Tá breis is 60 imeacht ag titim amach mar chuid den fhéile fud fad na cathrach idir an 1ú-17ú Márta.
Déanfar Seachtain na Gaeilge le Energia 2025 a sheoladh i mBéal Feirste le dinnéar ceiliúrtha i mBia Loch Lao, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé hAoine, 28ú Feabhra 2025 le hionadaithe ó fud fad na hearnála agus na cathrach. Déantar Seachtain na Gaeilge a reachtáil gach bliain idir an 1ú-17ú Márta agus tá méadú ag teacht ar líon na n-imeachtaí a eagraítear ag grúpaí i mBéal Feirste bliain i ndiaidh bliana.
Seo anois an tríú bliain de chomhghuaillíocht idir Conradh na Gaeilge agus Féile an Phobail a dhéanann Seachtain na Gaeilge le Energia agus Féile an Earraigh a nascadh le chéile. Cinntíonn na cláir éagsúla go bhfuil rud éigin ann do gach duine, idir scoth an cheoil thraidisiúnta, dianchúrsaí, ceardlanna, imeachtaí teaghlaigh agus go leor leor eile. Iarrtar ar dhaoine páirt a ghlacadh agus cibé leibhéal Gaeilge atá acu a úsáid le linn #SnaG25 agus #FAE2025.
Tá scoth an chláir curtha le chéile i mbliana, ina measc, beidh an mór-imeacht teaghlaigh, Spraoi Cois Lao, ag titim amach arís i mbliana Dé Sathairn, 8ú Márta 2025 idir 1pm-4pm i gCearnóg Theach an Chustaim a bhuí le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Tá an G Spota ar ais, le siamsaíocht ó Grooveline, Caoimhín agus Signor Bari an oíche cheanna sa Points agus oíche ghrinn trí Ghaeilge le Gaelgáirí eagraithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar an 13ú Márta.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin;
“Is tógáil iomlán croí é líon agus éagsúlacht na n-imeachtaí Gaeilge atá ag titim amach i mBéal Feirste mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia. Tá an Ghaeilge beo beathach i ngach cearn den chathair seo agus is léiriú é clár na bliana seo ar an tsuim leathan atá sa teanga. Tugann Seachtain na Gaeilge le Energia an deis do dhaoine a bhfuil cúpla focal acu, atá líofa, nó fiú siúd nach bhfuil aon Ghaeilge acu go fóill blaiseadh a fháil den obair ríthábhachtach atá ag dul ar aghaidh ag leibhéal an phobail anseo lá i ndiaidh lae.
Tá lúchair orainn arís i mbliana leis an tacaíocht atá faighte againn ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste lenár mór-imeachtaí féin a eagrú agus is fiú a lua go bhfuil dul chun cinn suntasach feicthe againn ag leibhéal na Comhairle le blianta beaga anuas ó thaobh na Gaeilge de. Is ceiliúradh é Seachtain na Gaeilge air sin ach tá bealach fós le dul againn. Tá súil againn go mbeidh glacadh agus cur i bhfeidhm pholasaí cuimsitheach Gaeilge sna míonna amach romhainn mar chéad chéim eile ar an aistear sin.”
Dúirt Dearbháil Uí Bhiataigh, Feidhmeannach Feachtais Feasachta le Seachtain na Gaeilge:
“Tá muid ag súil go mór leis an seoladh speisialta seo ar Sheachtain na Gaeilge le Energia agus an clár cuimsitheach d’imeachtaí a chur i láthair an phobail. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le buíochas a ghabháil leis na grúpaí fud fad Bhéal Feirste as an dlúthpháirtíocht agus an comhoibriú ar fad. Tá obair na gcapall ar bun ag grúpaí ar an talamh gach uile lá agus is deis í Seachtain na Gaeilge leis an obair iontach sin a aithint agus a cheiliúradh.
Lenár bpáirtnéireacht le Féile an Phobail ag leanúint air ag dul ó neart go neart, beidh an Ghaeilge chun tosaigh i níos mó imeachtaí ná riamh an Márta seo. Coinnigh súil amach dár ngreamáin ag ár mór-imeachtaí a chuireann in iúl go bhfuil ‘Cúpla Focal’, ‘Beagán Gaeilge’ nó ‘Gaeilge Líofa’ ag foireann agus soláthróirí imeachtaí de chuid na bhféilte. Bain úsáid as do chuid ‘Gaeilge Gach Lá’.”
Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. Is iad Energia priomh-urraitheoir na féile. Tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar aon le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Tá clár #SnaG25 do Bhéal Feirste anseo: https://snag.ie/wp-content/
MEÁIN
X: #SnaG25 | @SnaGaeilge | @CnaG
Instagram: @snagaeilge | @cnagaeilge
