Skip to main content

Athbhreithniú Ina Dheis Acht Teanga Níos Éifeachtaí & Níos Cuimsí A Chruthú

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a d'fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD inné (03 Deireadh Fómhair 2011) agus súil ag an eagras an deis a thapú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge níos éifeachtaí agus níos cuimsí a chinntiú do phobal na Gaeilge.

Molann Conradh na Gaeilge go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile. Ní mór an t-éileamh náisiúnta do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoin Acht a chothú ar bhonn pro-ghníomhach freisin, an pobal a chur ar an eolas maidir leis na seirbhísí céanna, agus an tseirbhís Ghaeilge a dhíol leo mar rogha ceart, comhchaighdeánach leis an tseirbhís i mBéarla.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge an-sásta go mbeidh an deis againn dul i gcomhairle leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le cuid de na deacrachtaí a bhí aitheanta againn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla i gcaitheamh na mblianta ó 2003, ní hamháin chun na deacrachtaí seo a phlé agus a réiteach, ach chun Acht níos éifeachtaí agus níos láidre a chinntiú do phobal labhartha na Gaeilge mar chuid den phróiseas athbhreithnithe tráthúil seo."

Molann Conradh na Gaeilge chomh maith go dtabharfaí faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo agus go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Creideann an Conradh go mba chóir go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal freisin.

Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Toisc gur fo-ghníomhairí príobháideacha a chur an scéim rothar don ardchathair i bhfeidhm, mar shampla, ní raibh sé de dhualgas ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chinntiú go raibh seirbhís dhátheangach á soláthar acu leis an scéim Dublin Bikes. Mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní mór tabhairt faoi phoill lámhaigh dá leithéid - rud nach mbeadh aon chostas breise ar an Rialtas lena leasú agus a chur ina cheart - lena chinntiú nach dtiocfar salach ar chearta phobal labhartha na Gaeilge mar sin amach anseo.

"Is é bunchuspóir an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus is gá dúinn a chinntiú nach ndéantar aon mhaolú ar an mbunphrionsabal sin le linn an athbhreithnithe."

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go láidir do dhaoine ar spéis leo an teanga - idir Bhéarlóirí agus Ghaeilgeoirí araon - chun moltaí dá gcuid féin le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus a dhéanamh níos éifeachtaí a chur faoi bhráid an Rialtais roimh 31 Eanáir 2012, agus chun tacú le moltaí an Chonartha.

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.