Bhí Pádraig Ó Snodaigh ina Uachtarán ar an gConradh idir 1974-1979.
Cailleadh iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh, Déardaoin 2 Eanáir 2025. Bhí Pádraig ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1974 agus 1979. Rugadh Pádraig i gCeatharlach, agus thiomnaigh sé a shaol do chur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge, rud a d’fhág rian buan ar thírdhreach cultúrtha na hÉireann.
Sa bhliain 1980, bhunaigh Pádraig Coiscéim, comhlacht ceannródaíoch foilsitheoireachta a tháirg tuairim is 1,500 leabhar thar seánraí éagsúla, rud a chuir go mór le litríocht na Gaeilge. Mar thoradh ar a chuid iarrachtaí físiúla freisin bunaíodh ‘An Siopa Leabhar’ de chuid Chonradh na Gaeilge, a bhfuil fós ag tacú go mór le scaipeadh saothair Ghaeilge.
Leanfaidh a thiomantas do chultúr na hÉireann agus don Ghaeilge ar aghaidh ag spreagadh na nglúnta atá le teacht agus beidh sé ina eiseamláir dóibh siúd atá tiomanta dár n-oidhreacht a chaomhnú.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán reatha ar Chonradh na Gaeilge:
“Thar ceann Chonradh na Gaeilge, an Choiste Ghnó, na gcraobhacha, na foirne agus ár mball ar fad, déanaim comhbhrón ó chroí lena mhic Fergus, Aengus, Colm, Cormac, Rónán agus Rossa, lena chlann uile, a chuid cairde agus le pobal na Gaeilge. Is ábhar mórtais dúinn go léir an tionchar ollmhór a bhí ag Pádraig Ó Snodaigh, Iar-Uachtarán den Chonradh, ar ghluaiseacht na Gaeilge — trína cheannaireacht, a iarrachtaí ceannródaíocha foilsitheoireachta, agus a phaisean gan staonadh dár gcultúr. Spreagfaidh a oidhreacht dhomhain na glúnta atá le teacht. Go raibh maith agat, a Phádraig, as obair do shaoil, agus suaimhneas síoraí ort.”