Skip to main content

Sam Maguire & Stair Go Leor Sa Cheannáras ar Oíche Chultúir 2011!

Agus Baile Átha Cliath tar éis Corn Sam Maguire a sciobadh leo i gCluiche Ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh, is tráthúil go mbeidh scéalta faoin bhfíor Sam Maguire i gConradh na Gaeilge á sceitheadh an Aoine bheag seo, 23 Meán Fómhair 2011 mar chuid d'Oíche Chultúir Átha Cliath 2011!

Beidh lascaine 20% ar chúrsaí Gaeilge 10-seachtaine á fháil ag rannpháirtigh a thugann aghaidh ar rang atá á ofráil ag Conradh na Gaeilge do fhoghlaimeoirí fásta ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 mar chuid d'Oíche Chultúir na bliana seo ag 6.00 - 7.00in Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2011.

Is iomaí imeacht eile trí mheán na Gaeilge atá á reáchtáil ag eagrais éagsúla i gCeannáras Chonradh na Gaeilge don Oíche Chultúir Dé hAoine - imeachtaí in aisce ach gur ghá a chur in áirithint ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. - agus tá foirgneamh stairiúil na n-oifigí ina ábhar spéise ann féin a mheallfaidh idir Bhéarlóirí agus Ghaeilgeoirí chuig ag an lárionad cultúir Gaeilge ar Shráid Fhearchair ar an oíche.

Tá Uimhir a 6 ar cheann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair agus beidh sé ar oscailt ó 5.00 - 11.00in ar an Oíche Chultúir 2011, áit go mbeidh Caoimhín Ó Cadhla ag dul ar thuras treoraithe dátheangach thart air gach 20 nóiméad nó mar sin.

Arsa Caoimhín Ó Cadhla, treoraí ar Cheannáras Chonradh na Gaeilge: "Nochtfar scéalta faoi éalú ó na Dúchrónaigh tríd na tolláin rúnda atá fós le feiceáil faoin bhfoirgneamh, airgead a goideadh ó mbanc a bhí lonnaithe san áras tráth, mar aon le ceangail phearsan chomh héagsúil ó chéile agus atá Micheál Ó Coileáin, Sam Maguire agus an Cairdinéal John Newman le Ceannáras Chonradh na Gaeilge ar an Oíche Chultúir 2011. Seo an tríú bliain as a chéile dom an turas staire a thabhairt ar 6 Sráid Fhearchair agus aimsím scéal úr le hinsint leis an slua faoin áras as an nua gach aon bhliain!"

Chomh maith leis na turais staire a bheidh ar siúl sa Cheannáras ar an 23 Meán Fómhair 2011, reáchtálfar tráthnóna spóirt do dhaoine óga; seisiún scéalaíochta do pháistí; ceardlann scileanna raidió; ceardlann ghiotáir; sladmhargadh ar earraí Gaeilge; ceardlann do thuismitheoirí ar bhuntáistí an dátheangachais luath; seisiún ceoil; agus seastán eolais Shaor-Chomhairle Dlí ó 5.00 - 11.00in ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar an Oíche Chultúir.

Sna sála ar an Oíche Chultúir, cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le réimse leathan cúrsaí Gaeilge 10-seachtaine do dhaoine fásta ag 6 Sráid Fhearchair ón 27 - 29 Meán Fómhair 2011, áit go mbeidh lascainí ar fáil d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe, do dhaoine ar phinsean agus d'éinne a fhreastalaíonn ar an rang in aisce a bheidh ar siúl ar an 23 Meán Fómhair 2011. Tá rogha 9 leibhéal ann le cúrsa do gach leibhéal foghlaimeora ar fáil ach áit a chur in áirithint ar www.cnag.ie/courses. Bíonn na ranganna ar siúl ó 7 - 9.00in oíche amháin in aghaidh na seachtaine.

TUILLEADH EOLAIS:

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673

Taisce Chultúrtha Bharra Temple
www.culturenight.ie
01 6772255 / 01 8883610

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

5.00 - 11.00in Turas Treoraithe Dátheangach ar Stair an Cheannárais - Conradh na Gaeilge (Gach 20 nóim)
5.00 - 11.00in Sladmhargadh - An Siopa Leabhar
5.00 - 11.00in Seastán Eolais - An tIonad Saor-Chomhairle Dlí

3.30 - 5.00in Spraoi agus Spórt do Pháistí (5 - 11 bliana d'aois) - Ógras

5.00 - 6.00in Seisiún Scéalaíochta do Pháistí (5 - 11 bliana d'aois) - Comhluadar i gcomhar leis An Siopa Leabhar
5.00 - 6.00in Ceardlann Scileanna Raidió (11 - 18 bliana d'aois) - Raidió Rí-Rá

