Rúin rite ag craobhacha agus teachtaí a threoraíonn an eagraíocht chun aghaidh láithreach a thabhairt ar an ghéarchéim mhaoinithe thuaidh theas, ar an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua Gaeilge ar fud an oileáin, ar an ngéarchéim oideachais, ar dhlúthpháirtíocht le ‘pobail eile faoi chois’ ar fud an domhain, i measc neart mór-cheisteanna eile.
Thit príomh-ghnó Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge amach inniu nuair a tháinig craobhacha, baill agus teachtaí le chéile chun rúin a phlé. Bhí breis agus 80 rún le plé maidin inniu a bhí curtha i láthair agus molta ag craobhacha agus ag baill de Chonradh na Gaeilge.
I measc na mór-rún a ritheadh, glacadh le:
-
Rún 1(a) agus (b) ag moladh ‘Lá Dearg’ náisiúnta mar thoradh ar ‘teip’ agus ’neamhaird’ na Rialtas thuaidh theas, chun brú a chur orthu a ngealltanais maidir leis an Ghaeilge a choinneáil molta ag Craobh Ghlór na Móna agus Craobh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
-
Rún 1(c) a aithníonn go bhfuil dul chun cinn déanta chun struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a athrú ach nach cinnte ‘an leigheasfaidh an t-athrú na fadhbanna cuí’, má éiríonn leis fáil fríd an Fheidhmeannas ó thuaidh.
-
Rún 1(e) a aithníonn gur beag dul chun cinn atá déanta ag an gcóras Stáit chun an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht a shocrú, agus a mholann cruinniú práinneach leis an Taoiseach.
-
Rúin 2(a&b), agus Rúin (5a,b&c) a mholann an dlúthpháirtíocht le pobail eile faoi chois agus atá ag streachailt ar son na córa, rúin a mholann ‘dlúthpháirtíocht’ agus, ‘comhghuaillíochtaí’, agus a cháineann an ‘cinedhíothú agus an chinedheighilt sa Phailistín, agus go nglacfaidh an Conradh le polasaí BDS, i measc polasaí dlúthpháirtíochta eile;
-
Rúin maidir le reachtaíocht teanga thuaidh agus theas, idir An Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, agus an sprioc d’earcaíocht 20% d’fhostaithe nua sa státchóras ó dheas;
-
Rúin maidir leis an Ghaelscolaíocht a fhorbairt ar fud an oileáin, agus in achan chontae agus leis an bpolasaí Gaeilge4All a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis na díolúintí ó staidéar na Gaeilge agus cothrom na féinne a thabhairt sa chóras oideachais
-
Mar aon le rún éigeandála a ritheadh a threoraíonn an Conradh chun an tríú Athbhreithniú Breithiúnach a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh mar gheall ar an teip Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach ó bhí 2006 ann.
-
…agus go leor, leor eile nach iad *(Tá tuilleadh eolais ar na rúin ag bun an ráitis seo).
Ar maidin toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga ó Iarthar Bhéal Feirste, ina Uachtarán úr ar Chonradh na Gaeilge. (Tá nóta beathaisnéise maidir le Ciarán ag bun an ráitis seo). Chomh maith leis sin bhí toghchán ann ar son ionadaithe (12) ar an Choiste Gnó.
Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
“Is cúis ollmhór bhróid agus áthais dom ar bhonn pearsanta gur toghadh mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge mé ag Ard Fheis 2025. Tréaslaím le Paula Melvin, IarUachtarán an Chonartha, as a cuid oibre le 3 bliana anuas mar Uachtarán ar an eagraíocht. Tá baint agam, ar bhealaí éagsúla, leis an Chonradh le beagnach 20 bliain anuas. Toghadh ar an Choiste Gnó mé don chéad uair in 2005 agus chaith mé 5 bhliana mar bhainisteoir abhcóideachta ó thuaidh leis an eagraíocht nuair a osclaíodh an oifig úr i mBéal Feirste in 2014. Tá mé ag súil go mór leis an chéad chéim eile san aistear leis an ghluaiseacht speisialta seo agus creidim go bhfuil ról lárnach and guth tábhachtach ag Conradh na Gaeilge i dtaca leis na ceisteanna is mó atá os ár gcomhair mar shochaí, thuaidh agus theas, anois agus sna blianta beaga amach romhainn.
