Gníomhaithe ag súil le €50,000 a thiomsú do ACLAÍ Palestine sa Lajee Center i mBruach Thiar na Palaistíne
Baileoidh 50 Gael as gach cearn den tír le chéile go moch ar maidin i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath Dé Sathairn beag seo le tús a chur le dúshlán snámha atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge chun airgead a thiomsú do ACLAÍ Palestine, croí-thionscadal den Lajee Center i gcampa teifeach Aida, Bruach Thiar na Palaistíne. Thar dhá lá, rachaidh an grúpa tuathal timpeall na tíre ar bhus ag snámh san fharraige i ngach ceann den 17 contae in Éirinn atá suite ar an gcósta.
San áireamh san aistear, beidh an grúpa ag snámh i mBaile Brigín, i mBaile an Bhiataigh, sna Creagacha Dubha, ag an bPointe, i bPort Rois, i bPort na Binne Uaine, i mBun Dobhráin, sa dTulachán, sa Mhullach Mór agus i gCill Ala. Cuirfear tús leis an dara lá i mBóthar na Trá sa Ghaillimh, ansin rachaidh an grúpa ó dheas le snámh i mBaile Uí Bheacháin, i mBaile an Bhuinneánaigh, in Eochaill, i gCeann Heilbhic agus i mBaile na Cúirte roimh an snámh deiridh i mBré, co. Chill Mhantáin. Cuirfear fáilte mhór roimh phobail áitiúla sna ceantair éagsúla fad an turais teacht amach le dlúthpháirtíocht agus tacaíocht a léiriú.
Ag labhairt faoin imeacht, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha le Conradh na Gaeilge:
“Ritheadh rúin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana agus anuraidh maidir le dlúthpháirtíocht don Phalaistín, idir sos cogaidh buan láithreach a éileamh agus polasaí BDS a chur i bhfeidhm laistigh den eagraíocht. Theastaigh uainn tacú go réamhghníomhach le pobal na Palaistíne, agus tá nasc nádúrtha againn le ACLAÍ Palestine agus an Lajee Center: tá sealanna caite ag daoine éagsúla ó phobal na Gaeilge i mbun obair dheonach sa Lajee Center le blianta beaga anuas agus i mí na Nollag 2024, cláraíodh craobh de Chonradh na Gaeilge in ionad Lajee - an chéad chraobh riamh sa Phalaistín.”
Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideacha le Conradh na Gaeilge agus iar-oibrí deonach sa Lajee Center:
“Tá sé níos tábhachtaí ná riamh dúinn dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Palaistíne agus cinedhíothú, cinedheighilt agus cóilíniú á fhulaingt i gcónaí acu. Níl insint béil ar na dúshláin laethúla atá roimh an bpobal in Aida Camp, ach is crann taca é an Lajee Center don teacht aniar atá go smior iontu. Rachaidh gach pingean a thiomsaítear leis an bhfeachtas seo caol díreach go hionad pobail atá ar son agus faoi stiúir teifeach, chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar dá bpobal.”
Chun uasdátaithe a fháil ar an Snámh don Phalaistín de réir mar a théann an grúpa timpeall na tíre, lean @cnagaeilge. Clár ama agus bealach faoi iamh. Gach eolas faoi Snámh don Phalaistín agus nasc tiomsaithe airgid: https://www.idonate.ie/event/
