Bhí Gearóid Ó Cairealláin ina Uachtarán ar an Chonradh idir 1995-98
Cailleadh iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin, Dé hAoine 20 Nollaig 2024. Bhí Gearóid ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1995 agus 1998. Aithnítear Gearóid mar dhuine de mhór-cheannairí agus ceannródaithe na Gaeilge i mBéal Feirste, a bhí lárnach i gcónaí in athbheochan na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta sa chathair. Bhí ról lárnach ag Gearóid i mbunú Phreas an Phobail (1981) agus an chéad nuachtán laethúil Gaeilge Lá (1984). Bhí lámh ceannasach, ceannródaíoch aige i mbunú an Compántais Amharclainne Aisling Ghéar, Raidió Fáilte, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Meánscoil (Coláiste) Feirste.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán reatha ar Chonradh na Gaeige:
“Thar ceann Chonradh na Gaeilge, an Choiste Ghnó, na gcraobhacha, na foirne agus ár mball ar fad, déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean Bríd, lena mhic Ainle, Cairbre agus Naoise, lena chlann uile, a chuid cairde agus le pobal Gaeilge Bhéal Feirste. Is ríléir do chách an lorg ollmhór a d’fhág Gearóid ar ghluaiseacht na Gaeilge, ní amháin i mBéal Feirste, ach fud fad na hÉireann, le linn a shaoil. Mairfidh an oidhreacht shaibhir sin go deo. Go raibh míle maith agat, a Ghearóid agus suaimhneas síoraí ort.”
Duirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh:
“Tá croithe phobal na Gaeilge i mBéal Feirste faoi bhrón inniu agus muid ag smaoineamh ar Ghearóid Ó Cairealláin, ar a chlann agus ar a chuid cairde go léir. Ní bheadh pobal na Gaeilge, mar a thuigeann muid anois é, ann murach iarrachtaí Ghearóid. Ba cheannródaí pobail, cheannaire sna meáin chumarsáide agus gníomhaí teanga déanta é. Cuimhnimís ar Ghearóid Ó Cairealláin mar mhór-ailtire na hathbheochana. Ní bheadh Lá, Aisling Ghéar, an Chultúrlann, Raidió Fáilte, nó Coláiste Feirste againn, murach Gearóid Ó Cairealláin, gan chaint ar na scórtha de thionscadail agus feachtais eile a thiomáin sé chun cinn ar feadh a shaoil. Bhí ról claochlaitheach aige in athbheochan na teanga, i mBéal Feirste ach go háirithe, áit ar thug sé dúshlán leanúnach an stáit ar son chearta teanga agus comhionannais. Léanfaidh muid ar aghaidh ag troid ar son na Gaeilge, ag tógáil pobail teanga, agus ag samhlú domháin úir, in ónóir ár gcarad, Gearóid Ó Cairealláin.”