Tugann SEAS deis do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí bualadh le grúpaí pobail agus le daoine óna nDáilcheantair maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta
Bhí Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó pháirtithe an rialtais agus ón bhfreasúra i láthair inniu, Dé Céadaoin 03 Iúil, le cloisteáil ón phobal ar mhórcheisteanna práinneacha na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá SEAS (Seisiún Eolais Agus Spreagtha) á eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt leis an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga i mbliana le héilimh a chur faoi bhráid polaiteoirí agus le deis a thabhairt don phobal a bheith i láthair lena mianta áitiúla agus náisiúnta a chur os a gcomhair.
Bhí Conradh na Gaeilge os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag 13:30 inniu chomh maith le héilimh leagtha amach sa Phlean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 a chur i láthair.
I measc na n-éileamh atá á gcur chun cinn ag SEAS24, tá:
- Moladh do Cháinaisnéis 2025: €57m sa bhreis a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
- €16.5m sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta d’infheistíocht agus tacaíochtaí sa Ghaeltacht
- €14.5m sa bhreis d’Fhoras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta d’infheistíocht agus tacaíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht
- €26m sa bhreis do TG4 chun cláracha Gaeilge a fhorbairt agus TG4 a bhogadh i dtreo an bhuiséid céanna le S4C sa Bhreatain Bheag
- Moltaí oideachais: #Gaeilge4All – Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an 3ú Leibhéal
- Go gcomhlíonadh an Rialtas a ghealltanas Clár Rialtais le ‘Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal’ a chur le chéile gan aon mhoill eile agus chuige seo go gcuirfidh an tAire Oideachais grúpa saineolach ar bun láithreach bonn leis an bPolasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais on Luath-Óige go dtí an 3ú Leibhéal a fhorbairt
- Go mbeidh an polasaí nua seo bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach
- Go gcomhlíonfaidh an Rialtas seo a chlár Rialtais féin le líon na ndaltaí ag freastail ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí a dhúbailt (ag tosú leis an 9 gceantar ag lorg Gaelcholáiste neamhspleách)
- Moladh don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht
- Go dtabharfar feidhmeanna soiléire tithíochta d'Údarás na Gaeltachta mar chuid den Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024.
- Go bhfoilseofar na Dréacht-Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, atá geallta ó 2021, láithreach bonn
- Go láidreofar an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 ó thaobh na Gaeltachta de
Ag labhairt faoi SEAS24, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is deis iontach í #SEAS24 le héilimh na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur faoi bhráid polaiteoirí agus ionadaithe tofa. D’éirigh linn an cás a dhéanamh le páirtithe an Rialtas agus leis an bhfreasúra go bhfuil géarghá le maoiniú a mhéadú mar is ceart le Cáinaisnéis 2025. Chuir muid béim ar leith ar an tábhacht le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, mar atá leagtha amach ag feachtas Gaeilge4All, agus rinne muid soiléir nach mbeidh deis chomh maith is atá againn anois le feidhmeanna soiléire tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta mar chuid den Bhille um Údarás na Gaeltachta atá os comhair na Dála faoi láthair.”
Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:
“Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid inmharthanacht na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta a chinntiú do na blianta amach romhainn. Tríd na moltaí atá á gcur chun tosaigh ag Conradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge inniu, is féidir linn tús a chur ar an obair i dtreo na todhchaí sin. Tá éilimh déanta againn go bhfoilseofar na Dréacht-Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, atá geallta ó 2021, láithreach bonn, agus go láidreofar an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 ó thaobh na Gaeltachta de.
Tuigeann muid ar fad go bhfuil géarghá le haghaidh tuilleadh infhéistíochta sa Ghaeltacht le fostaíocht a chruthú agus leis an bpleanáil teanga a fhorbairt ach chomh maith leis sin, is gá cearta an phobail a chosaint sa reachtaíocht. Táimid ag éileamh ar na polaiteoirí ár moltaí a chur i bhfeidhm agus na bearta sin a dhéanamh le fís, le fuinneamh agus le dea-thoil.”
Tá cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean.