Skip to main content

Grúpaí Gaeilge ó cheann ceann na tíre bailithe le chéile i mBaile Átha Cliath chun dúshlán na Rialtais Thuaidh Theas a thabhairt maidir leis an ghéarchéim mhaoinithe ar fud na tíre

Tháinig ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge ó achan chearn den tír i gceann a chéile i mBaile Atha Cliath inniu chun áird a dhíriú ar an ghéarchéim mhaoinithe sa pobal faoi láthair.

Bhí ionadaithe ann ó ghrúpaí Gaeilge fud fad na tíre atá ag obair faoin Scéim Forbartha na Líonraí Gaeilge, ó na meáin Ghaeilge, ó eagraíochtaí náisiúnta agus ó na ceantair Líonraí Gaeilge, agus iad uilig thíos leis na ciorruithe maoinithe a fógraíodh ag deireadh Eanáir. 

Tháinig na grúpaí le chéile agus scéal poiblí ann go bhfuil bac curtha ag an DUP roimh mholadh chúig huaire le míonna beaga anuas, moladh a bhí aontaithe ag na hAirí Airgeadais thuaidh theas san fhómhar a dhéanfadh structhúr maoinithe Fhoras na Gaeilge a leas agus a ligfeadh do Rialtas na hÉireann airgead breise a chur isteach san eagras tras-teorann gan a chomhionann de mhaoiniú ag teacht ó thuaidh. 

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Léiríonn an méid sin grúpaí a tháinig chuig an Tionól inniu go bhfuil géarchéim againn, go bhfuil fadhb mhór againn, agus go mbeidh tionchar ag na ciorruithe tromchúiseacha seo ar bheagnach gach gné den obair atá ag dul ar aghaidh leis an Ghaeilge a fhorbairt fud fad na tíre. Bhí díomá mhór sa seomra agus bhí fearg mhór sa seomra, go leor de na grúpaí fíor-bhuartha maidir le todhchaí a gcuid eagraíochtaí agus ní fheiceann siad bealach amach as an tsáinn ollmhór seo gan leasú bunúsach agus práinneach ar an struchtúr trína mhaoinítear Foras na Gaeilge. Ceann de rudaí is suntasaí a tháinig amach as an lá ná go raibh aontas iomlán ann nach reiteoidh aisiompú na gciorruithe reatha an bhunfhadhb mar a bhaineann le príomh-dheacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge.”

 

“Sa chás nach féidir Foras na Gaeilge a leasú, agus is ceist mhór í sin atá i láthair na huaire i lámha an DUP, bhí tuairim choitianta sa seomra go mbeidh gá dúinn amharc ar mhodhanna eile chun maoiniú breise ón Rialtas ó dheas a thabhairt chomh fada leis na grúpaí seo. Thar aon ní eile bhí muid ar fad ar aon ghuth go bhfuil gá le feachtas náisiúnta chun an cheist seo a bhrú chun cinn agus réiteach sásúil a aimsiú láithreach.”

 

2.jpeg

 

3.jpeg

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.