Skip to main content

Láthair champála Ghaeltachta le filleadh ar an bfhéile cheoil is mó in Éirinn ag an bPicnic Leictreach

 Ardán Gaeilge sa Chollchoill agus Láthair Champála Ghaeltachta ag EP mar chuid d’fheachtas Croí na Féile le Conradh na Gaeilge

Beidh Croí na Féile, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge, faoi bhláth arís ag an bPicnic Leictreach agus arís eile beidh deis ag lucht campála a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála, an Láthair Ghaeltachta. A bhuíochas le tacaíocht ó Festival Republic beidh Croí na Féile ag cur an Ghaeilge i lár an aonaigh ag EP arís i mbliana. 

Tabharfaidh suíomh an champa deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine. Tá An Láthair Ghaeltachta ann le deis a thabhairt do dhaoine an teanga a chur ag Croí na Féile agus taitneamh a bhaint as spás le campálaithe Gaeilge eile le linn an deireadh seachtaine, le ticéid díolta amach don láthair le blianta beaga anuas. Leanfar leis an mbéim ar chúrsaí athchúrsála agus aire don timpeallacht sa Láthair Ghaeltachta i mbliana, le háiseanna athchúrsála agus eolas maidir leis an láthair - agus an domhan! - a choinneáil glan. 

 

Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Conradh na Gaeilge:

Tá lúcháir orainn tacaíocht a fháil ó Festival Republic agus láthair champála na Gaeltachta agus an t-ardán sa Chollchoill a thabhairt thar nais go Electric Picnic arís an samhradh seo. Fágann a dtacaíocht leanúnach gur féidir le lucht na féile bheith ag súil le go leor ceoltóirí Gaelacha a chloisteáil i rith na deireadh seachtaine sa Collchoil (Hazelwood) agus is féidir leo clárú don láthair champála Ghaeltachta freisin.”

 

Dúirt Melvin Benn, Stiúrthóir Bainistíochta Festival Republic: 

Mar an fhéile cheoil agus ealaíon is mó in Éirinn, tá sé tábhachtach dúinne go bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge ag Electric Picnic. Ag obair le Conradh na Gaeilge le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar líon na n-ealaíontóirí Gaeilge a bhíonn ag an bPicnic agus i mbliana beidh láithreacht níos mó fós ag an láthair champála Ghaeltachta ag an bhféile. Tá súil againn go n-ardóidh seo ar fad, mar aon le tionscadail eile a bhfuilimid ag obair orthu, feiceálacht na Gaeilge ag Electric Picnic agus go dtabharfaidh sé deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid ar feadh an deireadh seachtaine."

 

Clárúchán don Láthair Champála Ghaelach:

Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastail Electric Picnic teacht agus fanacht sa láthair champála  Ghaeltachta, áit ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha le ceol, craic agus cannaí i measc na nGael ag an bhféile. Ticéid ar fáil trí Ticketmaster. Is trí bhanda riosta breise amháin a bheidh rochtain ar an láthair. Spásanna teoranta ar fáil.

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.