Skip to main content

Ágóid TINTEÁN lasmuigh de Theach Laighean agus Bille Údarás na Gaeltachta le teacht os comhair na Dála inniu

Bhailigh ionadaithe ón bhfeachtas tithíochta Gaeltachta TINTEÁN le chéile taobh amuigh de Theach Laighean inniu, in éineacht leis an bhfeachtas RAIC, chun idirdhealú éigeandála a éileamh ón rialtas ar an ngéarchéim tithíochta atá roimh phobail Ghaeltachta. 

Agus an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) le plé os comhair na Dála níos déanaí inniu, mheabhraigh lucht an léirsithe don rialtas nár mithid dóibh an deis a thapú leis an reachtaíocht seo idirghabháil phráinneach agus stairiúil a dhéanamh a rachaidh chun sochair na Gaeltachta.

Ag labhairt i mBaile Átha Cliath ag an agóid inniu, dúirt Barry Ó Siochrú, Oifigeach Pleanála Teanga i gCorca Dhuibhne agus ball de TINTEÁN: 

Tá éileamh ón mbun aníos ann sna ceantair Ghaeltachta ar fad go dtabharfaí na cumhachtaí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta d'Údarás na Gaeltachta. Inniubh táimid tagtha chomh fada le Teach Laighean leis an teachtaireacht sin a thabhairt go soiléir don rialtas agus iad ag plé píosa reachtaíochta a d’fhéadfadh na cumhachtaí sin a dhaingniú ach an toil pholaitiúil a bheith ann. Tá sé thar am ag an stát beart de réir briathair a dhéanamh dár dteanga agus dos na pobail Ghaeltachta.”

Ag an am céanna a raibh lucht an fheachtais lasmuigh den Dáil, bhí toscaireacht bheag eile i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil le ceist na tithíochta i mballstáit eile a bhfuil teangacha mionlaithe acu a phlé.

Ón mBruiséil, dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaoth Dobhair agus ball de TINTEÁN:

Tá sé do-ghlactha agus dochreidte go bhfuil muid fós ag fanacht i mí an Mhárta 2025 ar dréacht-treoirlínte pleanála Gaeltachta a gealladh don phobal in 2021. Tá an cur chuige pleanála reatha ag teacht salach ar reachtaíocht náisiúnta agus ar pholasaithe an Aontais Eorpaigh ó thaobh teangacha mionlaithe a chosaint, agus ní mór é sin a chur ina cheart láithreach bonn. Leanfaidh muid orainn ag ardú na gceisteanna seo ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta go dtí go mbeidh réiteach ar an éigeandáil Ghaeltachta.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.