Skip to main content

Dearfach 's Diúltach in Óráid an Aire

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltacht roimh a bhí le rá ag an Aire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley TD, i dtaca le dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; leis an lántacaíocht a léirigh an tAire do COGG; agus le deimhniú an Aire go mbeidh a Roinn ag dul i gcomhairle le saineolaithe aitheanta pleanála teanga cosúil leis an Ollamh Colin Williams mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ag an díospóireacht Seanaid Dé Céadaoin seo caite (18 Eanáir 2012).

Arsa Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Thug an tAire McGinley le fios go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil súil aige go mbeidh cinneadh á dhéanamh ag an Rialtas maidir le príomhfheidhmeannach lánaimseartha buan nua á cheapadh ar Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na míosa seo nó go luath ina dhiaidh. Is mór an faoiseamh é sin do mhuintir na nGaeltachtaí fud fad na tíre atá ag brath ar cheannasaíocht ón Údarás le fiontraíocht agus fostaíocht a chothú i gceantair atá ar uairibh imeallaithe agus scoite amach ó thionsclaíocht agus ó bhonneagar na gcathracha."

Ní raibh an chinnteacht chéanna ag baint le ceist Oifig an Choimisinéara Teanga áfach; ní raibh an tAire Gaeltachta soiléir an mbeadh an Rialtas sásta an cinneadh a rinne siad chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí, a tharraingt siar sna sála ar an athbhreithniú Achta.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ábhar dóchais é do phobal na Gaeilge go mbeidh moltaí an Ollaimh Colin H Williams á dtógáil san áireamh san athbhreithniú ar an Acht Teanga, óir is saineolaí mionteangacha mórmheasúil é Williams atá tar éis Seán Ó Cuirreáin agus obair Oifig an Choimisinéara Teanga a aithint agus a mholadh go hard."

"Thug an tAire McGinley le fios go raibh an cinneadh Rialtais maidir leis an gCoimisinéir Teanga "le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht" ach an gciallaíonn sé sin go nglacfaidh an Rialtas treoir ón bpobal leis an gcinneadh sin a fhreaschur, má mholann an pobal go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara neamhspleách ina gcuid aighneachtaí agus suirbhéanna atá á bhfreagairt acu mar chuid den athbhreithniú Achta?"

Aontaíonn Mac Niallais: "Ba mhaith le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith lánchinnte de go n-éistear lena nguth sa phróiseas comhairliúcháin seo, agus má léiríonn siad a muinín in oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga, tá siad ag súil go ndéanfaidh an Rialtas freaschur ar an gcinneadh gan chiall a rinne siad chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcéad dhul síos."

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta nach bhfeidhmeodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar ba chóir gan Oifig an Choimisinéara Teanga reachtúil neamhspleách, agus tá siad ag éileamh ar an Rialtas a gcinneadh chun an oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman a tharraingt siar láithreach. Tá siad ag iarraidh ar phobal na Gaeilge a dtacaíocht a léiriú don Choimisinéir trí pháirt iomlán a ghlacadh san athbhreithniú Achta trí shuirbhéanna agus aighneachtaí a líonadh isteach roimh 31 Eanáir 2012 freisin.

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 6387468

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.