Smaoiním an deireadh seachtaine seo ar an Fheirsteach deiridh a chaith seal mar Uachtarán, Gearóid Ó Cairealláin, a toghadh sa ról 30 bliain ó sin, agus a leag amach clár radacach, fuinniúil agus spreagúil chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn. Smaoiníonn muid fosta ar Uachtarán eile a cailleadh ar na mallaibh, Pádraig Ó Snodaigh. Tá mé ag dúil go mór le tús a chur leis an chéad chaibidil eile anois san aistear sin, agus, tráth a bhfuil borradh ollmhór faoin teanga ar fud na cruinne agus dul chun cinn stairiúil déanta le cearta teanga úra thuaidh agus theas, le cinntiú go bhfuil gluaiseacht againn atá ábalta dúshlán láidir a thabhairt do na géarchéimeanna maoinithe agus tithíochta atá mar mhór-cheisteanna do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair na huaire.”.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:
“Tá clár oibre Chonradh na Gaeilge dearbhaithe trí phróiseas daonlathach na hArd-Fheise ag ár mballraíocht don chéad bhliain eile. Anois, rachaimid i mbun oibre leis na rúin a aontaíodh leo inniu a chur i bhfeidhm. Bhí sé thar a bheith soiléir domsa inniu go bhfuil muid i dtréimhse chinniúnach anseo maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus tháinig an focal ‘géarchéim’ chun cinn arís agus arís eile le linn an phlé ar na rúin, idir cúrsaí maoinithe, tithíocht sa Ghaeltacht, cur i bhfeidhm reachtaíochta thuaidh agus theas, mar aon le polasaithe don Ghaeilge sa chóras oideachais agus Gaelscolaíochta ar fud na tíre.”
“Ritheadh rún thar a bheith cinniúnach maidir le todhchaí Fhoras na Gaeilge. Caithfidh muid a bheith ionraic. Is é tuairim Chonradh na Gaeilge ná go bhfuil struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge briste os rud é nach bhfuil an dá Rialtas tar éis é a mhaoiniú go cothom le breis is 20 bliain anuas. Tá leasú ar an mbord, ach an bhfuil an leasú sin sásúil? Ní fhios againn, mar nach bhfaca muid é. Ach tá muid iontach soiléir gur gá go mbeadh aon leasú ar chreatlach maoinithe an Fhorais ábalta na fadhbanna fad-bhunaithe a réiteach. Agus sa chás nach féidir linn an DUP a fháil ar bord leis an leasú sin a thabhairt fríd ó thuaidh, tá fadhb nua againn, agus beidh gá do Rialtas na hÉireann an maoiniú atá de dhíth go práinneach a chur ar fáil do na pobail bealach éigin eile. Rud amháin atá níos soiléire anois ná mar a bhí riamh, ní féidir linn leanúint ar aghaidh leis an gcur chuige céanna agus a bheith ag súil le toradh nua. Tá réiteach uainn, agus tá réiteach uainn anois.”
Beidh Gradam an Uachtaráin le bronnadh ar Éamon Ó Cuív agus tá Gradam Oibrí Deonach Náisiúnta le bronnadh ar Dhónall Ó Cnáimhsí anocht, oíche Shathairn 22 Feabhra ag 9:00i.n.
MEÁIN
Pictiúir oifigiúla #AFCnaG ar fáil https://tinyurl.com/afcnag25
Tá tuairisc ar na rúin ar fad a pléadh anseo: www.twitter.com/cnag
Is féidir teacht ar chlár iomlán na hArd-Fheise, ar na rúin ar fad a bhí ar an chlár, agus tuairiscí ón eagraíocht anseo: https://tinyurl.com/afcnag
X: #AFCnaG @CnaG // #SnaG24 @SnaGaeilge
Instagram: #AFCnaG @cnagaeilge // #SnaG24 @snagaeilge
