Skip to main content

Gaelscoil na Mí - An Chéad Ghaelscoil le hOscailt le hAitheantas Oifigiúil ó 2008

Fáiltíonn an feachtas Aitheantas roimh oscailt Ghaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, Co. na Mí - an chéad Ghaelscoil oifigiúil le hoscailt le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le trí bliana anuas - ag 12.00 meánlae an Déardaoin bheag seo, 01 Meán Fómhair 2011.

Is bunscoil lánGhaeilge ilchreidmheach í Gaelscoil na Mí atá faoi phátrúnacht ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge (An Foras Pátrúnachta) le haitheantas iomlán ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tháinig na heagrais Ghaeilge Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh chun stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaelscolaíochta, agus go háirithe chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a diúltaíodh aitheantas don bhunscoil lánGhaeilge i 2010.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is mór an chúis cheiliúrtha é oscailt Ghaelscoil na Mí, ní hamháin do mhuintir Aitheantas agus do gach duine a thacaigh le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó nuair a diúltaíodh aitheantas don scoil áitiúil anuraidh, ach do phobal na Gaeilge trí chéile.

"Tá an Ghaelscolaíocht ina crann taca do bhláth na teanga i measc an phobail le 20 bliain anuas, agus tá an Roinn Oideachais agus Scileanna le moladh as tábhacht na teanga sa cheantar seo i gCo. na Mí a aithint trí aitheantas iomlán a bhronnadh ar Ghaelscoil na Mí i mbliana."

Go dtí go bhfuil suíomh buan aimsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don scoil, osclóidh Gaelscoil na Mí ar shuíomh sealadach in aice le clubtheach CLG Domhnach Mór i gCill Dhéagláin, Co. na Mí ar an chéad lá den téarma acadúil i mbliana, agus beidh an scoil nua ag freastal ar Chill Dheagláin, Ráth Tó agus na mórcheantair máguaird.

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: "Throid tuismitheoirí Ráth Tó go fíochmhar lena gceart le hoideachas lánGhaeilge a thabhairt dá bpáistí nuair a diúltaíodh aitheantas oifigiúil do Ghaelscoil Ráth Tó, agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil an tseachtain seo le hoscailt Ghaelscoil na Mí sa cheantar. Ba chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don Ghaelscolaíocht, agus ceart gach tuismitheoir le hoideachas lánGhaeilge a chur ar a bpáiste a chinntiú, trí sholáthar an Ghaeloideachais a úsáid mar chritéir nuair atá áiteanna á roghnú do scoileanna amach anseo."

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir, Comhluadar.
+353 (0)1 4789191 / +353 (0)87 2908391
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Bhunaigh ceithre eagraíocht Ghaeilge - Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus An Foras Pátrúnachta - an comhfheachtas Aitheantas chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a bhí aitheantas á éileamh acu don scoil i 2010; agus chun plé leis an éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge trí impí ar an Roinn Oideachas agus Scileanna go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. www.aitheantas.com

Osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó ar an 30 Lúnasa 2010 gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, áit go raibh 9 dalta ag freastal ar an scoil. Thóg an coiste bunaithe an cinneadh cróga chun dul ar aghaidh leis an scoil ó chreid siad gur chóir go mbeadh rogha ag tuismitheoirí Ráth Tó a bpáistí a oiliúint trí Ghaeilge. Sna sála ar phlé leanúnach leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, rinneadh atheagar ar Ghaelscoil Ráth Tó agus tugadh aitheantas iomlán do Ghaelscoil nua don cheantar faoin ainm Gaelscoil na Mí. Is Gaelscoil do cheantair Chill Dhealgáin, Ráth Tó agus na mhór cheantair thart timpeall í Gaelscoil na Mí. Is scoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil na Mí le héiteas il-chreidmheach agus atá faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge. Osclóidh Gaelscoil na Mí ar an 01 Meán Fómhair 2011 agus tá an scoil ag glacadh le foirm chlárúcháin anois. Is féidir an fhoirm a híoslódáil ó www.foras.ie, ríomhphost a seoladh ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., glaoch ar oifig an Fhorais ag +353 (0)1 8057740, nó teagmháil a dhéanamh le Tricia Ní Mhaolagáin, Príomhoide ar +353 (0)87 3552878. Gaelscoil na Mí, Clubtheach CLG Domhnach Mór, Cill Dhéagláin, Co. na Mí. +353 (0)87 3552878 / www.gaelscoilnami.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin agus tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl d'fhoghlaimeoirí i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre tríd an bhliain chomh maith. www.cnag.ie

Is pátrúnacht náisiúnta é Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge (An Foras Pátrúnachta) do scoileanna LánGhaeilge bunscoile agus iarbhunscoile le freagrachtaí pátrúnachta agus bainistíochta. Bunaíodh an Foras i 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht, agus tá an Foras ina Phátrún ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí a bhfuil éiteas Caitliceach, ilchreidmheach, agus idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Tá 58 Gaelscoil agus 3 Gaelcholáiste faoina bpátrúnacht faoi láthair. www.foras.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Bíonn deis ag tuismitheoirí aithne a chur ar dhaoine eile ina gceantar atá ag tógáil clainne le Gaeilge trí Chomhluadar agus tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh gach mí teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla. www.comhluadar.ie

Is í an fhís atá ag Glór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol trí réimse comórtas i gcur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil idir phobail éagsúla ar fud na tíre. Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála, an t-aon chóras pleanála i leith na teanga a fheidhmíonn in Éirinn. www.glornangael.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.