Skip to main content

Seoladh ‘Aoine na Gaeilge’ Inniu ag Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste

Is é an sprioc le hAoine na Gaeilge ná spreagadh a thabhairt do dhaoine, do ghrúpaí agus do chomhlachtaí úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge ar bhonn leanúnach gach mí.

 

Tá Aoine na Gaeilge ar ais do 2025! Beidh an tionscnamh, atá deartha chun daoine aonair, grúpaí, agus gnólachtaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid go rialta, ar siúl ar an Aoine dheireanach de gach mí, ag soláthar lá tiomnaithe chun an Ghaeilge a cheiliúradh agus a chleachtadh sa ghnáthshaol.

 

Tá sé mar aidhm ag Aoine na Gaeilge tógáil ar rath Sheachtain na Gaeilge le Energia trí dhaoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina ngnáthaimh laethúla tar éis mí an Mhárta. Is cuma trí imeachtaí eagraithe le cairde, le comhghleacaithe, le grúpaí pobail, nó trí chúpla focal a úsáid le strainséirí i siopaí, caiféanna, nó ar iompar poiblí, is deis iontach é Aoine na Gaeilge an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil níos minice.

 

Leag Bláithín Nic an tSíthigh, Cathaoirleach Meitheal Aoine na Gaeilge, béim ar thábhacht an tionscnaimh seo:

Bíonn go leor daoine spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia gach aon bhliain. Ba bhreá linn tógáil ar seo agus lá faoi leith a roghnú gach aon mhí le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus chun grúpaí agus comhlachtaí a mhealladh leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an lá sin.

 

Ag labhairt ag an seoladh inniu dúirt Brian Mac an tSionnaigh, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Ionad Uíbh Eachach:

Táimid an-sásta Aoine na Gaeilge a sheoladh anseo in Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste. Bímid i gcónaí ag iarraidh deiseanna sóisialta trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal agus is deis í seo aird faoi leith a dhíriú ar imeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl againn ar an Aoine dheireanach den mhí.

 

Is deis ar leith í Aoine na Gaeilge leis an nGaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus níos inchloiste sa saol laethúil. Is cuma más cainteoir líofa thú nó díreach ag tosú amach, spreagtar gach éinne páirt a ghlacadh agus ár dteanga a cheiliúradh le chéile.

 

Tuilleadh eolais ar snag.ie/anag

 

Tá an feachtas Aoine na Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.