Beidh Conradh na Gaeilge ag tabhairt fianáise os comhair an Choiste Pobal ar maidin trí mheán na Gaeilge
Uasdátú: Is féidir amharc siar ar imeachtaí an Choiste anseo [tosaíonn mír Chonradh na Gaeilge timpeall 1:53:00] - https://www.youtube.com/watch?v=FywfbZhH4Oo
Beidh Conradh na Gaeilge ag labhairt os comhair an Choiste Pobal inniu, Déardaoin 13 Márta, chun a gcuid buaireamh maidir leis an mhoill mhór ar Straitéis Ghaeilge a fhorbairt agus maidir leis an ghéarchéim mhaoinithe thuaidh theas. Mar chuid de chruinniú an lae inniu, fógróidh Conradh na Gaeilge go bhfuil ullmhúchán faoi lán seoil chun an tríú athbhreithniú breithiúnach a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais, a bhfuil sé de dhualgas orthu faoi Alt 28d d’Acht TÉ 1998 straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach. Bhí buanna móra ag Conradh na Gaeilge ar an cheist seo roimhe seo, in 2017 agus in 2022. Tágann an tríú cás sna sála ar bhua CAJ san Ard-Chúirt an tseachtain seo caite maidir le teip an Fheidhmeannais Straitéis Fhrith-Bhochtanais a thabhairt isteach, atá geallta sa reachtaíocht chéanna.
Mar aon leis sin, le laethanta beaga anuas, tá iarratais eile ar chruinniú le Conradh na Gaeilge diúltaithe ag an Aire Pobal Gordon Lyons CTR, tráth a bhfuil géarchéim mhaoinithe faoi lán seoil. Is ar an Roinn Pobal a thiteann sé an sciar ó thuaidh de mhaoiniú thuaidh theas Fhoras na Gaeilge a chur ar fáil. D’fhógair Foras na Gaeilge ciorruithe ar luach €820,000 le déanaí agus mar thoradh air sin uilig, chuaigh breis agus 40 grúpa Gaeilge ar stailc roinnt seachtainí ó shin. Cé go bhfuil iarrachtaí déanta meicníocht maoinithe thuaidh theas Fhoras na Gaeilge a leasú fríd an bheirt Airí Airgeadais, leasú a cheadódh aon cheann den dá Rialtas airgead breise a chur isteach san Fhoras, tá bac curtha ag an DUP ar an mholadh sin dul ar chlár oibre an Fheidhmeannais 6 huaire ó bhí Deireadh Fómhair 2024 ann.
Ag caint inniu, dúirt Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:
“Tá an-díomá orainn go bhfuil an tAire fós ag diúltú bualadh linn. Scríobh muid chuige trí huaire ó thosaigh sé sa ról agus níor aontaigh sé bualadh linn fós. Tráth a bhfuil an ghéarchéim mhaoinithe thuaidh theas ag dul in olcas, agus neart grúpaí ag éirí níos buartha, creideann muid gur cheart don Aire an cheist seo a réiteach mar thosaíocht. Níl aon amhras orainn ach go bhfuil na struchtúir mhaoinithe thuaidh theas taobh thiar d’Fhoras na Gaeilge iomlán briste. Chuige sin tá réiteach fadtéarmach uainn a rachaidh i ngleic le dí-infheistiú 25 bliain i bpobal na Gaeilge.”
“Cé go luíonn an bhunfhreagracht maidir leis an Straitéis leis an Fheidhmeannas, tá an fhreagracht sin tairmligthe chuig an Aire Pobal, ar a dtiteann cúraimí na Gaeilge trí chéile. Tá an dualgas dlíthiúil sin ann sa reachtaíocht le beagnach 20 bliain, agus fós, níl aon Straitéis againn. Ag éirí as an choimitmint a tugadh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua in Eanáir 2020, bhí an Straitéis le bheith réidh laistigh de 6 mhí. Cé gur cuireadh tús leis an phróiseas agn t-am sin, níor cheart go dtógfadh sé 5 bliana ar an stát straitéis a ullmhú. Chuige sin, tá an cinneadh tógtha againn tús a chur le cás nua cúirte mar chuid dár gcuid iarrachtaí an Feidhmeannas a bhrú chun an dualgas dlíthiúil sin a chur i gcrích agus Straitéis a aontú. Ní féidir linn bheith ag suí thart arís agus arís eile.”
“Fáiltíonn muid roimh an deis na buairimh seo a ardú leis an Choiste, agus an ionadaíocht sin a dhéanamh leis an Stát inár dteanga féin.”
