Skip to main content

“Beidh suíochan ann don Aire Oideachais  - An mbeidh sí linn?”

Tugann daltaí ó 5 Ghaelscoil an t-éileamh le haghaidh cruinnithe idir an Aire Oideachais agus an Feachtas ar son a nGaelcholáiste nua chuig Teach Laighean

Bhí breis is 100 dalta ó chúig Ghaelscoil (Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde), atá lonnaithe sa cheantar scoile Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8, ag léirsiú inniu, Dé Céadaoin, 11 Feabhra, ag Teach Laighean le héileamh ar an Aire Oideachais Helen McEntee bualadh leis an bhfeachtas chun plé a dhéanamh ar an nGaelcholáiste a gealladh i mí Mheán Fómhair seo caite.

 

Ar an 11 Meán Fómhair 2024, d’fhógair an Aire Oideachais ag an am, Norma Foley, go mbeidh Gaelcholáiste forbartha ar Sráid Heytesbury. In ainneoin go leor iarratas le bualadh leis an Aire Oideachais le hocht mí anuas, ní hamháin nár bhuail an feachtas leis an Aire, ach rinneadh neamhaird ar gach iarratas ar chruinniú.

 

Dúirt Cormac Chambers, Príomhoide ó Ghaelscoil Lios na nÓg:

 “Táimid i mbun feachtais le ceithre bliana anuas ar son Gaelcholáiste inár gceantar scoile. Chuireamar fáilte roimh an gcinneadh a rinne an tAire Oideachais ag an am, Norma Foley, i mí Mheán Fómhair seo caite chun Gaelcholáiste a bhunú. Ach in ainneoin go leor iarratas ó shin i leith chun bualadh leis an Aire Foley nó leis an Aire Oideachais nua ó mhí Eanáir, Helen McEntee, TD, níor tugadh deis dúinn bualadh leis an Aire. Ní bhfuaireamar fiú freagra ar na hiarratais a rinneadh le haghaidh cruinnithe. Mothaíonn baill an fheachtais an-díomá, frustrachas agus fearg go bhfuil neamhaird á déanamh orthu sa phróiseas chun Gaelcholáiste a bhunú. Creidimid go bhfuil go leor le tairiscint againn, agus gur geallsealbhóir suntasach muid, i mbunú an Ghaelcholáiste. Chomh maith leis sin, tá líon mór ceisteanna againn atá freagraí ag teastáil orthu más mian linn a chinntiú go mbunófar Gaelcholáiste rathúil. Táimid ag iarraidh ar an Aire bualadh leis an bhfeachtas a luaithe is féidir chun a chinntiú gur féidir linn oibriú le chéile chun Gaelcholáiste rathúil a bhaint amach.”

 

Dúirt Karen Hinkson-Deeny, tuismitheoir atá ag súil len a pháiste a chlárú sa Ghaelcholáiste nua: 

“Faoi láthair, níl a fhios agam cén foirgneamh a mbeadh mo pháiste lonnaithe ann, an mbeidh sí lonnaithe san fhoirgneamh céanna le linn a sé bliana d'oideachas dara leibhéal, an mbeidh leithreas ag mo pháiste le húsáid mar nach bhfuil aon leithris do chailíní i bhfoirgneamh Shráid Synge CBS faoi láthair, an mbeidh gach ábhar ar fáil aici i nGaeilge, cé a bheidh ar an mbord bainistíochta agus an mbeidh aon duine acu in ann Gaeilge a labhairt, conas a chinnteofar go bhfaighidh mo pháiste agus páistí eile ina rang tumoideachas iomlán i nGaeilge, agus thar aon rud eile, an n-osclófar an clárú scoile i mí Dheireadh Fómhair 2025 nuair nach bhfuil Príomhoide fostaithe fós fiú don Ghaelcholáiste. Níl iontu seo ach cuid de na ceisteanna atá agam mar thuismitheoir atá ag streachailt lena chinntiú go bhfaighidh mo pháiste oideachas trí mheán na Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor ar chor ar bith, ná cothrom do na tuismitheoirí go léir inár scoileanna, nach bhfuil an tAire ag bualadh linn chun na ceisteanna seo a phlé agus chun go gcloisfidh sí ó na daoine a throid ar son an Ghaelcholáiste le ceithre bliana anuas. Ba mhaith linn go léir go n-éireoidh go geal leis an nGaelcholáiste nua seo ach tá drochthús tar éis a bheith againn go dtí seo.”

