Tháinig daltaí na sraithe sinsearaí ó Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta le chéile chun todhchaí na Gaeilge agus na saincheisteanna atá roimh Ghaeilgeoirí óga an lae inniu a phlé.
Tháinig breis is 120 dalta meánscoile ó 18 scoil ar fud na tíre le chéile i gColáiste Chamuis, Cois Fharraige, Gaillimh le haghaidh Ard-Fheis na nÓg 2025. Thaistil scoláirí ó Bhaile Átha Cliath, Dún na nGall, Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Ceatharlach agus Cill Mhantáin chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí bríomhara agus imeachtaí cultúrtha.
Cuireadh tús le himeacht na bliana seo le fáiltiú spreagúil ó Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin. Bhí sceideal lán Dé Máirt lena n-áirítear turas ar sheit Ros na Rún, ceardlann scríbhneoireacht chruthaitheach le Stiúideo Cuan, agus seisiúin idirghníomhacha ar chearta teanga agus conas rúin a dhréachtú don Ard-Fheis. Fuair múinteoirí ceardlann tiomanta freisin le hEdel Ní Bhraonáin ó Gael Linn.
Bhí céilí bríomhar sna hoícheanta, le ceol ó Chlann Sonny ag tabhairt na scoláirí le chéile chun a dteanga agus a gcultúr a cheiliúradh. Ar an Déardaoin rinne na scoláirí cur i láthair ar dhá théama lárnacha, Ról na Gaeilge in Éire Aontaithe: Deiseanna agus Dúshláin nó An Fheachtasaíocht Teanga: Eiseamláir agus Éifeacht, a thug deis dóibh ábhair thábhachtacha Ghaeilge ár linne a phlé.
Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Conradh na Gaeilge:
“Tá Ard-Fheis na nÓg ar cheann de bhuaicphointí na bliana dúinne i gConradh na Gaeilge i gcónaí, agus ní haon eisceacht a bhí in imeacht na bliana seo. Ardú meanman amach is amach a bhí san ócáid, mar a dhein na daltaí ceisteanna, téamaí, deiseanna agus dúshláin a bhaineann leo féin mar Ghaeil óga a phlé. Grúpa cumasach, deisbhéalach, spreagtha a bhí linn le cúpla lá anuas, a láimhseáil téamaí móra amhail ról na Gaeilge in Éire Aontaithe ar a gcompord, agus a thug neart ábhar macnaimh dúinn lena dtuairimí.
Táimid thar a bheith buíoch do Choláiste Chamuis as ucht ionad den scoth a chur ar fáil dúinn i Ros a’Mhíl, agus freisin d’Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga,Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Ealaín na Gaeltachta, agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a dtacaíocht.”
Dúirt Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga:
“Ba mhór an pléisiúr é fáilte a chur roimh scoláirí Ard-Fheis na nÓg go Cois Fharraige i mbliana. Bhí an fuinneamh agus an díograis a thug na scoláirí inspioráideach, agus ba mhór an t-údar misnigh é daoine óga a fheiceáil chomh tógtha leis an teanga. Tá imeachtaí mar seo riachtanach chun todhchaí bríomhar a chinntiú don Ghaeilge, agus tá muid i bhFóram Chois Fharraige bródúil as a bheith páirteach san iarracht sin."
Tá Ard Fheis na nÓg á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in éineacht le grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ó bhí 2019 ann. Bunaíodh Ard-Fheis na nÓg le guth a thabhairt d’aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge, chomh maith lena spreagadh le páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta fá chúrsaí teanga. Tugann sé deis do dhaltaí scoile bualadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile trí Ghaeilge, agus lonnaítear i gceantar Gaeltachta éagsúil é gach bliain.”
