obair sin ag Comhairle Contae Chorcaí, agus Plean Forbartha an Chontae gann ar na coinníollacha teanga is bunúsaí fiú. Nuair atá forbairtí á gceadú sa Ghaeltacht gan aon iarracht teanga an cheantair a chaomhnú, cuirtear inmharthanacht na Gaelainne mar theanga phobail in amhras. Is teip ghníomhach í seo, agus ní mór aghaidh a thabhairt uirthi láithreach.”
Iarrann Conradh na Gaeilge ar Chomhairle Contae Chorcaí athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar an gcur chuige reatha ó thaobh tithíocht sa Ghaeltacht de, agus ar an Rialtas na treoirlínte pleanála atá riachtanach do thodhchaí na bpobal Gaeltachta, a fhoilsiú láithreach bonn.