 

Tá an feachtas ar son Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2468 ag iarraidh ar an Aire Oideachais nua, Helen McEntee, TD, bualadh leis an bhfeachtas gan a thuilleadh moille.

AR LÍNE: X @Gaelcholaiste2 / Instagram @gaelcholaiste2468 / #Gaelcholáiste2468

 

Breis eolais:

  • Tá cúig Ghaelscoil (Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde), atá lonnaithe i gceantar scoile Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8 i mbun feachtais ar son Gaelcholáiste inár scoilcheantar le ceithre bliana anuas

  • Geallann an Clár Rialtais nua: “Deiseanna a mhéadú do dhaltaí freastal ar Ghaelscoileanna agus Ghaelcholáistí”. Tá éileamh mór léirithe againn trí shuirbhé ar thuismitheoirí inár 5 Ghaelscoil a léiríonn go bhfuil suim ag 521 páiste freastal ar an nGaelcholáiste inár scoil. Tá taighde déanta againn freisin ar mhianta tuismitheoirí don Ghaelcholáiste nua agus is mian linn é sin a roinnt leis an Aire.

  • Tá tuairimí na dtusimitheoirí sa 5 Ghaelscoil páirteach san fheachtas do Ghaelcholáiste 2468 thíos:

  1. Amlíne: Go bhfoilseofar láithreach bonn amlíne leis an scoil a oscailt i mí Meán Fómhair 2026. Caithfear seo a dhéanamh go háirithe le bheith cothrom ar na daltaí atá i rang a 5 faoi láthair agus atá ag smaoineamh ar an nGaelcholáiste i mí Meán Fómhair 2026

  2. Roinnt soiléir idir na daltaí: (a) Nach mbeidh na daltaí sa Ghaelcholáiste nua measctha in aon slí leis na daltaí sa scoil reatha a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ar bhonn teangeolaíochta de le bheith cothrom do na daltaí ar fad sa dhá chuid den scoil. Bheadh sé rídheacair an tumoideachas a chur i bhfeidhm má tá aon mheascadh idir na daltaí agus bheadh ceist ollmhór ann an gcuirfidh tuismitheoirí na nGaelscoileanna sa cheantar a bpáistí chuig an scoil mura féidir teanga na scoile a chinntiú. Mura féidir leis seo tarluint san fhoirgneamh scoil reatha a fhad is atá daltaí ann sa chuid den scoil ag feidhmiú trí Bhéarla is gá teacht ar fhoirgneamh eile ar an suíomh, más féidir, nó sa cheantar mura féidir leis seo a chinntiú go sealadach

  3. Campas Scoile: (a) Go bhforbrófar campas scoile a ghlacfaidh le ar a laghad 400 dalta (seo é an bunfhigiúr a úsáideann an Roinn fhéin do bhunú Gaelcholaistí nua) - níor chóir dearmad a dhéanamh go mbeidh an Gaelcholáiste seo ag freastail ar 5+ Gaelscoil, scoileanna eile a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla sa cheantar agus go bhfuil sí ar an líne LUAS

(b) Go mbeidh na háiseanna cuí ar fad sa Ghaelcholáiste.  San áireamh sna háiseanna sin, bheadh na háiseanna a leanas a tuigtear dúinn nach bhfuil san áireamh san fhoirgneamh reatha: leithris cailíní, saotharlann eacnamaíocht baile, saotharlann fisic beo, seomra agus acmhainní RSO (faoi mar a leagtar amach iad ag an Roinn Oideachais fhéin - sonraí thíos); páirc peile fiú más gá é a chur ar an díon, ar nós Educate Together, Ardán Fhearchair)

(c) Go mbeidh aon fhorbairt ar an bhfoirgneamh faoi chúram agus tiomanta ag an Roinn Oideachais agus tríd sin an fhorbairt curtha i gcríoch chomh gasta is gur féidir

(d) Mura féidir na riachtanais luaite thuas curtha san áireamh sa scoil reatha ar Sráid Heytesbury, go leagfar an scoil reatha agus scoil nua a thógáil leis na hacmhainní cuí agus seo ar fad a chur san amlíne

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.