Skip to main content

Leiríonn Conradh na Gaeilge Imní faoi Ghealltanais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Chlár Rialtais Nua

Is ábhar imní é nár chuir Fianna Fáil agus Fine Gael éilimh na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh sa Chlár Rialtais faoi mar a bhí leagtha amach go sonrach ag an bpobal. 

Cé go bhfuil tionchar ár n-éileamh le feiceáil i gcuid de na spriocanna a cuireadh san áireamh sa Chlár Rialtais nua, luaitear iad le foclaíocht níos laige, débhríoch agus i go leor cásanna gan torthaí intomhaiste luaite leo.

 

Duirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

Cé nach iad na coimitmintí láidre a éilíodh, aithníonn muid go bhféadfadh fiúntas agus tairbhe a bheith bainteach le cuid acu, ag brath ar chur i bhfeidhm, ar nós: an sprioc le hoibriú i dtreo na curaclaim Ghaeilge ón mbunscoil go dtí an tríú leibhéal a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach; agus an choimitmint chun pleananna forbartha speisialta a thabhairt isteach sa Ghaeltacht le spriocanna sonracha tithíochta. Beidh an cur i bhfeidhm agus an cur chuige leis na spriocanna seo a bhaint amach ríthabhachtach le cinntiú go mbeidh rath orthu.” 

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Tá spriocanna áirithe eile sa Chlár Rialtais nua ag dul siar ar an méid a bhí san áireamh sa Chlár Rialtais i 2020. Mar shampla, i 2020 bhí sé mar sprioc Rialtais an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht a dhúblú - anois níl ach tagairt ann sa Chlár Rialtais nua go bhfreastólfar ar éileamh thuismitheoirí don Ghaelscolaíocht. Tá an choimitimint sin, le freastal ar éileamh thuismitheoirí, ann ó a glacadh le Ráiteas an Rialtais i 2006 agus níl aon Rialtas tar éis an sprioc sin a fhíorú ó shin. Tá ár gcomrádaithe sa Bhreatain Bheag ag obair i dtreo an líon daltaí ag freastal ar oideachas trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050. Faraor, táimidne in Éirinn tar éis chéim ar chúl a ghlacadh leis an sprioc seo sa Chlár Rialtais nua agus ba chóir don Rialtas é sin a aithint, a leasú, agus a bheith uaillmhianach ar nós na Breataine Bige.

 

Táimid ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste Aire Sinsearach a cheapadh a bheidh freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ní Aire Stáit le freagracht na Gaeilge orthu. Tá géarghá le hAire Sinsearach anois, níos mó ná riamh, le spriocanna an Chlár Rialtais nua i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i bhfeidhm, le hacmhainní cothroma a chur ar fáil, agus le héilimh eile an phobail, a fágadh ar lár ón gClár Rialtais nua, a chur san áireamh in obair an Rialtais sa chéad chúig bliain eile.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.