Skip to main content

Buaileann Conradh na Gaeilge le Rúnaí Stáit na Breataine, Hilary Benn MP, agus é ar cuairt ar Ghór na Móna in iarthar Bhéal Feirste

Buaileann Conradh na Gaeilge le Rúnaí Stáit na Breataine, Hilary Benn MP, agus é ar cuairt ar Ghór na Móna in iarthar Bhéal Feirste

sos2.jpeg

 

 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

 

“Thóg Conradh na Gaeilge an deis fáilte a chur roimh aisghairm Acht 1737 a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna anseo, aisghairm a d’fhógair Rúnaí Stáit na Breataine ar na mallaibh, agus chuir muid fáilte roimh an mhéid dhearfach a bhí le rá aige maidir le comharthaíocht dhátheangach i Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste. Bhí an cruinniú bunaithe ar ár mbuaireamh maidir le freasúra an DUP i gcoinne na Gaeilge, freasúra atá ag dul i méid le roinnt seachtainí anuas, bíodh sin an freasúra mór i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí sa Mhórstáisiún úr i mBéal Feirste, an bac leanúnach atá an leas-Chéad-Aire ag cur i gcoinne struchtúr nua maoinithe d’Fhoras na Gaeilge, agus an mhoill fhada ón Aire Pobal Gordon Lyons ar fhorbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó thuaidh, moill atá i ndiaidh ár dtríú cás cúirte ar an Straitéis seo a spreagadh. Tá seo ar fad ag titim amach sa chomhthéacs go bhfuil an DUP i ndiaidh próiseas don Choimisinéir Gaeilge a cheadú. Mar sin, bhí muid iontach soiléir leis an Rúnaí Stáit, má leanann an DUP ar aghaidh leis an fhreasúra mhór seo i gcoinne na Gaeilge, freasúra a chraplóidh bun-fheidhmeanna an Choimisinéara Ghaeilge agus a dhéanfaidh scrios ar mhuinín an phobail sna hinstitiúidí polaitiúla, beidh an dualgas air mar Rúnaí Stáit seasamh isteach, idirghabháil a dhéanamh agus na cearta teanga a aontú agus a chur i bhfeidhm é féin. Tugann an tAcht Gaeilge a tháinig isteach in 2022 na cumhachtaí cuí don Rúnaí Stáit chun an idirghabháil sin a dhéanamh. Chuir muid ina luí air inniu go mbeidh muid ag súil leis na cumhachtaí sin a úsáid sa chás go leanann freasúra an DUP ar aghaidh.” 

 sos_6.jpeg

sos4.jpeg

 

sos5.jpeg

 

sos3.jpeg

 

sos.jpeg

 

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.