Skip to main content

Scoth na nEarraí Gaeilge Ar Díol Ag An Siopa Leabhar Don Nollaig

Tá An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag tacú le táirgí déanta in Éirinn agus le carthanais Éireannacha arís i mbliana, leis an réimse is mó de chártaí dátheangacha ar díol mar chuid d'Aonach na gCártaí i 6 Sráid Fhearchair idir seo agus an Nollaig.

Arsa Daragh Ó Tuama, Bainisteoir, An Siopa Leabhar: "Dhíolamar amach na cártaí Nollag ar fad a bhí againn anuraidh, mar sin tá níos mó ná riamh ordaithe don mhí seo agus muid ag tnúth go mbeidh tóir níos mó fós ar Aonach na gCártaí ins An Siopa Leabhar i mbliana!"

Tá An Siopa Leabhar ag tacú le Cumann Ailse na hÉireann agus Aware, carthanas a chabhraíonn le daoine in íslebrí, trí chártaí Nollag dá gcuid a dhíol arís i mbliana. Tá bainisteoir an tSiopa Leabhar ag bailiú airgid d'Action Prostate Ireland trí chroiméal a fhás mar chuid den bhfeachtas Mo'Shamhna, nó Movember, i gcaitheamh na míosa seo freisin.

Tá cártaí leis an gcomhlacht Éireannach Irish Greeting Cards, deartha ag Ann Power, ar díol ins An Siopa Leabhar i measc rogha na gcártaí carthanachta agus eile, ach ní cártaí amháin atá á dtairiscint do phobal na Gaeilge san ardchathair an Nollaig seo; tá réimse leathan leabhar, míreanna mearaí, dlúthdhioscaí agus DVDnna Gaeilge a shásódh gach aoisghrúpa ar díol ann chomh maith.

Arsa Lisa Ní Shuairc, Cúntóir ins An Siopa Leabhar: "Le DVDnna dá leithéid Mise Éire, Saoirse agus Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail, an béirín idirghníomhach BábógBaby agus cluichí boird Scrabble agus Charades as Gaeilge ar díol againn, níl aon amhras ann ach go bhfuil scoth na mbronntanas Éireannacha agus Gaeilge le ceannach ins An Siopa Leabhar i mbliana a chuirfeadh éad ar Dhaidí na Nollag féin fiú!"

Beidh suíomh idirlín úr á sheoladh ag An Siopa Leabhar go luath san Athbhliain freisin, rud a chinnteoidh go mbeidh teacht ag pobal na Gaeilge ar fud na cruinne ar scoth na n-earraí Gaelacha agus is fearr déanta in Éirinn ar-líne amach anseo. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS & ORDUITHE:

Daragh Ó Tuama
Bainisteoir, An Siopa Leabhar
087 2302101 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Lisa Ní Shuairc
Cúntóir, An Siopa Leabhar
01 4783814 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath le 34 bliain anuas ó osclaíodh ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 é i 1976. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne ag: https://cnag.ie/siopa

Am Oscailte: Luan - Aoine 09.30 - 17.30 & Satharn 10.00 - 16.00

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.