6.00 - 7.00in Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta - Conradh na Gaeilge

7.00 - 8.00in Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings - Comhluadar
Ceardlann dátheangach do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge

8.00 - 9.00in Ceardlann Giotáir - Seachtain na Gaeilge

9.00in Seisiún Ceoil - Club Chonradh na Gaeilge

* NÍ MÓR ÁITEANNA A CHUR IN ÁIRITHINT DO NA HIMEACHTAÍ SEO *

*Bhí cónaí ar an gCairdinéal John Henry Newman san áras ag Uimhir a Sé Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 tráth dá raibh agus tá tábhacht nach beag ag baint le Newman as Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (COBÁC) a bhunú. D'oscail an Ollscoil Chaitliceach i dtrí áras éagsúil ar an 3 Samhain 1854, Uimhir a Sé ina measc, agus aithne ar áras Newman mar Áras Mhuire. Bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir a Sé le linn Chogadh na Saoirse agus is as an bhfoirgneamh céanna a fógraíodh torthaí na dtoghchán in 1918. Bhí ceangail ag cuid de na daoine is tábhachtaí in Éirí Amach na Cásca 1916 leis an áras freisin agus tá an tollán inár éalaigh leithéid Mícheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine fós ann faoin bhfoirgneamh. Ar na hurláir os a chionn a bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát leis.

Is comhlacht teoranta príobháideach é Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TBCT) a fheidhmíonn gan beann ar bhrabús agus a thacaíonn le cúrsaí cultúrtha i mBarra Temple ar an iliomad bealaí. D'eagraigh TBCT an chéad Oíche Chultúir in Éirinn i mBaile Átha Cliath in 2006 agus tá an ceiliúradh tar éis leathnú fud fad na tíre. www.templebar.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin agus tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na tíre bliana chomh maith. www.cnag.ie

Is lár-ionad comhluadar na Gaeilge sa phríomhchathair é Club Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Bíonn an béar ar oscailte do bhaill an Chlub 7 oíche in aghaidh na seachtaine óna 8.00in agus is ann a bhíonn ceol Gaelach agus comhrá Gaeilge. Reáchtáiltear ciorcal comhrá ann gach oíche Luan, is í an Mháirt Oíche na Mac Léinn, bíonn Oíche na Manglam ar an Déardaoin agus is iomaí imeacht eile a eagraítear ann i gcaitheamh na míosa, ceachtanna Briotánaise, rincí agus cluichí beiriste san áireamh. www.anclub.ie

An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar cheann de na hinstitiúidí Gaeilge is mó clú air sa tír. Is áis agus ionad siopadóireachta den scoth atá ann do phobal na Gaeilge, san ardchathair agus i gcéin. Tá leas á baint as an nuatheicneolaíocht i gcónaí le cur le réimse na n-earraí agus leabhar atá ar fáil ar An Siopa Leabhar ar-líne ag www.cnag.ie.

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le deis a thabhairt do dhaoine óga idir 13 - 19 mbliana d'aois teacht le chéile mar óg-chlubanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. I 1988 bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8 - 12 bhliain d'aois. Eagraíonn Ógras réimse leathan d'imeachtaí spraíúil, oideachasúla ar fud na tíre do dhaoine óga a bhfuil spéis acu bheith páirteach in óg-ghluaiseacht Ghaeilge, fhuinniúil, bhríomhar. www.ogras.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla gach mí. www.comhluadar.ie

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha trí mheán na Gaeilge. Tá sé le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, ar ghutháin Nokia, tríd an bhfeidhmchlár iPhone ar fáil ó www.rrr.ie/iphone/ agus beo ar FM le linn mhí an Mhárta. Is féidir cluas a chur leis na cnaga ar fad, teacht ar an bpopnuacht agus an spórt is déanaí, ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus ar iarchláir le híoschóipeáil ón suíomh. www.rrr.ie

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d'fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge. www.snag.ie

Is comhpháirtíocht é An tIonad Saor-Chomhairle Dlí idir Chonradh na Gaeilge agus FLAC (Free Legal Advice Centres), áit go gcuireann abhcóidí agus aturnaetha le Gaeilge seirbhís saor-chomhairle dlí ar fáil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh gach chéad Chéadaoin den mhí. Bíonn an tseirbhís ar siúl ó 5.30 - 7.00in ag Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh; 6.00 - 7.00in ag Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2; agus ó 6.30 - 8.00in ag 80 An Meal Theas, Corcaigh. Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré. Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.