Rúnaí Stáit na Breataine Hilary Benn chun Acht um Riar an Cheartais 1737 a aisghairm mar chuid de chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua teanga
Tá sé dearbhaithe ag Rúnaí Stáit na Breataine, Hilary Benn MP, agus ag Oifig Thuaisceart Éireann, le Conradh na Gaeilge go ndéanfaidh sé “aisghairm ar Acht um Riar an Cheartais (Éire) 1737”, píosa reachtaíochta a tháinig isteach le linn aimsir na bPéindlithe a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Cé go raibh an aisghairm mar mhír lárnach den Acht nua Féiniúlachta agus Teanga a tháinig isteach i mí na Nollag 2022, bhí dualgas ar an Rúnaí Stáit an mhír áirithe sin a cheadú é féin, rud nár tharla go dtí an tseachtain seo. Tuigtear do Chonradh na Gaeilge go ndéanfar an fógra sin i dTeach na Teachtaí inniu nó amárach. Acht cé gur faoin Rúnaí Stáit atá sé an cosc féin a aisghairm, déanann sé soiléir é don Chonradh gur faoin Fheidhmeannas a bheas sé an chéad chéim den phróiseas a chur i gcrích. Titfidh an fhreagracht sin díreach ar bhord an Aire Dlí agus Cirt agus is faoin Aire Naomi Long CTR a bheas sé mar sin an soláthar nó an polasaí nua maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna a chur le chéile
Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
“Is dul chun cinn iontach go deo stairiúil é seo do phobal na Gaeilge ó thuaidh, bua ollmhór i gcoinne na gcéadta den imeallú agus leatrom, a bhuí le cumhacht, tiomantas agus diongbháilteacht an phobail féin. Rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht seo ó dheas sna 1960idí, agus aisghairm ar a chomhionann de dhlithe i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Alban breis agus 160 bliain ó shin. Mar is gnáth, fágadh Gaeil sna 6 chontae ar chúl arís, agus oidhreacht bheo an pholasaí choilínigh, a dearadh chun an Ghaeilge a dhíbirt ar fad ón saol poiblí, fós i réim. Thóg sé iarrachtaí docheannsaithe phobal na Gaeilge agus a ngluaiseacht ar son chearta teanga, a spreag breis agus 20,000 duine chun sráide, chun muid a thabhairt níos cóngaraí do shochaí ina mbeadh comhionannas agus comh-chearta ag pobal na Gaeilge mar aon le gach duine eile.”
“Ní mór go mbeidh an stádas cothrom ag an Ghaeilge in ár gcuid spásanna poiblí agus comhroinnte go léir. Sin againn sainbhrí an comhionannais. Anois agus cosc 1737 le haisghairm, tá sé faoin Fheidhmeannas an soláthar cothrom, ceart-bhunaithe sin do phobal na Gaeilge inár spásanna dlíthiúla a chinntiú agus a chur ar fáil, bunaithe ar an dea-chleachtas. Scríobh muid cheana féin chuig an Aire Dlí agus Cirt, a bheas freagrach as cur i bhfeidhm polasaí nua don Ghaeilge sna cúirteanna ón phointe seo ar aghaidh, agus muid ag éileamh uirthi riachtanais agus ionchais ár bpobail a chomhlíonadh ina cuid oibre gan mhoill.”
Mar ionadaí ar Chonradh na Gaeilge inniu, dúirt Niall Murpyh ó KRW Law:
“Is clochmhíle stairiúil eile é an fógra seo a thógann pobal na Gaeilge coischéim mhór chun tosaigh ar an aistear fada i dtreo chearta teanga cuimsitheachta ó thuaidh. Tá sé riachtanach anois go dtógann an tAire Dlí agus Cirt treoirlínte láidre úra chun tosaigh a thugann aitheantas do phobal teanga atá ag fás i rith an ama, treoirlínte a chinntíonn gur cuid lárnach dár sochaí iad agus go nglacfar leo agus lena rogha teanga féin inár seirbhísí agus spásanna dlíthiúla. Agus an cor cinniúna seo ag titim amach os ár gcomhar, ní mór go mbeidh tionchar praiticiúil ag an aisghairm ar fhíorshaolta daoine agus an dóigh a mbíonn siad ag plé leis an stát, go háirithe iad siúd a chaitheann saol s’acu trí mheán na Gaeilge, dream a bhí tréigthe, ar an imeall agus faoi leatrom an stáit le fada, fada an lá.”
Rinneadh an dlí seo a aisghairm ó dheas in 1962, agus a chomhionann de reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in Albain a aisghairm in 1863.
X: @CnaG
Instagram: @cnagaeilge
