Reáchtálfar an fhéile ó 1-17 Márta in Éirinn agus ar fud an domhain.
Seoladh Seachtain na Gaeilge le Energia 2025 go hoifigiúil ar an Satharn ar Shráid Selskar, Loch Garman, mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.Thug an ceiliúradh bríomhar pobal na háite le chéile do lá spraíúil a chuir tús le féile Ghaeilge na bliana seo.
Bhí ceol ón mbanna ceoil aitheanta ‘Seo Linn’ agus ón ngrúpa traidisiúnta áitiúil, ‘Stranach’ mar aon le damhsa bríomhar, craic den scoth, agus céilithe spleodracha mar chuid den seoladh. Bhí an fear grinn aitheanta Giggles ann freisin chun siamsaíocht a chur ar fáil don lucht freastail.
Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:
“Tá lúchair orainn Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh leis an bpobal anseo i Loch Gorman. Chuir muintir na háite fearradh na fáilte romhainn agus sinn ag seoladh féile na bliana seo leo. Súil againn go spreagfaidh sé daoine i gcéin agus i gcongar bheith páirteach in imeachtaí eile le linn na féile a bheas ar siúl ó 1 - 17 Márta.”
Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh inniu:
“Táimid an-bhuíoch do mhuintir Loch Gorman a chuidigh linn Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh ann inniu. A bhuíochas leis an Méara agus an Comhairle Contae, mar aon leis an gcraobh áitiúil de chuid Chonradh na Gaeilge agus na ceoltóirí iontacha, bhí seoladh den chéad scoth againn. Táimid ag tnúth go mór le himeachtaí ar nós seo a bheith againn idir anois agus 17 Márta chun Seachtain na Gaeilge le Energia a cheiliúradh.”
Reáchtálfar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie
Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. Is iad Energia priomh-urraitheoir na féile. Tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tá grainghraif ón seoladh ar fáil anseo.
X: #SnaG24 - @snagaeilge, @CnaG, @EnergiaEnergy
IG: #SnaG24 - @snagaeilge, @cnagaeilge, @energiaireland
