Skip to main content

Bronnadh déanta ar mhic léinn agus grúpaí ollscoile faoi scéim aitheantais Gníomhaí Gaeilge

Aitheantas faighte ag mic léinn ollscoile ó Chonradh na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus an tÚdarás um Ardoideachas

Tháinig bliain oibre chun crích anocht in Óstán Bharra an Teampaill do mhic léinn agus grúpaí ollscoile agus iad ag gníomhú ar son na teanga faoi scéim mheantóireachta agus aitheantais Ghníomhaí Gaeilge. Bronnadh 19 ngradam ar Aontais Mhac Léinn agus ar Chumainn Ghaelacha as an obair atá curtha isteach acu ar a gcampais féin don Ghaeilge le bliain anuas, chomh maith le 27 ngradam bronnta ar mhic léinn aonaracha as obair phearsanta a bheith déanta acu don teanga.

GG 2

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Cosúil le go leor daoine eile, chláraigh mé mar bhall de Chonradh na Gaeilge le linn dom a bheith ar an gcoláiste, cinneadh a chur go mór le mo shaol. Tá an-bhród orm faoin obair a dhéanaimid ar an 3ú leibhéal. Tá ríméad orm go raibh deis againn leanúint leis an gclár iontach Gníomhaí Gaeilge ag tacú lenár gcraobhacha ar an ollscoil an Ghaeilge a chur chun cinn buíochas leis an Údarás um Ard-Oideachas.”

Dúirt Chloe Ní Ruairc, Comhordaitheoir Ghníomhaí Gaeilge:

“Tá áthas an domhain orm a bheith anseo anocht i measc na meantaithe agus na meantóirí uilig a d'oibrigh go díograiseach le linn na bliana chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina n-institiúidí tríú leibhéal agus i measc an phobail chomh maith. Cuireann sé lúchair ormsa mar chomhordaitheoir na scéime gradaim a bhronnadh orthú as ucht an dea-obair seo.”

GG 1

Tá Gníomhaí Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le tacaíocht ó AMLÉ agus an tÚdarás um Ardoideachas i mbliana don dara bliain as a chéile. Cuireadh tús le Gníomhaí Gaeilge le meantóireacht a chur ar fáil dóibh siúd atá ag obair ar son na teanga ag an tríú leibhéal, agus le mic léinn a spreagadh chun gnímh trí chóras aitheantais chur ar bun.

Is féidir clárú do Gníomhaí Gaeilge don bhliain acadúil 23/24 anois ar cnag.ie/gg. Is féidir le daoine aonair, cumainn Ghaelaigh, aontais mac léinn nó aon grúpaí eile laistigh d'institiúid tríú léibhéal clárú don scéim. Is féidir páirt a ghlacadh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. 

GG 3

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.