Seoladh TINTEÁN go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna Dé hAoine 1 Samhain, feachtas náisiúnta tithíochta a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta.
Tugann an feachtas seo, atá ina chomhiarracht ag Conradh na Gaeilge agus an grúpa feachtais BÁNÚ ó Ghaeltacht Chonamara, pobail Ghaeltachta fud fad na tíre le chéile chun aird a tharraingt ar na riachtanais phráinneacha tithíochta atá ag bagairt ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na réigiún seo.
Tá sé mar aidhm ag feachtas TINTEÁN géarchéim tithíochta na Gaeltachta a chur ar thús cadhnaíochta na bpléití polasaí náisiúnta agus iarrann sé ar rialtas na hÉireann tosaíocht a thabhairt do chearta tithíochta laistigh de cheantair Ghaeltachta, go háirithe agus an tír ag ullmhú don Olltoghchán. Cuireann TINTEÁN béim ar an bpointe go bhfuil réiteach na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht riachtannach chun an Ghaeilge a chaomhnú agus chun tacú le pobail inbhuanaithe.
Ag an ócáid seolta, sheol an craoltóir Dara Ó Cinnéide an feachtas TINTEÁN go hoifigiúil, in éineacht le haoichainteoirí Pádraig Ó Tiarnaigh ón Dream Dearg agus Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, agus Adhna Ní Bhraonáin ó BÁNÚ. Léirigh gach cainteoir an tionchar a bhí ag an ngéarchéim tithíochta ar phobal na Gaeltachta agus tábhacht an fheachtais seo chun cearta tithíochta agus caomhnú cultúrtha a chinntiú. Labhair Pádraig Ó Tiarnaigh freisin faoina thaithí leis an ngrúpa feachtais ‘An Dream Dearg’, ag tarraingt cosúlachtaí idir na gluaiseachtaí agus ag cur béime ar chumhacht na habhcóideachta aontaithe, faoi stiúir an phobail.
Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge Róisín Ní Chinnéide:
“Le blianta tá ráite ag pobal na Gaeltachta go bhfuil géarchéim tithíochta ag réabadh na gceantar seo, agus ag réabadh na Gaelainne dá réir. Ní féidir linn glacadh a thuilleadh le polasaithe rialtais atá ag éascú an léirscriosta. Is le gach duine ar son cearta teangan agus cearta tithíochta an ghluaiseacht TINTEÁN, agus ní mithid dúinn bheith eagraithe sa tréimhse chinniúnach os ár gcomhair. Agus sinn aontaithe fé scáth aon fheachtas náisiúnta amháin, tá cás thar a bheith láidir againn ár n-éilimh a chur chun cinn. ”
Dúirt Adhna Ní Bhraonáin ón ngrúpa feachtais BÁNÚ :
“Tá go leor dul chun cinn dhá dhéanamh leis an bhfeachtas ‘BÁNÚ’ go dtí seo ach teastaíonn brú náisiúnta a chur ar an rialtas agus go seasfadh na Gaeltachtaí ar fad le chéile chun ár n-éilimh a chur chun cinn. Tá súil agam go dtabhafadih iarrathóirí an Olltoghcháin aird ar riachtannais tithíochta mhuintir na Gaeltachta mar atá dá éileamh ag ‘TINTEÁN’.”
X: @CnaG
IG: @tinteandonghaeltacht / @cnagaeilge / @banunagaeltachta
TEAGMHÁLAITHE
Róisín Ní Chinnéide,
Bainisteoir Abhcóideachta
+353 83 4062131 | +353 (0)1 4757401
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe,
H91 A9W8 |
Adhna Ní Bhraonáin,
Oifigeach Caidrimh Poiblí BÁNÚ
+353 83 800 7775 |