Skip to main content

‘Ní mór don Fheidhmeannas anois a gcuid dualgas dlíthiúil uilig a chomhlíonadh’ a deir Conradh na Gaeilge agus an Clár Rialtais nua foilsithe ó thuaidh inniu

Foilsíodh an Clár Rialtais ó thuaidh inniu agus ina measc bhí coimitmint ann ‘na dualgais faoin Acht teanga nua a chomhlíonadh’ ach gan aon tagairt don Ghaelscolaíocht nó amlíne maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Gaeilge atá ‘ar na bacáin’ beagnach 20 bliain 

 

Tá an Clár Rialtais nua 2024-27 foilsithe ag an Fheidhmeannas ó thuaidh inniu. Foilsíodh an dréacht-chlár rialtais i Meán Fómhair 2024 agus gan aon tagairt ann don Ghaeilge, easnaimh a mheall cáineadh láidir ó phobal na Gaeilge ag an am. Ghlac Conradh na Gaeilge agus neart grúpaí agus eagraíochtaí teanga ó thuaidh páirt sa phróiseas comhairliúcháin a mhair 8 seachtaine roimh an Nollaig, agus moladh go gcuirfí san áireamh coimitmintí soiléire, le ham-scálaí maidir le: Cur i bhfeidhm an Achta nua Ghaeilge ó thuaidh, agus ceapadh an Choimisinéara Ghaeilge mar chéim phráinneach agus riachtanach sa phróiseas sin; Straitéis don Ghaeilge atá luaite sa dlí ó 2006 a chríochnú agus a chur i bhfeidhm, mar aon le coimitmintí sonracha maidir le fás agus forbairt na Gaelscolaíochta.

 

Mar chuid den Chlár Rialtais deiridh: 

  • Tá coimitmint ann go ‘gcomhlíonfaidh an Feidhmeannas a gcuid dualgas’ faoin reachtaíocht nua teanga, an tAcht Féiniúlachta agus Teanga’ (2022), ach ní luaitear spriocam leis sin. 
  • Sa bhreis air sin, luaitear sa chaipéis go bhfuil ‘obair ag dul ar aghaidh’ chun Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó thuaidh a ‘fhorbairt’. Níl aon tagairt sa mhéid sin d’am-líne nó coimitmint go mbeidh an Straitéis sin réidh laistigh den treimhse Rialtais seo (2027). 
  • Níl aon tagairt eile sa chaipéis don Ghaeilge nó aon tagairt ar bhealach ar bith maidir le forbairt na Gaelscolaíochta.

 

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

 

“Nuair a tháinig an dréacht-Chlár Rialtais amach i Meán Fómhair, bhí díomá agus fearg ollmhór orainn mar phobal gur fágadh iomlán ar lár muid ón chaipéis sin. D’úsáid muid an fhearg sin chun an pobal an ghríosadh le bheith rannpháirteacht sa phróiseas comhairliúcháin agus ceist na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta a bhrú chun cinn, gníomh pobail atá le moladh go mór. Cé gur éirigh linn tagairtí don Ghaeilge a bhrú isteach sa leagan deiridh, tá bearnaí soiléire ann ón mhéid a raibh muid ag súil leis.”

 

“Is é an t-íosmhéid gur cheart dúinn bheith ag súil leis ná plean soiléir agus am-scála réasúnta maidir le cur i bhfeidhm na ndualgas dlíthiúil atá ar an Fheidhmeannas maidir leis an Choimisinéir Ghaeilge agus an Straitéis Ghaeilge, dualgais a aontaíodh sa dlí roimhe seo. I bhfolús aon am-scálaí, tá sé iontach deacair mhuinín a chur in aon Fheidhmeannas ina bhfuil cros gníomhach in úsáid ag an DUP ar cheisteanna Gaeilge. Beidh an Coimisinéir Gaeilge, Straitéis láidir Ghaeilge agus forbairtí Gaelscolaíochta anois mar scrúduithe leanúnacha litmis ar an Rialtas seo sa tréimhse atá romhainn, go háirithe i gcomhthéacs ina bhfuil tromlach ár nGaelscoileanna fós i mbotháin shealadacha. Éilíonn mar sin ar an Fheidhmeannas na dualgais dhlíthiúla uilig atá orthu a chur i bhfeidhm agus freastal go cothrom ar ionchais dhlisteanacha an phobail.”

 

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh:

 

“Ar dtús, molaim pobal na Gaeilge a thóg seasamh láidir agus a d’imir ról gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge ó foilsíodh an dréacht-Chlár Rialtais anuraidh. Is léir gur féidir linn buanna beaga a bhaint amach fríd an stocaireacht sin. Ar an drochuair, ní leor dúinn a thuilleadh díreach bheith ‘luaite’. Níor cheart dúinn bheith sásta go bhfuil an Feidhmeannas ag aithint gur gá dóibh cloí leis an dlí, muna bhfuil siad sásta am-scála a chur leis na bearta céanna. Tá blianta de mhoill curtha ag an DUP ar chur i bhfeidhm coimitmintí dlíthiúla don Ghaeilge, agus ní fheiceann muid aon rud a deir linn go bhfuil athrú poirt orthu i láthair na huaire.”

 

“Mar sin, agus gan aon choimitmint shonrach sa Chlár Rialtais seo go mbeidh an Straitéis Ghaeilge críochnaithe nó réidh, i gcomparáid leis na coimitmintí sonracha intomhaiste atá tugtha i leith straitéisí eile sa Chlár Rialtais, beidh Conradh na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh ag ullmhú cás dlí i gcoinne an Fheidhmeannais ar an cheist seo. Is údár mór buairimh dúinn fosta nach bhfuil aon tagairt don Ghaelscolaíocht sa Chlár Rialtais seo, tráth a bhfuil saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ag éileamh tacaíochtaí láidre don earnáil ar bhonn práinneach.” 

 

X: @CnaG 

Instagram: @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.